Téarmaí agus Coinníollacha

Déan cinnte de go léifidh tú (dá dtagraítear an tÚsáideoir, tú, aon réamhfhocal sa dara pearsa uatha agus forainm sealbhach an dara pearsa uatha anseo) na TÉARMAÍ AGUS COINNÍOLLACHA ÚSÁIDE seo go cúramach, toisc go rialaítear leo an úsáid a bhaineann tú as Suíomh Gréasáin Dhomhanda an Údaráis Náisiúnta Iompair ag www.nationaltransport.ie (an Suíomh) agus an rochtain atá agat ar an Suíomh. Mura nglacann tú leis na TÉARMAÍ AGUS COINNÍOLLACHA ÚSÁIDE seo, ná bain úsáid as an Suíomh seo.

  1. ÚINÉIREACHT AN tSUÍMH

Tá an Suíomh seo faoi úinéireacht agus faoi oibriú ag an Údarás Náisiúnta Iompair (dá dtagraítear an tÚdarás Náisiúnta Iompair, an tÚdarás, muid/sinn, aon réamhfhocal sa chéad phearsa iolra agus forainm sealbhach na chéad phearsan iolra anseo), lena n-áireofar, i gcás go n-éileoidh an comhthéacs, ár soláthraithe tríú páirtí agus aon pháirtí eile a bhfuil baint aige leis an Suíomh seo a sholáthar nó a chothabháil.

Is comhlacht reachtúil é an tÚdarás Náisiúnta Iompair, a bunaíodh an 1 Nollaig 2009.

  1. OIBRIÚ AN tSUÍMH

Tá an Suíomh seo faoi rialú agus faoi oibriú ag an Údarás Náisiúnta Iompair ónár n-oifig i mBaile Átha Cliath, Éire. Soláthraítear an t-inneachar ar na leathanaigh den Suíomh seo (dá dtagraítear faisnéis nó ábhair) de réir agus faoi réir dhlíthe na hÉireann.  I gcás go mbeidh aon ábhar ar an Suíomh seo, nó an úsáid a bhaineann tú as an Suíomh seo, contrártha do dhlíthe na dlínse ina bhfuil tú lonnaithe, ní bheidh an Suíomh seo ceaptha lena úsáid agat agus iarraimid ort gan úsáid a bhaint as an Suíomh seo. Tá tú freagrach as dlíthe na dlínse ina bhfuil tú lonnaithe a chomhlíonadh.

Forchoimeádann an tÚdarás Náisiúnta Iompair an ceart chun an rochtain atá agat ar an Suíomh seo nó an úsáid a bhaineann tú as an Suíomh seo a fhionraí nó a fhoirceannadh ag am ar bith. Féadfaidh sé an ceart sin a fheidhmiú trí fhógra a thabhairt nó gan fógra a thabhairt. I gcás go dtabharfar fógra, seolfar é chuig an seoladh ríomhphoist a thug tú don Údarás Náisiúnta Iompair agus measfar an fógra a bheith seirbheáilte dhá (2) uair an chloig ón bhfógra a tharchur.

  1. FAISNÉIS FAOIN SUÍOMH, CUSPÓIR AN tSUÍMH AGUS NUASHONRUITHE AR AN SUÍOMH

Oibrítear an Suíomh seo chun faisnéis ghinearálta a sholáthar faoin Údarás Náisiúnta Iompair agus faoina oibríochtaí. Níl an fhaisnéis ar an Suíomh seo ceaptha chun aghaidh a thabhairt ar na riachtanais ar leith atá agat nó chun aon táirgí nó seirbhísí de chuid an Údaráis Náisiúnta Iompair a thairiscint nó a chur chun cinn nó chun iarraidh ar Úsáideoirí na táirgí nó na seirbhísí sin a cheannach nó a dhíol. Ní dhíoltar táirgí agus seirbhísí ach amháin i gcomhréir le dlíthe na ndlínsí ar leith ina ndíoltar iad.

Tá an Suíomh seo, an fhaisnéis atá tugtha ar leathanaigh an tSuímh seo agus na TÉARMAÍ AGUS COINNÍOLLACHA ÚSÁIDE seo faoi réir athrú agus nuashonrú ag an Údarás Náisiúnta Iompair ó am go chéile gan fógra. Ba cheart duit an leagan reatha de na TÉARMAÍ AGUS COINNÍOLLACHA ÚSÁIDE a athbhreithniú go tréimhsiúil, toisc go mbeidh feidhm ag an leagan nuashonraithe maidir le gach úsáid a bhainfidh tú as an Suíomh seo ina dhiaidh seo.

