An Bord

These are the Board Meeting Minutes (documents) available for 2024

Board Meeting Minutes 2013

 

Board Meeting Minutes 2012

Note: We have deleted personal references from the Minutes

Board Minutes 2011

Note: We have deleted personal references from the minutes.

Board Minutes 2010

Board Minutes 2009

 

Is é Bord a rialaíonn an tÚdarás Náisiúnta Iompair. Cuimsíonn an Bord suas le dháréag comhaltaí a gceapann an tAire Iompair, Turasóireachta agus Spóirt iad. Is poist ex officio iad trí cinn de na poist ar an mBord, atá forchoimeádta don Phríomhfheidhmeannach, d’ardbhainisteoir eile de chuid an Údaráis agus Bainisteoir Cathrach Bhaile Átha Cliath.

Féadfar comhaltaí Boird a cheapadh ar feadh tréimhse cúig bliana ar a mhéad agus féadfar iad a athcheapadh. Féadfaidh comhaltaí fónamh ar an mBord ar feadh tréimhse deich mbliana ar a mhéad. Níl feidhm ag an srian sin maidir le comhaltaí ex officio, a fhanfaidh ar an mBord fad a shealbhóidh siad an post ábhartha.

Ceanglaítear leis an Acht um Údarás Iompair Bhaile Átha Cliath go mbeadh an tÚdarás comhdhéanta de chathaoirleach agus d’aon ghnáthchomhalta dhéag, a chuireann feidhmeanna an Údaráis i gcrích de réir an Achta.

Déanann an tAire cathaoirleach agus gnáthchomhaltaí an Údaráis a cheapadh mar a leanas:

  • Déantar Príomhfheidhmeannach an Údaráis a cheapadh mar ghnáthchomhalta, fad a shealbhaíonn sé/sí an ról mar Phríomhfheidhmeannach.
  • Déantar sealbhóir oifig Bhainisteoir Cathrach Bhaile Átha Cliath a cheapadh mar ghnáthchomhalta, fad a shealbhaíonn sé/sí an oifig sin.
  • Déantar duine a shealbhaíonn post ardbhainistíochta san Údarás, atá le sonrú ag an gcathaoirleach le toiliú an Aire, a cheapadh mar ghnáthchomhalta, fad a shealbhaíonn sé/sí an post sin.
  • Déantar an cathaoirleach agus ochtar gnáthchomhaltaí a cheapadh as measc daoine ag a bhfuil, i dtuairim an Aire, taithí leathan ar nithe iompair, tionsclaíocha, tráchtála, airgeadais, pleanála úsáide talún nó comhshaoil, ar oibrithe a eagrú nó ar an riarachán.

Cathaoirleach

Fred Barry

Ceapadh Fred Barry mar Chathaoirleach ar an Údarás Náisiúnta Iompair i mí na Samhna 2017. Tá sé ina stiúrthóir neamhfheidhmiúcháin de chuid Ervia, áit a bhfuil sé ar an gCathaoirleach ar an gCoiste Infheistíochta agus Bonneagair agus ina chomhalta de Choiste an Chreata Oibriúcháin don Tionscal Uisce. Chomh maith leis sin, tá sé ina stiúrthóir neamhfheidhmiúcháin de chuid PM Group, áit a bhfuil sé ina chomhalta den Choiste Éadálacha agus den Choiste Iniúchóireachta, Riosca agus Airgeadais. Roimhe sin, bhí sé ina stiúrthóir de chuid na Gníomhaireachta Náisiúnta Forbartha Airgeadais, an Údaráis um Bóithre Náisiúnta agus cuideachtaí éagsúla laistigh de Jacobs Engineering Group Inc.

Bhí sé ar an bPríomhfheidhmeannach ar an Údarás um Bóithre Náisiúnta idir an bhliain 2005 agus an bhliain 2015. Roimhe sin fós, chaith sé 25 bliana ag obair ar leibhéal idirnáisiúnta le Jacobs, áit a raibh an ról mar Stiúrthóir Bainistíochta Grúpa don Ríocht Aontaithe agus d’Éirinn ar cheann de na róil bhainistíochta a bhí aige. Is Innealtóir Cairte é, tá sé cáilithe mar abhcóide, agus tá sé ina Chomhalta d’Innealtóirí Éireann agus d’Acadamh Innealtóireachta na hÉireann, áit a bhfuil sé ina chomhalta den chomhairle freisin.

