An tIompar Poiblí

Áirítear Busanna agus seirbhísí DART, Luas agus Iarnróid le gréasán iompair phoiblí TFI in Éirinn.

Baineann a lán tairbhí leis an iompar poiblí a úsáid le haghaidh taisteal chun na hoibre nó chun an champais nó le haghaidh taisteal gnó. Áirítear leo sin plódú laghdaithe, éifeachtúlacht mhéadaithe ama, agus coigiltí costais.

Is féidir leat an Pleanálaí Turais TFI ó Transport for Ireland a úsáid chun do thuras a phleanáil ó dhoras go doras. Leis an bpleanálaí, tugtar pleananna le haghaidh seirbhísí traenach, bus, tram, bád farantóireachta agus tacsaí agus comhcheanglaítear iad ina bpleananna turais soléite. Gníomhaíonn an pleanálaí mar phleanálaí bealaigh ó dhoras go doras agus tá faisnéis aige faoi imeachtaí agus turais atá sceidealaithe ó do láthair reatha agus ó aon phointe sonraithe.

Chun cabhrú leat do thuras a phleanáil, is féidir leat na hAipeanna ó Transport for Ireland atá liostaithe ag bun an leathanaigh seo a íoslódáil freisin.

Taisteal de Bhus

Is ann do roinnt oibritheoirí bus laistigh de ghréasán iompair phoiblí TFI. Le haghaidh bealaí, léarscáileanna, amchlár, táillí, oibritheoirí bus agus faisnéis eile, tabhair cuairt ar ‘Transport for Ireland – Taisteal de Bhus’.

Taisteal d’Iarnród

Tá seirbhísí idirchathrach ann ar fud ghréasán iompair phoiblí TFI agus tá seirbhísí DART agus Comaitéireachta ann freisin. Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi thaisteal de thraein, tabhair cuairt ar ‘Transport for Ireland – Taisteal de Thraein’.

Tá saoráidí páirceála rothar atá ar fáil do chomaitéirí ag a lán stáisiún traenach. Dá bhrí sin, is féidir leat taisteal de rothar chuig an stáisiún traenach agus amach as. Chun cabhrú leat do thuras a thógáil d’iarnród agus de rothar le chéile, lena n-áirítear faisnéis a fháil faoi shaoráidí páirceála rothar, faoi shaoráidí ar iarnród agus faoi áirithintí rothar, tabhair cuairt ar ‘Faisnéis Rothar le haghaidh Taisteal d’Iarnród’, ar faisnéis chuimsitheach í ó Iarnród Éireann.

Taisteal de Thram

Is é Luas seirbhís tram Chathair Bhaile Átha Cliath agus oibríonn sé seirbhís Líne Deirge agus seirbhís Líne Glaise araon. Is é atá sa Luas ná dóigh inbhuanaithe thapa chaoithiúil chun taisteal timpeall Chathair Bhaile Átha Cliath agus a bruachbhailte. Tá saoráidí páirceála carranna ar fáil ag roinnt stáisiún, rud a fhágann gur féidir leat leas a bhaint as seirbhísí ‘Páirceála agus Taistil’ Luas. Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi thaisteal de thram, tabhair cuairt ar ‘Transport for Ireland – Taisteal de Thram’.

Is féidir dóigh chaoithiúil thapa inbhuanaithe chun taisteal timpeall Bhaile Átha Cliath a chruthú trí úsáid an rothair agus taisteal de thram a chomhtháthú. Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoin Luas agus an rothaíocht, tabhair cuairt ar ‘Luas – Páirceáil Rothar’.

Táillí agus Scéimeanna Ticéad

Tríd is tríd, bíonn an táille a íocann tú ar an iompar poiblí bunaithe ar an líon céimeanna a thaistealaíonn tú. Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi struchtúir táillí bus, traenach, tram agus tacsaí, tabhair cuairt ar ‘Transport for Ireland – Táillí’.

