Sheirbhísí Iompair Phoiblí

Is é an tÚdarás Náisiúnta Iompair (an tÚdarás) an t-údarás iompair do Mhórlimistéar Bhaile Átha Cliath agus an ghníomhaireacht ceadúnúcháin iompair phoiblí d’Éirinn.

Is é an bhrí atá leis sin ná go bhfuil baint ag an Údarás le seirbhísí iompair phoiblí a sholáthar agus a chonrú, lena n-áirítear:

Chomh maith leis sin, is é an tÚdarás an t-údarás ceadúnúcháin do sheirbhísí bus tráchtála agus don tionscal beagfheithicle seirbhíse poiblí – tacsaithe, fruilchairr agus limisíní.

Ós rud é nach bhfuil baint ag an Údarás le gnáthoibríochtaí laethúla na seirbhísí sin, molaimid d’úsáideoirí dul i dteagmháil leis na hoibritheoirí sin go díreach má bhíonn aon cheisteanna acu maidir lena seirbhísí.