Príomhoifigeach Feidhmiúcháin

Anne Graham

Ceapadh Anne Graham mar Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin ar an Údarás Náisiúnta Iompair i mí Eanáir 2015. D’fhóin sí roimhe sin mar Stiúrthóir Seirbhísí Iompair Phoiblí an Údaráis. Is Innealtóir Cairte í Anne agus tá céim MBA aici ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.

D’oibrigh sí le hÚdaráis Áitiúla Bhaile Átha Cliath mar Innealtóir Sibhialta, mar Bhainisteoir Tionscadal ar a lán tionscadal difriúil agus mar Bhainisteoir Limistéir i limistéar Thiar Theas Chathair Bhaile Átha Cliath, agus í ag tabhairt seirbhísí údaráis áitiúil níos gaire do thomhaltóirí i gceithre oifig áitiúla.

Comhaltaí eile a gceapann an tAire iad

an Dr Berna Grist BL ina hOllamh Taca i Scoil na hAiltireachta, na Pleanála agus an Bheartais Chomhshaoil sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Is abhcóide agus pleanálaí baile cairte í agus sealbhaíonn sí céim PhD ó Ollscoil Uladh ar an gCreat Reachtach agus Rialála um Fhorbairt i bPoblacht na hÉireann. D’fhoilsigh sí cuid mhór saothar i réimse an dlí pleanála agus comhshaoil, an bheartais phoiblí agus an rialachais.

D’fhóin sí mar chomhalta den Bhord Pleanála idir na blianta 2001 agus 2006. Sa bhliain 2013, ceapadh í chuig an Sainghrúpa a bhí ag tabhairt comhairle don Aire Tithíochta agus Pleanála maidir leis an straitéis a thiocfadh in áit na Straitéise Spáis Náisiúnta 2002-2020.

 

Hugh Creegan ina Leas-Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin agus ina Stiúrthóir um Infheistíocht Iompair agus Rialáil Tacsaithe san Údarás. D’oibrigh sé roimhe sin leis an Údarás um Bóithre Náisiúnta mar Cheann Rannóige, agus é freagrach as Comhpháirtíochtaí Príobháideacha Poiblí, as Oibríochtaí Tráchtála agus as Pleanáil Straitéiseach.

Is innealtóir sibhialta é ag a bhfuil taithí leathan ar mhórthionscadail san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach araon, lena n-áirítear Tollán Chalafort Bhaile Átha Cliath, leathnú an M50 agus bailiú an dola saorshreafa ghaolmhair.

 

Ceapadh Owen P. Keegan mar Bhainisteoir Cathrach Bhaile Átha Cliath i mí Mheán Fómhair 2013, tar éis dó fónamh mar Bhainisteoir Contae ar Chomhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin ó mhí Feabhra 2006. Sula ndeachaigh sé isteach sa Chomhairle, d’oibrigh sé sna róil mar Bhainisteoir Cathrach Cúnta agus mar Stiúrthóir Tráchta i gComhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath. Roimh mhí Dheireadh Fómhair 1993, d’oibrigh sé mar eacnamaí do DKM Economic Consultants/Davy Stockbrokers.

D’oibrigh sé sa Roinn Airgeadais agus san Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta freisin agus chaith sé dhá thréimhse sa Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil. Is as Baile Átha Cliath don Uas. Keegan. Tá céimeanna aige sa Riarachán Poiblí, san Eacnamaíocht agus san Innealtóireacht Shibhialta.

 

Frank O’Connor ina Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin ar Airtel ATN Limited, ar cuideachta í a sholáthraíonn réitigh chumarsáide sonraí don tionscal eitlíochta.  Chomhbhunaigh sé an chuideachta sa bhliain 1998.

Sular chomhbhunaigh sé Airtel, d’oibrigh sé i roinnt cuideachtaí forbartha bogearraí, lenar áiríodh cuideachtaí ilnáisiúnta sna Stáit Aontaithe ar nós Retix agus CACI. Thosaigh sé a ghairm ag Systems Dynamics sa bhliain 1976. D’oibrigh sé leis an gcuideachta ar feadh ocht mbliana, ar chaith sé dhá bhliain díobh sa Ghearmáin agus san Ísiltír. Bhí sé ina stiúrthóir neamhfheidhmiúcháin de chuid Aer Lingus idir na blianta 2014 agus 2015.

 

Tá taithí dhíreach ag Kevin Kelly ar an míchumas. Chaill sé a radharc sa bhliain 2001 agus é ceithre bliana déag d’aois.  Sealbhaíonn sé an ról mar Cheann Beartais, Tathanta agus Feachtas le Comhairle Náisiúnta na hÉireann do na Daill faoi láthair.  Roimhe sin, bhí sé ina Bhainisteoir Tathanta agus Cumarsáide le Cumann Asma na hÉireann.  D’fhóin sé mar Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin eatramhach ar an gCumann le linn a thionachta freisin.