Cárta TFI Leap

Is féidir leat táillí níos saoire a fháil trí úsáid a bhaint as Cárta TFI Leap, ar cárta ath-inúsáidte agus réamhíoctha é, ar fud ghréasán iompair phoiblí TFI. Is féidir leat suas le 31% den chostas a shábháil i gcomparáid le táillí airgid thirim aonair. Is cuma cé acu atá tú ag taisteal chun na hoibre nó chun an champais, is ann do roinnt cineálacha difriúla Chártaí Leap agus sheirbhísí Leap ar féidir leat leas a bhaint astu. Le hAip Breisithe Creidmheasa TFI Leap, cuirtear ar do chumas creidmheas a chur go meandrach le do chárta, d’iarmhéid a sheiceáil agus ticéid a chur in áirithe. Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi cén áit ar féidir leat cárta a cheannach, faoi conas creidmheas a chur le cárta agus faoi nithe eile, tabhair cuairt ar ‘TFI – Cárta Leap’.

Taxsaver

Le ticéad Taxsaver, tugtar spreagadh do chomaitéirí an t-iompar poiblí a úsáid le haghaidh turais chun na háite oibre agus amach aisti trí thicéid mhíosúla nó bhliantúla atá saor ó cháin a cheannach.

Baineann fostaithe a ghlacann páirt sa scéim tairbhe as laghdú ar a n-íocaíochtaí cánach agus ÁSPC. Anuas air sin, tá costas na comaitéireachta i bhfad níos saoire dóibh (suas le 52% níos saoire). Faigheann fostaithe ticéid mar chuid dá bpacáiste tuarastail (imghéilleadh tuarastail), in ionad bónas bliantúil airgid, nó mar shochar comhchineáil. Baintear coigiltí amach toisc nach bhfuil na ticéid faoi réir cánach ná ÁSPC.

Is féidir le fostóirí clárú don scéim Taxsaver ar líne agus tosú ar thicéid mhíosúla nó bhliantúla a cheannach le haghaidh a bhfostaithe. Anuas ar chabhrú le fostaithe airgead a shábháil ar a gcomaitéireacht gach mí, is féidir leis an scéim a fhágáil gur lú an gá le spásanna páirceála carranna agus go bhféadfaidh fostóirí suas le 11.05% a shábháil ar ÁSPC an Fhostóra le linn dóibh an asbhaint sin a dhéanamh d’íocaíochtaí tuarastail. Chun tuilleadh faisnéise a fháil, tabhair cuairt ar Taxsaver.ie.

Íoslódáil na hAipeanna atá ar fáil saor in aisce ó Transport for Ireland

Le hAip Breisithe Creidmheasa TFI Leap, cuirtear ar do chumas creidmheas a chur go meandrach le Cárta TFI Leap, d’iarmhéid a sheiceáil, ticéid a bhailiú agus a sheiceáil cé chomh gar is atá tú do d’uasteorainneacha luacha laethúla agus seachtainiúla a shroicheadh.

Is é is Aip Pleanálaí Turais TFI ann ná pleanálaí turais ó dhoras go doras lena soláthraítear faisnéis faoi sheirbhísí, treoracha agus meastacháin ama le haghaidh turas a thógáil ar sheirbhísí ceann ar bith de na soláthraithe ceadúnaithe iompair phoiblí in Éirinn.

Le hAip Fhaisnéis Fíor-Ama Éireann TFI, comhcheanglaítear na seirbhísí faisnéise fíor-ama uile ó Bhus Éireann, ó Bhus Átha Cliath, ó Go-Ahead Ireland, ó Iarnród Éireann agus ó Luas. Tugtar an t-eolas is déanaí go beo leis an aip, rud a chabhraíonn leat do thuras a phleanáil go héifeachtúil.

Leis an Aip TFI Go, cumasaítear do dhaoine a bhfón a úsáid chun ticéid a cheannach go díreach le haghaidh seirbhísí iompair phoiblí in Éirinn. Íoslódáiltear do thicéad chuig an aip agus is féidir é a úsáid chun taisteal láithreach bonn. Ní gá é a phriontáil. Níl le déanamh agat ach é a ghníomhachtú agus é a thaispeáint don tiománaí agus tú ag dul ar bord.

Le hAip Seiceála Tiománaí TFI, cumasaítear d’úsáideoirí a sheiceáil cé acu a cláraíodh nó nár cláraíodh go cuí an fheithicil atá siad chun fruiliú agus cé acu atá nó nach bhfuil ceadúnas cuí ag an tiománaí chun an fheithicil a oibriú.