  1. SÉANADH

CÉ GO nDEARNA AN tÚDARÁS NÁISIÚNTA IOMPAIR GACH BEART RÉASÚNACH CHUN CRUINNEAS, SCAIPEADH, INFHAIGHTEACHT, SLÁNDÁIL, CIRTE AGUS IOMLÁINE NA FAISNÉISE ATÁ AR AN SUÍOMH SEO A CHINNTIÚ, SOLÁTHRAÍTEAR AN FHAISNÉIS MAR A BHÍONN SÍ AG AN AM, AR BHONN GACH LOCHTA AGUS MAR A BHÍONN SÍ AR FÁIL. A MHÉID IS MÓ A CHEADAÍTEAR LEIS AN DLÍ IS INFHEIDHME, SÉANANN AN tÚDARÁS NÁISIÚNTA IOMPAIR GACH BARÁNTAS, COINNÍOLL AGUS TÉARMA DE GACH CINEÁL (SEACHAS DUALGAIS MHEOIN MHACÁNTA), BÍODH SIAD SAINRÁITE NÓ INTUIGTHE, LENA N-ÁIRÍTEAR, GAN TEORAINN, BARÁNTAIS INTUIGTHE NÓ COINNÍOLLACHA CÁILÍOCHTA, OIRIÚNACHT DO CHUSPÓIR AR LEITH, TEIDEAL, TAITNEAMH CIÚIN AS CEARTA MAOINE INTLEACHTÚLA NÓ NEAMHSHÁRÚ AR CHEARTA MAOINE INTLEACHTÚLA.

NÍ BHEIDH AON DLITEANAS AR AN ÚDARÁS NÁISIÚNTA IOMPAIR I LEITH AON CHAILLTEANAIS NÓ DAMÁISTE INDÍRIGH NÓ IARMHARTAIGH, CIBÉ SLÍ A N-EASCRÓIDH SIAD, DE BHARR AN FHAISNÉIS SIN A BHEITH Á hÚSÁID AGAT NÓ DE BHARR TÚ A BHEITH AG BRATH AR AN bhFAISNÉIS SIN, CIBÉ ACU A BHEIDH AN MÉID SIN ÚDARAITHE NÓ NACH mBEIDH, A MHÉID IS MÓ A CHEADAÍTEAR LEIS AN DLÍ IS INFHEIDHME, FIÚ AMHÁIN I gCÁS GUR TUGADH FÓGRA DON ÚDARÁS NÁISIÚNTA IOMPAIR FAOIN bhFÉIDEARTHACHT GO N-EASCRÓDH CAILLTEANAS NÓ DAMÁISTE DEN SÓRT SIN. MAIDIR LE DLITEANAS AN ÚDARÁIS NÁISIÚNTA IOMPAIR I LEITH CAILLTEANAS NÓ DAMÁISTE DÍREACH, CIBÉ SLÍ A N-EASCRÓDH SIAD, DE BHARR AN FHAISNÉIS SIN A BHEITH Á hÚSÁID AGAT NÓ DE BHARR TÚ A BHEITH AG BRATH AR AN bhFAISNÉIS SIN, BEIDH SÉ TEORANTA DON FHAISNÉIS A BHEITH Á CEARTÚ NÓ Á hATHSHOLÁTHAR AG AN ÚDARÁS NÁISIÚNTA IOMPAIR.

I gCÁS GO N-ÍOSLÓDÁLFAIDH TÚ AON ÁBHAR ÓN SUÍOMH SEO, IS DE DO ROGHA FÉIN AGUS AR DO PHRIACAL FÉIN A DHÉANFAIDH TÚ AMHLAIDH. IS TUSA AMHÁIN A BHEIDH FREAGRACH AS AON CHAILLTEANAS SONRAÍ NÓ AS AON DAMÁISTE DO DO CHÓRAS RÍOMHAIRE DE BHARR ÍOSLÓDÁIL DEN SÓRT SIN.

NÍ CHEADAÍTEAR I ROINNT DLÍNSÍ BARÁNTAIS ÁIRITHE A EISIAMH NÓ DLITEANAS A THEORANNÚ NÓ A EISIAMH I LEITH BÁIS NÓ DÍOBHÁIL PHEARSANTA. DÁ RÉIR SIN, IS FÉIDIR NACH mBEIDH FEIDHM AG ROINNT DE NA TEORAINNEACHA THUAS MAIDIR LEAT. NÍ DHÉANFAR LEIS NA TÉARMAÍ AGUS COINNÍOLLACHA ÚSÁIDE SEO AON DIFEAR DO NA CEARTA REACHTÚLA ATÁ AG ÚSÁIDEOIRÍ ATÁ AG DÉILEÁIL LEIS AN ÚDARÁS NÁISIÚNTA IOMPAIR MAR THOMHALTÓIRÍ.

