Ceadúnú bus

Cad a dhéanaimid

Faoin Acht um Rialáil Iompair Phoiblí 2009 (Acht 2009), tá an tÚdarás Náisiúnta Iompair freagrach as seirbhísí bus poiblí do phaisinéirí a cheadúnú. Tugtar ‘seirbhísí bus tráchtála’ ar sheirbhísí bus poiblí ceadúnaithe do phaisinéirí go minic toisc go n-oibrítear iad gan aon fhóirdheontas poiblí ón Údarás. Tugtar ‘ceadúnais bhealaigh’ orthu freisin toisc go ndéanann an tÚdarás bealaí difriúla a cheadúnú ar bhonn aonair.

In Acht 2009, sainmhínítear seirbhísí bus poiblí do phaisinéirí mar sheirbhísí a úsáidtear ar shlí:

  • Ina bhfuil gach turas á n-úsáid ag daoine den phobal,
  • Ina n-íoctar muirear nó muirir i leith gach paisinéara, agus
  • Ach amháin mar a gcinnfidh an tÚdarás a mhalairt:
    • Ina soláthraítear an tseirbhís ar bhonn rialta agus sceidealta, agus
    • Ina soláthraítear iompar do phaisinéirí idir pointí cinn scríbe sonraithe nó feadh cúrsa shonraithe nó thairis sin de réir amchláir fhoilsithe.

Áirítear iad seo a leanas leis na seirbhísí bus nach bhfuil ceadúnas ag teastáil ina leith:

  • Seirbhísí a sholáthraítear chun leanaí a iompar chun na scoile nó uaithi agus chun na críche sin amháin, gan an t-oideachas tríú leibhéal a áireamh
  • Seirbhísí atá faoi réir conradh i leith seirbhísí iompair phoiblí a dhéanamh leis an Údarás, ar conradh é a dhéantar faoin Acht um Údarás Iompair Bhaile Átha Cliath 2008
  • Seirbhísí idirnáisiúnta

Sa chleachtas, ciallaíonn sé sin go bhfuil ceadúnas ag teastáil i leith na seirbhísí seo a leanas: seirbhísí sceidealta rialta (lena n-áirítear seirbhísí do mhic léinn), seirbhísí a théann go himeacht sonrach nó go hionad sonrach (e.g. ceolchoirmeacha) agus seirbhísí atá spriocdhírithe ar ghrúpa sonrach paisinéirí (e.g. turasóirí, freastalaithe ar imeacht sóisialta).

Féadfaidh aon duine a bhfuil deimhniú imréitigh cánach aige nó aici iarratas a dhéanamh ar cheadúnas. Féadfaidh iarratasóirí nach bhfuil Ceadúnas Oibritheora Iompair de Bhóthar ina seilbh acu iarratas a dhéanamh a luaithe a chruthóidh siad go bhfuil acmhainn acu an tseirbhís a sholáthar. A luaithe a gheobhaidh an tÚdarás an t-iarratas iomlán agus a bhailíochtóidh sé é, breithneoidh sé é ar aon dul le ceanglais Acht 2009 sula dtabharfaidh sé breith.

Ceanglaítear ar an Údarás aird a thabhairt ar na nithe seo a leanas, i measc nithe eile:

  1. An t-éileamh nó an t-éileamh ionchasach atá ann ar na seirbhísí bus poiblí do phaisinéirí dá dtagraítear san iarratas, agus riachtanais tomhaltóirí á mbreithniú
  2. Aon seirbhísí bus poiblí láithreacha do phaisinéirí atá ar an mbealach nó i gcomharsanacht an bhealaigh a ndéanfaidh na seirbhísí bus poiblí beartaithe do phaisinéirí freastal air.
  3. An tionchar a bheadh ag an tseirbhís bheartaithe ar sheirbhísí iompair phoiblí do phaisinéirí atá faoi réir conartha i leith seirbhísí iompair phoiblí ar an mbealach beartaithe nó i gcomharsanacht an bhealaigh bheartaithe.

Féadfaidh an tÚdarás trí bhreith a thabhairt:

  1. Na seirbhísí beartaithe a dheonú go hiomlán; nó
  2. Na seirbhísí beartaithe a dheonú go páirteach, lena n-áirítear codanna áirithe den iarratas a dhiúltú, amanna difriúla seirbhíse a thairiscint agus láithreacha difriúla stad a thairiscint; nó
  3. An t-iarratas a dhiúltú go hiomlán.

A luaithe a thabharfar fógra don iarratasóir faoin mbreith ón Údarás, beidh trí rogha aige nó aici:

  1. Glacadh leis an mbreith agus na doiciméid agus/nó na táillí riachtanacha uile a chur isteach chun go bhféadfar an ceadúnas a eisiúint; nó
  2. Achomharc a dhéanamh i gcoinne na breithe laistigh de 21 lá ó fhógra a fháil faoin mbreith. Déanfaidh oifigeach achomhairc a sannfaidh an Príomhoifigeach Feidhmiúcháin é nó í athbhreithniú ar an iarratas ansin; nó
  3. An t-iarratas a chealú.

Is féidir go n-áireofar iad seo a leanas leis na doiciméid a bheidh ag teastáil a luaithe a ghlacfar le tairiscint:

  • Ceadú ón Údarás Bóithre iomchuí nó ón úinéir talún iomchuí (i gcás maoine príobháidí) le haghaidh gach ceann de na stadanna beartaithe bus.
  • Mionsonraí faoi aon socruithe fochonraitheoireachta atá beartaithe.
  • Cruthúnas ar árachas bailí le haghaidh an tseirbhís cheadúnaithe a sholáthar.
  • Cruthúnas ar dheimhniú/deimhnithe Tástála Ródacmhainneachta Feithiclí Tráchtála le haghaidh gach feithicle.
  • Cruthúnas ar cheadúnas/ceadúnais Feithicle Seirbhíse Poiblí le haghaidh gach feithicle.