Rochtain ar Fhaisnéis Comhshaoil

Treoir 2003/4/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2003 maidir le rochtain phoiblí ar fhaisnéis comhshaoil agus lena n-aisghairtear Treoir 90/313/CEE ón gComhairle.

Le Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol), 2007 go 2011, tugtar cearta dlíthiúla dóibh sin atá ar lorg rochtain ar fhaisnéis comhshaoil ó údaráis phoiblí.

D’ullmhaigh an tAire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil treoir d’údaráis phoiblí agus do dhaoine eile maidir le cur chun feidhme na Rialachán.

Faisnéis Ghinearálta

Faoi réir eisceachtaí áirithe, ní mór faisnéis maidir leis an gcomhshaol atá i seilbh údaráis phoiblí, nó atá á sealbhú thar a cheann, a chur ar fáil ach í a iarraidh.

Tugtar sainmhíniú ar fhaisnéis comhshaoil sna Rialacháin agus tugtar breac-chuntas iontu ar an dóigh a bhféadfar iarrataí ar fhaisnéis a chur faoi bhráid údaráis phoiblí. Foráiltear leis na Rialacháin freisin do nós imeachta foirmiúil achomhairc i gcás go mbeidh duine míshásta le breith a tugadh maidir leis an iarraidh uaidh/uaithi.

Ceisteanna Coitianta

Cad é an difear idir na Rialacháin um Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol agus na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise?

Oibrítear na Rialacháin um Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol i gcomhthreo leis na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise, 1997 agus 2003. Cé go bhfuil an dá chód reachtacha cosúil lena chéile den chuid is mó (a mhéid a bhaineann siad le faisnéis comhshaoil), ní ionann na Rialacháin agus na hAchtanna toisc gur leithne an raon údarás poiblí a chumhdaítear leis na Rialacháin ná iad sin a chumhdaítear leis an reachtaíocht um shaoráil faisnéise. Tá difríochtaí ábhartha ann freisin i ndáil leis na forais ar a bhféadfar diúltú géilleadh do rochtain ar fhaisnéis faoin dá chód reachtacha.

Cé na húdaráis phoiblí atá faoi réir na Rialachán um Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol?

Faoi na Rialacháin a eisíodh sa bhliain 2011, ceanglaítear ar an Aire liosta táscach a fhoilsiú de na húdaráis phoiblí atá faoi réir na Rialachán um Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol. Is iad sin:

  1. Ranna Rialtais, e.g. an Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil
  2. Údaráis áitiúla, e.g. Comhairle Contae Chorcaí
  3. Gníomhaireachtaí neamhthráchtála stáit, e.g. an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil
  4. Gníomhaireachtaí tráchtála stáit, e.g. EirGrid
  5. Comhlachtaí rialála, e.g. an Coimisiún um Rialáil Fuinnimh

An muirearaítear aon táille as iarraidh ar fhaisnéis a chur isteach faoi na Rialacháin um Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol?

Ní mhuirearaítear aon táille thosaigh agus iarraidh ar fhaisnéis á cur isteach faoi na Rialacháin.

An muirearaítear aon táille as faisnéis a sholáthar faoi na Rialacháin um Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol?

Ar aon dul leis na Rialacháin, féadfaidh údarás poiblí táille réasúnach a mhuirearú as faisnéis comhshaoil a sholáthar de réir na Rialachán.

Ríomhfar an táille tráth a gheofar an iarraidh. Ríomhfar í bunaithe ar an méid oibre a bheidh i gceist le faisnéis a thiomsú i gcás nach raibh an fhaisnéis ar fáil i bhformáid inrochtana roimhe sin. Is é €20 in aghaidh na huaire an táille a mhuirearaítear ina leith sin.

Má theastaíonn cruachóipeanna ó iarrthóirí, muirearófar táille 4c in aghaidh na bileoige. Má theastaíonn dlúthdhioscaí ó iarrthóirí, muirearófar táille €10 in aghaidh an dlúthdhiosca.

Tráth a gheofar an iarraidh uathu, tabharfar fógra i scríbhinn d’iarrthóirí faoi na táillí a bheidh i gceist. Beidh orthu éarlais 20% a íoc leis an Údarás Náisiúnta Iompair sula gcuirfear tús leis an obair a bheidh i gceist. Beidh deis ag an iarrthóir an iarraidh uaidh/uaithi a athbhreithniú nó a leasú ag an gcéim seo. Ní chuirfear tús leis an bpróiseas go dtí go bhfaighidh an tÚdarás an éarlais. Ba cheart a thabhairt faoi deara gur bunaithe ar an dáta a fuarthas an éarlais a chinnfear an dáta a thabharfar an bhreith dheiridh maidir leis an iarraidh (de ghnáth, tabharfar an bhreith dheiridh laistigh de mhí amháin ón iarraidh a bheith faighte ag an Údarás).

Beidh an chuid eile den táille dlite tar éis an fhaisnéis a iarradh a thiomsú agus a chóipeáil agus sula scaoilfear chuig an iarrthóir í.

Tá an tÚdarás tiomanta dá chinntiú, mar riail ghinearálta, nach mó na táille sin ná na costais iarbhír a bhaineann leis an ábhar atá i gceist a tháirgeadh.

Conas a sholáthróidh an tÚdarás Náisiúnta Iompair faisnéis saor in aisce?

Ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfar táillí i leith faisnéis a sholáthar a tharscaoileadh i gcás go measfar go mbeidh an costas níos lú ná 10.00 euro.

