Grúpa Comhairleach Úsáideoirí Iopair le Bunú ag an Údarás Náisiúnta Iompair

18 November 2021

Tabharfaidh an grúpa comhairle agus moltaí don Údarás ó thaobh úsáideoirí iompair de agus ó thaobh na ndaoine sin a ghabhann don taisteal gníomhach de araon

Tá an tÚdarás Náisiúnta Iompair ag glacadh le hiarratais anois ó dhaoine aonair atá cáilithe go cuí do Ghrúpa Comhairleach nuabhunaithe Úsáideoirí Iompair.

Beidh an Grúpa comhdhéanta de dhaoine a úsáideann an t-iompar poiblí go rialta agus a idirghníomhaíonn leis na modhanna éagsúla, lena n-áirítear seirbhísí traenach, tram, bus agus tacsaí, mar aon le rothaithe agus le coisithe.

Tá sé beartaithe go gcuirfeadh na comhaltaí raon eolais agus taithí leis an nGrúpa agus go dtabharfadh siad don Údarás léargas luachmhar is féidir a úsáid nuair a bheidh beartais á bhforbairt agus cláir á gcur chun feidhme amach anseo.

Dúirt Anne Graham, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin an Údaráis Náisiúnta Iompair:

Tríd an gcainéal díospóireachta seo a oscailt le daoine a úsáideann an t-iompar poiblí agus an taisteal gníomhach go rialta, creidimid go gcabhrófar go mór linn forbairt agus cur chun feidhme a dhéanamh ar straitéisí lena soláthrófar iompar inbhuanaithe inrochtana ardchaighdeáin ar fud na hÉireann”.

Tabharfaidh sé deis uathúil do dhaoine ar fud na n-earnálacha éagsúla sinn a chur ar an eolas faoi na riachtanais atá ag paisinéirí faoi láthair agus faoi na riachtanais a bheidh acu amach anseo. Beidh sé ina acmhainn an-luachmhar don Údarás.”

“Breithniúchán príomha don Údarás Náisiúnta Iompair i gcónaí is ea comhairliúchán, agus tá trí chomhairliúchán mhóra ar bun againn i láthair na huaire, mar atá: Gréasán BusConnects Chorcaí; Éire a Nascadh; agus an Straitéis Iompair do Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath. Beidh an Grúpa Comhairleach Úsáideoirí Iompair ina mhodh eile trína mbeimid in ann tuiscint níos fearr a ghnóthú ar conas is féidir linn an t-iompar poiblí a dhéanamh níos úsáidí do níos mó daoine.

Tá cúig áit déag ar fáil ar an nGrúpa Comhairleach Úsáideoirí Iompair agus tarraingeofar na comhaltaí ó na réimsí earnála seo a leanas:

  • Ceathrar a dhéanann ionadaíocht do na modhanna éagsúla iompair atá ann ar fud na tíre,
  • Duine amháin atá mar chuid de ghrúpa a dhéanann ionadaíocht do leasanna rothaithe,
  • Duine amháin atá mar chuid de ghrúpa a dhéanann ionadaíocht do leasanna coisithe,
  • Triúr ó eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht do leasanna daoine faoi mhíchumas,
  • Duine amháin ó eagraíocht a dhéanann ionadaíocht do leasanna daoine scothaosta,
  • Duine amháin a dhéanann ionadaíocht do leasanna gnó,
  • Duine amháin a dhéanann ionadaíocht do leasanna turasóireachta,
  • Duine amháin a dhéanann ionadaíocht do leasanna mac léinn,
  • Duine amháin a úsáideann Beagfheithiclí Seirbhíse Poiblí (tacsaithe, fruilcharranna, limisíní) go rialta,
  • Duine amháin a bhfuil saineolas aige/aici ar nithe a bhaineann le Nasc Áitiúil.

Tá sé beartaithe téarma dhá bhliain a thabhairt do chomhaltaí den ghrúpa, agus iarrthóirí á roghnú bunaithe ar phróiseas roghnúcháin a sheolfaidh an tÚdarás Náisiúnta Iompair. Is é Dé hAoine an 17 Nollaig an dáta deiridh ar a nglacfar le hiarratais. Tá sé beartaithe an chéad chruinniú de chuid an ghrúpa a thionól go luath sa bhliain 2022.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoin bpróiseas earcaíochta, téigh chuig: https://www.nationaltransport.ie/transport-user-advisory-group/