  1. NAISC CHUIG SUÍOMHANNA EILE

Téann naisc áirithe ar an Suíomh seo chuig suíomhanna Gréasáin Dhomhanda atá á gcothabháil ag an Údarás Náisiúnta Iompair agus ag tríú páirtithe. Soláthraítear na naisc sin ar mhaithe le háisiúlacht. Ní dhearnamar athbhreithniú ar an bhfaisnéis ar fad ar shuíomhanna den sórt sin agus nílimid freagrach as infhaighteacht nó inneachar aon suíomhanna eile (nó suíomhanna atá nasctha le suíomhanna den sórt sin) nó as aon táirgí nó seirbhísí a thairgtear trí aon suíomhanna eile. Is féidir go mbeidh faisnéis a gcomhaontaíonn nó nach gcomhaontaíonn an tÚdarás Náisiúnta Iompair léi ar shuíomhanna tríú páirtí agus níor cheart a mheas go bhformhuiníonn an tÚdarás inneachar na suíomhanna sin toisc go soláthraíonn sé naisc chucu. Is féidir go mbeidh feidhm ag téarmaí agus coinníollacha difriúla maidir leis an úsáid a bhaineann tú as aon suíomhanna nasctha.

Ní fhéadfaidh tú an Suíomh seo a fhrámú ná nascadh chuige gan ceadú i scríbhinn a fháil ón Údarás Náisiúnta Iompair roimh ré.

  1. POST LEICTREONACH, SLÁNDÁIL AGUS PRÍOBHÁIDEACHT

Rinne an tÚdarás Náisiúnta Iompair bearta atá réasúnach ó thaobh na tráchtála de chun slándáil do chumarsáidí leis an Suíomh seo a chinntiú. Tá mionsonraí faoi na bearta sin leagtha amach sa ráiteas príobháideachta agus slándála ón Údarás Náisiúnta Iompair, atá ar fáil ach é a iarraidh. Níl feidhm ag an ráiteas príobháideachta agus slándála maidir le suíomhanna tríú páirtí.

Agus an Suíomh seo á rochtain, glacann an tÚsáideoir leis gur féidir nach mbeidh post leictreonach a sheoltar thar an Idirlíon saor ó chur isteach ag tríú páirtithe. Dá thoradh sin, ní féidir leis an Údarás Náisiúnta Iompair príobháideacht nó rúndacht aon fhaisnéise a bhaineann leis an Úsáideoir a ráthú agus í á seoladh thar an Idirlíon. Beidh tú freagrach as do chumarsáidí féin leis an Suíomh seo, lena n-áireofar dleathacht, fírinneacht agus cruinneas na gcumarsáidí sin. Go háirithe, ach gan teorainn, níor cheart duit aon ábhar atá neamhdhleathach, bagrach, clúmhillteach nó gáirsiúil nó aon ábhar a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le cion coiriúil agus/nó dliteanas sibhialta in aon dlínse ábhartha a phostáil ar an Suíomh seo. Tá sé de do rogha ar fad aon fhaisnéis a sheoladh chuig an Údarás Náisiúnta Iompair, lena n-áirítear freagraí ar chomhairliúcháin phoiblí nó iarratais ar phoist fostaíochta. Is féidir go bpostálfar an fhaisnéis sin ar an Suíomh seo.

Cé go bhfuil an tÚdarás Náisiúnta Iompair faoi cheangal ag an reachtaíocht cosanta sonraí is infheidhme, féadfaidh an tÚdarás Náisiúnta Iompair faisnéis nach faisnéis phearsanta í a úsáid mar is cuí linn chun feabhas a chur ar ár n-oibríochtaí. Tá an ráiteas príobháideachta agus slándála uainn ar fáil ach é a iarraidh.

  1. FÓGRAÍOCHT

Is féidir go mbeidh fógraíocht nó urraíocht ann sa todhchaí ar chuid den Suíomh nó ar Shuíomhanna eile a oibrítear faoi choimirce an Údaráis Náisiúnta Iompair. Tá fógróirí agus urraitheoirí freagrach as a chinntiú go gcomhlíonann an t-ábhar arna chur isteach lena chuimsiú ar an Suíomh an dlí náisiúnta agus idirnáisiúnta. Ní bheidh an tÚdarás Náisiúnta Iompair freagrach as aon earráid nó míchruinneas in ábhair fógraíochta.