I gcás go mbeidh iarrthóirí in ann amharc ar na doiciméid a theastaíonn ar an láithreán in oifigí an Údaráis, ní mhuirearófar aon táille as na taifid sin a rochtain. Tá sé sin ar leithligh ón táille atá luaite thuas, áfach.

Is féidir rochtain leictreonach a thabhairt d’iarrthóirí saor in aisce tríd an ríomhphost. Tá sé sin ar leithligh ó na táillí atá luaite thuas, áfach.

Conas is féidir liom iarraidh a dhéanamh faoi na Rialacháin um Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol?

Ba cheart iarratais ar fhaisnéis comhshaoil faoi na Rialacháin a dhéanamh i scríbhinn chuig an duine seo a leanas:

An tOifigeach Faisnéise,
Dún Scéine,
Lána Fhearchair,
Baile Átha Cliath 2
D02 WT20

trí ríomhphost a sheoladh chuig AEI@nationaltransport.ie

Ba cheart duit na nithe seo a leanas a dhéanamh san iarraidh uait:

  • A lua go bhfuil an t-iarratas á dhéanamh faoi na Rialacháin um Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol, 2007;
  • Sonraí teagmhála lae a thabhairt; agus
  • An fhaisnéis comhshaoil ar leith a theastaíonn agus an fhoirm agus an modh rochtana is fearr leat a shonrú go soiléir.

De ghnáth, tabharfar fógra faoi bhreitheanna maidir le hiarrataí a rinneadh faoi na Rialacháin laistigh de mhí amháin ó iad a bheith faighte ag an Údarás.

Cad is féidir liom a dhéanamh i gcás go mbeidh mé míshásta le breith a tugadh maidir leis an iarraidh uaim?

I gcás go gceapfaidh tú gur diúltaíodh géilleadh go hiomlán nó go páirteach don iarraidh uait ar fhaisnéis comhshaoil, nó go gceapfaidh tú nár déileáladh go cuí ar shlí eile leis an iarraidh uait de réir na Rialachán um Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol, féadfaidh tú, tráth nach déanaí ná mí amháin tar éis an bhreith a fháil, iarraidh ar an Údarás Náisiúnta Iompair athbhreithniú inmheánach a dhéanamh ar an mbreith go páirteach nó go hiomlán.

Ní mhuirearófar aon táille as an bpróiseas athbhreithnithe inmheánaigh.

Laistigh de mhí amháin ón iarraidh a fháil, eiseofar toradh i scríbhinn ar an athbhreithniú chugat, rud ina dtabharfar fógra duit faoin mbreith agus faoin gcúis leis an mbreith agus ina gcuirfear in iúl duit go mbeidh sé de cheart agat achomharc a dhéanamh chuig an gCoimisinéir um Fhaisnéis Comhshaoil, lena n-áirítear na teorainneacha ama agus na táillí a bhaineann le hachomharc den sórt sin.

Conas is féidir liom achomharc a dhéanamh chuig an gCoimisinéir um Fhaisnéis Comhshaoil?

Ba cheart achomharc i scríbhinn a chur faoi bhráid an Choimisinéara um Fhaisnéis Comhshaoil ag an seoladh seo a leanas:

Oifig an Choimisinéara um Fhaisnéis Comhshaoil,
18 Sráid Líosain Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2.

Teileafón: +353 (0)1 639 5689

Tá tuilleadh sonraí teagmhála agus tuilleadh faisnéise faoi Oifig an Choimisinéara um Fhaisnéis Comhshaoil ar fáil ar shuíomh Gréasáin Oifig an Choimisinéara Faisnéise.

Ceanglaítear leis na Rialacháin um Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol go muirearófaí táille 150 euro as achomharc a dhéanamh chuig an gCoimisinéir um Fhaisnéis Comhshaoil. Mar sin féin, foráiltear leo do tháille laghdaithe achomhairc 50 euro a mhuirearú ar shealbhóirí cárta liachta agus ar a gcleithiúnaithe. Foráiltear leo freisin don táille laghdaithe sin a mhuirearú ar dhaoine nach raibh ina bpáirtí san iarraidh bhunaidh ar rochtain ar fhaisnéis agus atá ag déanamh achomharc in aghaidh breithe faisnéis a scaoileadh toisc go measann siad go rachaidh sé sin i bhfeidhm orthu.

Tuilleadh Faisnéise

Treoirnótaí maidir leis na Rialacháin um Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol, 2007 go 2011

Tá tuilleadh faisnéise faoi na Rialacháin um Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol agus faisnéis níos mionsonraithe ar na Ceisteanna Coitianta thuas leagtha amach sna Treoirlínte Oifigiúla a ghabhann leis na Rialacháin um Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol. Is é is aidhm do na Treoirlínte sin cabhair agus treoir a thabhairt d’údaráis phoiblí maidir le cur chun feidhme na Rialachán agus d’iarratasóirí atá ag iarraidh faisnéis comhshaoil a rochtain.

Cabhair agus Iarrataí á nDéanamh

Beidh an treoir ón Údarás Náisiúnta Iompair maidir lena chuid feidhmeanna, taifead, rialacha agus cleachtas ina hacmhainn úsáideach agus iarrataí ar fhaisnéis comhshaoil á n-ullmhú.

Má bhíonn aon cheisteanna agat, is féidir teagmháil a dhéanamh leis an Aonad um Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol trí ríomhphost a sheoladh chuig AEI@nationaltransport.ie