Theanntáil Feithiclí

Réamhrá

An reachtaíocht um theanntáil feithiclí, atá comhdhéanta den Acht um Theanntáil Feithiclí, 2015, agus de na Rialacháin um Theanntáil Feithiclí agus Comharthaíocht 2017, tháinig sí in éifeacht an 1 Deireadh Fómhair 2017.

Is é aidhm na reachtaíochta ná gníomhaíochtaí teanntála a rialáil in áiteanna teanntála reachtúla agus neamhreachtúla (príobháideacha) ar fud an Stáit. Is é an tÚdarás Náisiúnta Iompair a fhorfheidhmíonn an reachtaíocht.

De réir na reachtaíochta, bhunaigh an tÚdarás Náisiúnta Iompair Cód Cleachtais reachtúil chun na gcríoch seo:

(a) Treoir phraiticiúil a thabhairt do rialaitheoirí loctha agus d’oibritheoirí teanntála maidir le comhlíonadh na reachtaíochta; agus

(b) Caighdeáin a bhunú i dtaca lena n-iompraíocht ghinearálta, le comhlíonadh dualgas agus le hiompar.
Tá an Cód Cleachtais in éifeacht ón 1 Eanáir 2020 i leith.

Achomhairc Theanntála

Faoin reachtaíocht, tá úinéir na feithicle an duine atá ag rialú na feithicle a rinneadh a theanntáil nó a athshuíomh (an gluaisteánaí) i dteideal achomharc a dhéanamh i gcoinne na breithe an fheithicil a theanntáil nó a athshuíomh.

Bunaíodh próiseas achomhairc dhá chéim chun na críche sin:

  1. An Próiseas Achomhairc Chéadchéime

Ní mór don ghluaisteánaí achomharc céadchéime a dhéanamh i scríbhinn nó trí ríomhphost/ar líne, chuig an rialaitheoir loctha a bhí freagrach as an bhfeithicil a theanntáil/a athshuíomh. Ní mór don rialaitheoir loctha faisnéis faoi conas an t-achomharc céadchéime a dhéanamh a chur ar fáil don ghluaisteánaí. Is gnách go gcuirtear an fhaisnéis sin ar fáil ar an bhfógra teanntála nó ar an admháil le haghaidh íoc an mhuirir scaoilte teanntáin.

Ní mór an t-achomharc céadchéime a dhéanamh tráth nach déanaí ná 60 lá ó theanntáil/athshuíomh na feithicle, agus ba cheart é a chur isteach ar an mbealach atá sonraithe ag an rialaitheoir loctha. Ceanglaítear ar an rialaitheoir loctha ansin an bhreith uaidh/uaithi a thabhairt agus an toradh a chur in iúl don ghluaisteánaí i scríbhinn. Ní mór é sin a dhéanamh laistigh de 21 lá ón achomharc céadchéime a fháil.

2.     An Próiseas Achomhairc Dara Céim

Maidir le gluaisteánaithe nach bhfaigheann toradh fabhrach ón bpróiseas achomhairc chéadchéime, tá siad i dteideal achomharc eile (achomharc dara céim) a dhéanamh chuig an Oifigeach Achomhairc Teanntála arna ainmniú ag an Údarás Náisiúnta Iompair.

TABHAIR FAOI DEARA: Ní fhéadfar an próiseas achomhairc dara céim a rochtain go dtí go mbeidh achomharc céadchéime déanta chuig an rialaitheoir loctha agus go mbeidh breith tugtha ag an rialaitheoir loctha air. Ní mór duit cóip den bhreith ón rialaitheoir loctha a chur ar áireamh i dteannta d’achomhairc dara céim.

Is féidir achomharc dara céim a dhéanamh ach an Fhoirm um Achomharc chuig an Oifigeach Achomhairc Teanntála a chomhlánú (ina hiomláine agus na treoracha faoi iamh a leanúint) agus an fhoirm a sheoladh ar ais, i dteannta aon doiciméad tacaíochta iomchuí, chuig an Rannán um Rialáil Teanntála den Údarás Náisiúnta Iompair trí chasadh an phoist nó trí ríomhphost (tá na seoltaí iomchuí leagtha amach san fhoirm).

Ní mór an fhoirm chomhlánaithe lámhshínithe a bheith faighte ag an Údarás Náisiúnta Iompair laistigh de 30 lá ón lá ar a bhfuarthas an litir ina dtugtar an bhreith ón rialaitheoir loctha ar an achomharc céadchéime. Meastar go dtosaíonn an tréimhse 30 lá ar an lá ar a bhfaigheann an gluaisteánaí an bhreith ar an achomharc céadchéime.