  1. FÓGRA AGUS CEADÚNAS CÓIPCHIRT

Is leis an Údarás Náisiúnta Iompair nó lena cheadúnóirí an fhaisnéis atá ar an Suíomh seo, lena n-áirítear inneachar, rogha agus leagan amach an téacs, íomhánna, grafaicí, beochaintí, físeáin, ceol, fuaimeanna agus ábhair eile, ach gan a bheith teoranta dóibh. Tá siad faoi chosaint ag an dlí náisiúnta agus idirnáisiúnta cóipchirt agus trádmharcanna agus ag dlíthe náisiúnta agus idirnáisiúnta eile. Féadfaidh tú an Suíomh seo a bhrabhsáil agus cóipeanna d’ábhair a phriontáil nó a íoslódáil ar ríomhaire aonair le haghaidh úsáid neamhthráchtála laistigh de do thimpeallacht baile (nó oibre), ar choinníoll go gcoinneoidh aon chóipeanna, bíodh siad meicniúil nó leictreonach, gach fógra cóipchirt agus gach fógra dílsithe eile agus gach séanadh. Ní dheonaítear aon chead chun aon athruithe a dhéanamh ar an bhfaisnéis ar an Suíomh seo agus tá gach ceart nach ndeonaímid go sainráite sna TÉARMAÍ AGUS COINNÍOLLACHA ÚSÁIDE seo ar cosaint.

Maidir leis an gceadúnas teoranta chun ábhair a chóipeáil ar an Suíomh seo, mar atá leagtha amach thuas, ní cheadaítear leis an t-ábhar nó aon chuid de a úsáid in aon saothar nó foilseachán eile, bíodh siad i bhfoirm cruachóipe, i bhfoirm leictreonach nó in aon fhoirm eile. Go háirithe, ach gan teorainn, ní fhéadfar aon ábhair ar an Suíomh seo a chóipeáil nó a dháileadh chun aon chríoch tráchtála. Ní fhéadfar aon ábhair ar an Suíomh seo a atáirgeadh nó a tharchur ar aon suíomh Gréasáin eile nó aon chineál eile córais aisghabhála leictreonaigh nó iad a tharchur chucu nó a stóráil orthu.

  1. FÓGRA TRÁDMHAIRC

Gach ainm táirge, ainm samhla, mana, lógó agus suaitheantas dá dtagraítear ar an Suíomh seo, bíodh siad le feiceáil i gcló mór nó in aice leis an tsiombail TM nó an tsiombail trádmhairc (na Marcanna), is trádmharcanna, marcanna seirbhíse nó ainmneacha trádála de chuid an Údaráis Náisiúnta Iompair nó a chomhpháirtithe, de réir mar is cuí, iad. Tá gach ceart sna Marcanna ar cosaint agus ní dheonaítear d’Úsáideoirí aon cheadúnas nó aon cheart chun iad a úsáid. Ina theannta sin, toirmisctear go sainráite úsáid nó mí-úsáid a bhaint as na Marcanna.

  1. AN DLÍ RIALAITHE

Dearadh an Suíomh seo chun dlíthe na hÉireann a chomhlíonadh. Tá úsáid an tSuímh seo faoi réir dhlíthe na hÉireann (seachas Tuaisceart Éireann), lena rialófar go heisiach léiriú, cur i bhfeidhm agus éifeacht na dTÉARMAÍ AGUS COINNÍOLLACHA ÚSÁIDE seo. Beidh dlínse eisiach ag cúirteanna na hÉireann ar gach éileamh nó díospóid a eascróidh i dtaca leis an Suíomh seo agus lena úsáid, as an Suíomh seo agus as a úsáid nó i ndáil leis an Suíomh seo agus lena úsáid.

I gcás go gcinnfear aon fhoráil de na TÉARMAÍ AGUS COINNÍOLLACHA ÚSÁIDE seo a bheith neamhdhleathach, ar neamhní nó neamh-infhorfheidhmithe ar aon chúis, cinnfear gur cuireadh deireadh leis an bhforáil sin. Ní dhéanfar aon difear do bhailíocht agus inforfheidhmitheacht na bhforálacha eile.

  1. AN COMHAONTÚ IOMLÁN

Is é atá sna TÉARMAÍ AGUS COINNÍOLLACHA ÚSÁIDE seo an comhaontú iomlán idir na páirtithe maidir leis an úsáid a bhaineann tú as an Suíomh seo.

2012 An tÚdarás Náisiúnta Iompair, gach ceart ar cosaint · Téarmaí agus Coinníollacha Úsáide ·