Ceisteanna Ginearálta

Chun aiseolas a thabhairt, tuairimí a chur in iúl nó gearán a dhéanamh, comhlánaigh an fhoirm ábhartha ar shuíomh Gréasáin Iompar d’Éirinn.

Tá gach réamhchúram riachtanach á nglacadh ag an Údarás Náisiúnta Iompair i leith Covid-19. Oibreoidh baill foirne go cianda fad a bheidh ár bhfoirgnimh oifigí dúnta.

Seol an post ar fad agus gach earra isteach chuig príomhoifig an Údaráis:

An tÚdarás Náisiúnta Iompair
Dún Scéine
Lána Fhearchair
Baile Átha Cliath 2
D02 WT20

National Transport Authority
Dún Scéine
Harcourt Lane
Dublin
D02 WT20

 

Teil.: +353 1 879 8300

Facs: +353 1 879 8333

Líne Faisnéise do Thacsaithe: 0818 064 000

 

Nósanna Imeachta Gearán

Céim 1

Má tá gearán agat, déan teagmháil leis an oifigeach lena raibh tú ag déileáil.

Is féidir leat é sin a dhéanamh thar an teileafón, tríd an ríomhphost nó i scríbhinn.

Céim 2

Más rud é gur bhain tú triail as sin cheana féin agus go bhfuil tú míshásta leis an toradh, is féidir leat gearán foirmiúil a dhéanamh i scríbhinn le ceann na rannóige/an rannáin lena raibh tú ag déileáil.

Is é an sprioc atá againn go n-admhófar do ghearán laistigh de 5 lá oibre agus go n-eiseofar freagra iomlán chugat laistigh de 20 lá oibre.

Céim 3

Más rud é go bhfuil tú fós míshásta leis an bhfreagra a fuair tú, nó nach bhfuair tú freagra laistigh de thréimhse ama réasúnach, is féidir leat teagmháil a dhéanamh lenár n-oifigeach gearán.

An tOifigeach Gearán
An tÚdarás Náisiúnta Iompair
Dún Scéine
Lána Fhearchair
Baile Átha Cliath 2
D02 WT20

Teil.: 01 879 8300
Ríomhphost: complaints@nationaltransport.ie

Moltar duit na nósanna imeachta atá leagtha amach thuas a leanúint agus gan dul ar aghaidh go céim 3 ach amháin i gcás nár éirigh le céimeanna 1 agus 2.

Is ar bhealach cóir, neamhchlaon agus rúnda a dhéileálfaidh an t-oifigeach gearán le do ghearán.  Is é an sprioc atá againn do ghearán a admháil laistigh de 5 lá oibre.  Déanfaimid imscrúdú neamhspleách ar imthosca an ghearáin agus déanfaimid moltaí ar an mbealach is fearr inar féidir do ghearán a réiteach. Más cuí, cuirfear bearta i bhfeidhm chun a chinntiú nach dtiocfaidh na himthosca sin ná imthosca den chineál céanna chun cinn sa todhchaí.

Ina dhiaidh sin, gheobhaidh tú freagra deiridh i scríbhinn. Ba cheart duit an freagra sin a fháil laistigh de 20 lá oibre ó do ghearán a fháil.  Más rud é go mbeidh tuilleadh ama ag teastáil uainn, inseoimid duit cén fáth a mbeidh an t-am sin ag teastáil uainn agus cén uair a gheobhaidh tú freagra deiridh.

Mura bhfuil tú sásta leis an bhfreagra ón oifigeach gearán, is féidir leat gearán a dhéanamh le hOifig an Ombudsman, arb é an ról atá aici scrúdú neamhspleách a dhéanamh ar ghearáin ó dhaoine den phobal a measann nár chaith comhlachtaí poiblí go cóir leo.  Ní ghearrtar aon táille as an tseirbhís sin.

Oifig an Ombudsman
18 Sráid Líosain Íochtarach
Baile Átha Cliath 2
Teil.: 01 6395674 / 1890 223030
www.ombudsman.ie
ombudsman@ombudsman.gov.ie

Más rud é go bhfuil tú faoi bhun 18 mbliana d’aois, nó gur aosach thú ag a bhfuil aithne ar leanbh lenar caitheadh go héagórach (dar leat), nó gur chuir ár mbreith ar do ghearán díomá ort, is féidir leat teagmháil a dhéanamh le hOifig an Ombudsman do Leanaí.

De réir an dlí, féadfaidh Oifig an Ombudsman do Leanaí imscrúdú a dhéanamh ar ghearáin faoi cheann ar bith dár ngníomhartha riaracháin nó dár nósanna imeachta riaracháin agus faoi mhoilleanna nó neamhghníomhartha a bhí ann agus daoine ag déileáil linn.

Cuireann Oifig an Ombudsman do Leanaí seirbhís láimhseála gearán atá neamhchlaon, neamhspleách agus saor in aisce ar fáil.

Oifig an Ombudsman do Leanaí
52-56 Sráid na Trá Mhór
Baile Átha Cliath 1
Saorfhón: 1800 20 20 40
ococomplaint@oco.ie
www.oco.ie

Má bhaineann do ghearán le saincheist inrochtaineachta faoi alt 38 den Acht um Míchumas, 2005, féach an doiciméad seo a leanas.