Gairmeacha
Eagraíocht dhinimiciúil atá ag fás go tapa is ea an tÚdarás Náisiúnta Iompair. Táimid i mbun roinnt mórthionscadail iontacha a chur chun feidhme faoi láthair. Ina measc sin tá an clár BusConnects, MetroLink, DART+, seirbhísí nua iompair phoiblí, chomh maith leis an teicneolaíocht a thacaíonn leis an gCárta Leap, Faisnéis Fíor-Ama do Phaisinéirí agus an t-aistriú chuig íocaíochtaí gan airgead tirim le haghaidh seirbhísí.
Eagraíocht dhinimiciúil atá ag fás go tapa is ea an tÚdarás Náisiúnta Iompair. Táimid i mbun roinnt mórthionscadail iontacha a chur chun feidhme faoi láthair. Ina measc sin tá an clár BusConnects, MetroLink, DART+, seirbhísí nua iompair phoiblí, chomh maith leis an teicneolaíocht a thacaíonn leis an gCárta Leap, Faisnéis Fíor-Ama do Phaisinéirí agus an t-aistriú chuig íocaíochtaí gan airgead tirim le haghaidh seirbhísí.
Is eagraíocht chuimsitheach é ÚNI a chuireann réimse leathan buntáistí ar fáil d’fhostaithe amhail polasaithe a thacaíonn leis an bhfoireann cothromaíocht a fháil idir a saol baile agus a gcuid oibre.
Tá daoine cumasacha, spreagtha, díograiseacha á n-earcú againn faoi láthair do na poist seo a leanas:
- Bainisteoir Sinsearach Talún agus Réadmhaoine
- Bainisteoir Ceadúnaithe Tiománaithe BFSP
- Oifigeach Comhlíonta agus Riosca
- Innealtóir Tacaíochta Conarthaí
- Bainisteoir Tionscadail um Rialáil Iompair
- Bainisteoir Tionscadail
- Bainisteoir Díoltóirí
- Cuntasóir Airgeadais Sinsearach
- Ceannasaí Foirne um Sheachadadh Seirbhísí
- Ceannaire Oibríochtaí Teicniúla
- Innealtóir Tástála
- Pleanálaí Iompair
- Oifigeach Sinsearach um Eispéiris Custaiméirí
- Oifigeach Feidhmiúcháin Rialáil Iompair
Is féidir le hiarrthóirí rathúla a bheith ag súil le hobair dhúshlánach ach sásúil mar aon le deiseanna oiliúna agus forbartha den scoth.
An dáta deiridh a nglacfar le hiarratais: 12pm meán lae Dé hAoine an 2 Lúnasa 2024.
Chun na leabhráin a íoslódáil, lena n-áirítear foirmeacha iarratais, agus chun tuilleadh eolais a fháil faoi na buntáistí dár bhfostaithe tabhair cuairt ar ár suíomh gréasáin (as béarla).
Tá fás suntasach tagtha ar an ÚNI le blianta beaga anuas. Tá sé tábhachtach dúinne, agus muid ag fás, ár gcroíluachanna agus ár gcultúr a choinneáil go leanúnach, agus timpeallacht oibre nuálaíoch, mheasúil agus uilechuimsitheach a chothabháil. Sin an fáth a bhfuil meas againn ar na daoine a n-oibrímid leo agus go spreagaimid gach duine chun a iad féin ina n-iomláine a thabhairt chun na hoibre, lena gcuirtear ar chumas ár ndaoine barr a gcumas a bhaint amach, ag obair le chéile chun an fheidhmíocht is fearr a dhéanamh ina róil.Táimid tiomanta do thimpeallacht oibre uilechuimsitheach a chur chun cinn agus a chothabháil agus tairgimid roinnt buntáistí agus deiseanna chun tacú leis an tiomantas seo. Ina measc sin, tá polasaithe forásacha maidir le laethanta saoire, forbairt fostaithe, obair chumaisc agus tacaíocht folláine.
Spreagann an ÚNI daoine cumasacha ó gach cúlra cur isteach ar ár róil, agus cuireann siad fáilte roimh na daoine sin. Tá polasaithe agus nósanna imeachta i bhfeidhm againn chun tacú lenár gcur chuige comhdheiseanna, lena gcinntítear nach gcaitear chomh fabhrach le haon fhostaí, le hiarratasóir ar phost nó le páirtí leasmhar. Táimid sásta socruithe réasúnta a dhéanamh d’aon duine faoi mhíchumas le linn an phróisis earcaíochta.