Saoráil Faisnéise

Foráiltear leis an Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014, go bhfuil na cearta dlíthiúla seo a leanas ag gach duine:

  • An ceart chun rochtain a fháil ar thaifid oifigiúla atá i seilbh Ranna Rialtais agus gach comhlachta phoiblí a chloíonn le forálacha alt 6 den Acht;
  • An ceart go ndéanfaí faisnéis phearsanta a shealbhaítear fúthu a cheartú nó a athrú chun dáta i gcás go bhfuil an fhaisnéis sin neamhiomlán, mícheart nó míthreorach; agus
  • An ceart chun cúiseanna a fháil le breitheanna a thugann comhlachtaí poiblí i gcás go dtéann na breitheanna sin i bhfeidhm orthu.

De bharr na gceart sin, féadfaidh daoine rochtain a iarraidh ar fhaisnéis phearsanta a shealbhaítear fúthu, is cuma cén uair a cruthaíodh an fhaisnéis sin, agus ar thaifid eile a cruthaíodh tar éis an 21 Aibreán 1998.

Faisnéis a Chuirtear ar Fáil mar Chúrsa Gnáthaimh

Is é is aidhm don Acht um Shaoráil Faisnéise rochtain a éascú ar fhaisnéis atá i seilbh comhlachtaí poiblí agus nach gcuirtear ar fáil mar chúrsa gnáthaimh. Cuireann an tÚdarás Náisiúnta Iompair raon leathan faisnéise faoina chuid feidhmeanna, gníomhaíochtaí agus scéimeanna ar fáil mar chúrsa gnáthaimh don phobal.

Díolúintí

Dearbhaítear leis an Acht um Shaoráil Faisnéise an ceart atá ag gach duine chun faisnéis oifigiúil a rochtain, a mhéid is mó is féidir.  Mar sin féin, chun seoladh cuí ghnó an Rialtais a éascú, agus chun aird a thabhairt ar na leasanna atá ag tríú páirtithe atá ag déileáil leis an Rialtas, foráiltear leis an Acht freisin nach gá cineálacha áirithe faisnéise a scaoileadh in imthosca áirithe. Áirítear leo sin taifid a bhaineann leis na nithe seo a leanas:

  • Cruinnithe den Rialtas;
  • Forfheidhmiú an dlí agus sábháilteacht;
  • Faisnéis atá rúnda agus atá íogair ó thaobh na tráchtála de; agus
  • Nithe atá ar áireamh in achtacháin áirithe a gceadaítear neamhnochtadh taifead ina leith.

An Scéim Foilsitheoireachta

D’ullmhaigh an tÚdarás Scéim Foilsitheoireachta de réir alt 8 den Acht. Tugtar sa Scéim faisnéis chuimsitheach faoi róil agus feidhmeanna an Údaráis agus faoi na cineálacha taifead agus faisnéise a shealbhaíonn sé.

Iarraidh Saorála Faisnéise a Dhéanamh

Ba cheart iarrataí a chur isteach i scríbhinn chuig an seoladh seo a leanas:

An tAonad um Shaoráil Faisnéise,

An tÚdarás Náisiúnta Iompair,

Dún Scéine,

Lána Fhearchair,

Baile Átha Cliath 2,

D02 WT20

Ríomhphost: foi@nationaltransport.ie

Teil.: 01 – 879 8300

Foirm Iarratais Saorála Faisnéise – Béarla

Foirm Iarratais Saorála Faisnéise – Gaeilge

Is féidir teagmháil a dhéanamh le Dermot O’Gara, an tOifigeach um Shaoráil Faisnéise, trí ghlao a chur ar 01 879 8300 nó trí ríomhphost a sheoladh chuig foi@nationaltransport.ie.

Ní mór duit a chur in iúl go soiléir go bhfuil an iarraidh á déanamh faoi fhorálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise. Agus an iarraidh á cumadh agat, tabhair an oiread mionsonraí agus is féidir chun baill foirne an Údaráis a chumasú an t-iarratas uait a phróiseáil.

De réir fhorálacha an Achta, is gnách go dtugtar freagraí ar iarrataí saorála faisnéise laistigh de 4 seachtaine ó iad a fháil.

Muirir

Foráiltear le halt 27 den Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014, go bhféadfaidh comhlachtaí saorála faisnéise táillí agus muirir áirithe a ghearradh.

Ba cheart íocaíochtaí a dhéanamh leis an Údarás trí úsáid a bhaint as na modhanna seo a leanas:

  1. Dréacht bainc
  2. Ordú poist airgid
  3. Seic pearsanta

Ba cheart gach cineál íocaíochta a dhéanamh iníoctha leis an Údarás Náisiúnta Iompair.