Ceanglaítear ar an Oifigeach Achomhairc Teanntála breith a thabhairt ar achomharc incháilithe dara céim laistigh de 42 lá uathu seo:

(a) An t-achomharc comhlánaithe a fháil; nó

(b) Aon fhaisnéis bhreise a iarrtar a fháil; nó

(c) Dáta éaga na tréimhse ama le haghaidh aon fhaisnéis bhreise a iarrtar a fháil, cibé acu is déanaí.

Is ar fáil le híoslódáil i mBéarla agus i nGaeilge araon atá tuilleadh faisnéise faoin Nós Imeachta Achomhairc. Is ar fáil freisin le híoslódáil i nGaeilge atá an Fhoirm um Achomharc chuig an Oifigeach Achomhairc Teanntála.

Gearáin maidir le Teanntáil

De bhreis ar an bpróiseas achomhairc dhá chéim atá leagtha amach thuas, ceanglaíodh ar an Údarás Náisiúnta Iompair leis an reachtaíocht um theanntáil feithiclí Nós Imeachta um Ghearáin a bhunú chun breithniú a dhéanamh ar ghearáin ó dhaoine den phobal maidir leo seo:

  • Comhlíonadh freagrachtaí ag rialaitheoirí loctha.
  • Iompar, iompraíocht agus aithint oibritheoirí teanntála.
  • Moill nach gá ag rialaitheoirí loctha nó oibritheoirí teanntála ar fhreagra a thabhairt ar ghearáin nó ar chumarsáid eile ó dhaoine den phobal.
  • Aithint feithiclí arna n-úsáid ag oibritheoirí teanntála (lena n-áirítear lógónna, greamáin agus fógra ar na feithiclí sin).

Is féidir gearán maidir le teanntáil a dhéanamh ach an Fhoirm um Ghearáin maidir le Teanntáil a chomhlánú (ina hiomláine agus na treoracha faoi iamh a leanúint) agus an fhoirm a sheoladh ar ais, i dteannta aon doiciméad tacaíochta iomchuí, chuig an Rannán um Rialáil Teanntála den Údarás Náisiúnta Iompair trí chasadh an phoist nó trí ríomhphost (tá na seoltaí iomchuí leagtha amach san fhoirm).

Ní mór an fhoirm chomhlánaithe lámhshínithe a bheith faighte ag an Údarás Náisiúnta Iompair laistigh de 60 lá ón ócáid is cúis leis an ngearán. Meastar go dtosóidh an tréimhse 60 lá ar lá na hócáide.

Ceanglaítear ar an Údarás Náisiúnta Iompair breith a thabhairt ar aon ghearáin incháilithe laistigh de 42 lá uathu seo:

(a) An gearán comhlánaithe a fháil; nó

(b) Aon fhaisnéis bhreise a iarrtar a fháil; nó

(c) Dáta éaga na tréimhse ama le haghaidh aon fhaisnéis bhreise a iarrtar a fháil, cibé acu is déanaí.

Is ar fáil le híoslódáil i mBéarla agus i nGaeilge araon atá tuilleadh faisnéise faoin Nós Imeachta um Ghearáin. Is ar fáil freisin le híoslódáil i nGaeilge atá an Fhoirm um Ghearáin maidir le Teanntáil.

Meastóireacht ar Chomhlíonadh na Comharthaíochta in Áiteanna Teanntála

Ina ról mar rialálaí ar ghníomhaíochtaí teanntála sa Stát, déanann an tÚdarás Náisiúnta Iompair meastóireachtaí teicniúla ar chomhlíonadh na comharthaíochta in áiteanna teanntála. Cuirtear aon neamhchomhlíonadh in iúl do rialaitheoirí loctha agus tugtar méid réasúnach ama dóibh chun na hathruithe riachtanacha nó an obair deisiúcháin riachtanach a dhéanamh.

I gcás nach ndéanfar aon iarracht fhiúntach an neamhchomhlíonadh sainaitheanta a shainaithint laistigh den tréimhse arna tabhairt, déanfar gníomh forfheidhmiúcháin in aghaidh an rialaitheora loctha.

Forfheidhmiú

Féadfaidh an tÚdarás Náisiúnta Iompair imeachtaí a thabhairt ar aghaidh freisin in aghaidh rialaitheoirí loctha agus oibritheoirí clampála i leith sáruithe ar na hoibleagáidí reachtúla eile a leagtar síos in Acht 2015 agus i Rialacháin 2017.

Is féidir go dtiocfaidh na gníomhartha forfheidhmiúcháin sin as achomharc teanntála dara céim agus gearáin a chur isteach, as fiosruithe neamhspleácha arna dtionscnamh ag an Údarás Náisiúnta Iompair nó as gníomhaíochtaí eile, nó is féidir go mbeidh na gníomhartha forfheidhmiúcháin bunaithe orthu sin.

Foirmeacha agus Nósanna Imeachta

English
Gaeilge