Is iad seo a leanas na táillí/na muirir reatha:

Uimh. Mír Táille Uaireanta (1) Mionsonraí le haghaidh Muirearú
1 Cuardach agus Aisghabháil Táillí Éagsúla Féach Uimh. 3 Is é €20 in aghaidh na huaire an ráta a mhuirearaítear
2 Cóipeáil
(a) Cóip Páipéir Táillí Éagsúla Féach Uimh. 3 Is é €0.04 in aghaidh na cóipe an ráta a mhuirearaítear
(b) Cóip Leictreonach Táillí Éagsúla Féach Uimh. 3 Is é €10.00 an ráta a mhuirearaítear as CD-ROM.
3 Táillí Cuardaigh agus Aisghabhála agus Cóipeála [2+3] (2)
(a)  ≤ €100 Nialas ≤ 5 Ní mhuirearaítear aon chostais faoi bhun €100.
(b)  ˃ €100 ≤ €500 Táillí Éagsúla ˃ 5 ≤ 25 Muirearófar an méid iarbhír idir €100 agus €500
(c)  ˃ €500 ≤ €700 €500 ˃ 25 ≤ 35 Beag beann ar an méid iarbhír, ní mhuirearófar ach €500
(d)  ˃ €700 Táillí Éagsúla ˃ 35 Más rud é nach n-athrófar an figiúr go faoi bhun €700, muirearófar an costas iomlán nó is féidir go ndiúltófar géilleadh don iarraidh
4 Athbhreithniú Inmheánach €30 Is é €10 an táille do shealbhóirí cárta liachta agus dá gcleithiúnaithe; rud a bheidh iníoctha leis an Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt
5 Achomharc chuig OCF (3) €50 Is é €15 an táille do shealbhóirí cárta liachta agus dá gcleithiúnaithe; rud a bheidh iníoctha le OCF
  1. Tabharfar meastachán ar dtús ar na huaireanta a bheidh ag teastáil chun an Cuardach, an Aisghabháil agus an Chóipeáil a dhéanamh. Agus an muirear á shocrú, áfach, ní chuirfear san áireamh ach na huaireanta a bhí ag teastáil chun na taifid a bhainistiú lena scaoileadh. Tá na huaireanta sa cholún seo tugtha chun críocha treorach, toisc go mbeidh tionchar ag costais chóipeála ar na meastacháin freisin.
  2. Tabharfar na costais iomlána ar Chuardach, ar Aisghabháil agus ar Chóipeáil le chéile chun an muirear iomlán ar gach iarraidh agus an cumas chun an iarraidh a chomhlíonadh a mheas. Is leis na taifid a scaoilfear ar deireadh, agus leis na taifid sin amháin, a bhainfidh an muirear iarbhír.
  3. Oifig an Choimisinéara Faisnéise.

Athbhreithniú Inmheánach

Féadfaidh tú achomharc a dhéanamh in aghaidh aon bhreithe a d’eisigh an tÚdarás i leith iarraidh saorála faisnéise trí úsáid a bhaint as na sonraí teagmhála atá leagtha amach thuas.

Muirearaítear táille €30 (€10 do shealbhóirí cárta liachta) as an gcineál achomhairc sin a dhéanamh. Ní mhuirearaítear aon táille as iarratais a dhéanamh ar Athbhreithniú Inmheánach i gcás go mbaineann siad le faisnéis phearsanta amháin nó le breith a tugadh táille nó éarlais a ghearradh.

I bhformhór na gcásanna, ba cheart iarraidh ar athbhreithniú inmheánach a dhéanamh laistigh de 4 seachtaine ó dháta an fhreagra uainn (féadfar achomhairc dhéanacha a cheadú in imthosca áirithe). Le linn an phróisis athbhreithnithe inmheánaigh, déanfaidh ball foirne athbhreithniú iomlán ar an ní agus féadfaidh sé/sí an bhreith bhunaidh a leasú. Is sinsearaí ról an duine sin ná ról an bhaill foirne a thug an bhreith bhunaidh.

Achomharc chuig an gCoimisinéir Faisnéise

Más rud é go mbeidh tú míshásta leis an mbreith tar éis an phróisis Athbhreithnithe Inmheánaigh, féadfaidh tú achomharc in aghaidh na breithe a dhéanamh i scríbhinn chuig Oifig an Choimisinéara Faisnéise.

Ba cheart achomhairc a chur chuig an seoladh seo a leanas:

An Coimisinéir Faisnéise,

18 Sráid Líosain Íochtarach,

Baile Átha Cliath 2,

D02 HE97.

Teil.: +353 (1) 639 5689

Íosghlao: 1890 25 32 38

Facs: +353 (1) 639 5674

Ríomhphost: info@oic.ie

Is féidir go muirearófar táille €50 (€15 do shealbhóirí cárta liachta) as an gcineál iarratais sin a dhéanamh. Mar an gcéanna, ní mhuirearaítear aon táillí as achomhairc a dhéanamh chuig Oifig an Choimisinéara Faisnéise i gcás go mbaineann siad le faisnéis phearsanta amháin nó le breith a tugadh táille nó éarlais a ghearradh.

Loga Nochta Saorála Faisnéise

Faoi alt 48 den Acht um Shaoráil Faisnéise, tá oibleagáid ar chomhlachtaí aird a bheith acu ar aon Chód Cleachtais Saorála Faisnéise a fhoilseoidh an tAire.  Foráiltear leis an gCód go ndéanfaidh comhlacht poiblí loga a chothabháil agus a fhoilsiú de na hiarrataí saorála faisnéise a gheofar, agus de na taifid a scaoilfear mar fhreagra ar iarrataí den sórt sin, ach amháin i gcás go mbainfidh na hiarrataí le rochtain ar fhaisnéis phearsanta.

Tuilleadh Faisnéise

Tá tuilleadh faisnéise faoi shaoráil faisnéise ar fáil uathu seo a leanas:

  • Oifig an Choimisinéara Faisnéise
  • An Láraonad Beartais sa Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe
  • An tAcht um Shaoráil Faisnéise, 2014
  • Tabhair faoi deara go ndéanfaidh an tÚdarás aon sonraí pearsanta a thabharfaidh tú dúinn a phróiseáil de réir an Fhógra Cosanta Sonraí uainn, atá ar fáil anseo.