Roimhe sin, d’oibrigh Kevin mar chúntóir parlaiminteach i dTeach Laighean.  D’oibrigh sé sna meáin áitiúla agus náisiúnta freisin.  Sealbhaíonn sé céim san Iriseoireacht ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus céim Mháistreachta i nGnóthaí Poiblí agus sa Chumarsáid Pholaitiúil ó Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath.

 

D’fhóin Pat Mangan mar Rúnaí Cúnta sa Roinn Iompair ón mbliain 1995 go dtí an bhliain 2010. I measc na nithe a raibh sé freagrach astu bhí iompar poiblí, infheistíocht iompair agus airgeadas.

Roimhe sin, bhí sé ina Cheann um Beartas Bóithre sa Roinn Comhshaoil agus rinne sé cathaoirleacht ar Thionscnamh Iompair Bhaile Átha Cliath. Tá sé ina chomhalta de Chomhairle na hInstitiúide Cairte um Lóistíocht agus Iompar in Éirinn faoi láthair.

 

Is Stiúrthóir Neamhfheidhmiúcháin neamhspleách í Ann Fitzgerald. San am i láthair, tá sí ina Leas-Chathaoirleach ar Phainéal Táthcheangail na hÉireann agus ina Cathaoirleach ar Bhord Ospidéal Beaumont. Rinne sí cathaoirleacht ar an nGrúpa Straitéise Tomhaltóirí, a raibh a chuid oibre taobh thiar den chinneadh ón Rialtas an Ghníomhaireacht Náisiúnta Tomhaltóirí a bhunú. D’fhóin sí mar Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin ar an nGníomhaireacht ar feadh cúig bliana suas go mí Dheireadh Fómhair 2012.

Roimhe sin, bhí sí ina hArd-Rúnaí ar Chumann Bainisteoirí Infheistíochta na hÉireann. Chuaigh sí isteach sa Chumann ar fhágáil na Roinne Tionscail agus Tráchtála di sa bhliain 1989. Chaith Ann níos mó ná 20 bliain mar Stiúrthóir Neamhfheidhmiúcháin, go príomha i gcomhlachtaí tráchtála agus neamhthráchtála san earnáil phoiblí.

 

Brian McCormick ina ghairmí sinsearach ag a bhfuil taithí leathan ar bhainistíocht ghinearálta agus oibriúcháin, ar fhorbairt gnó agus ar airgeadas corparáideach in Éirinn agus thar lear araon. D’oibrigh sé le déanaí mar Stiúrthóir Feidhmiúcháin de chuid An Post, áit a raibh sé ina Chathaoirleach ar fhochuideachtaí na cuideachta freisin, ba iad sin: Árachas An Post agus Air Business Limited, ar cuideachta dáileacháin irisí agus bainistíochta síntiús sa Ríocht Aontaithe í.

D’oibrigh sé roimhe sin mar Stiúrthóir de chuid Merrion Corporate Finance agus i róil ardbhainistíochta le CRH plc sna Stáit Aontaithe. Tá Brian ina chéimí innealtóireachta de chuid an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Tá céim MBA aige ó Scoil Wharton in Ollscoil Pennsylvania agus tá Dioplóma aige i Stiúradh Cuideachta ó Institiúid na Stiúrthóirí in Éirinn.

 

David Gray ina Chuntasóir Cairte agus ina Shainchomhairleoir Neamhspleách atá lonnaithe i mBéal Feirste. Chaith sé a ghairm sa Chleachtadh Poiblí agus, suas go mí an Mhárta 2019, bhí sé ina Chomhpháirtí i gCeannas ar Sheirbhísí Iniúchóireachta Seachtraí agus Rialachais Chorparáidigh do RSM UK LLP i mBéal Feirste.

Tá sé ina Stiúrthóir Neamhfheidhmiúcháin de chuid Sheirbhís Fuilaistriúcháin na hÉireann faoi láthair, áit a ndéanann sé cathaoirleacht ar an gCoiste Iniúchóireachta agus Riosca. Tá sé ina Stiúrthóir Neamhfheidhmiúcháin de chuid Údarás Cuain an Phointe freisin.

Shealbhaigh sé roinnt Ceapachán Poiblí roimhe sin, lenar áiríodh an ról mar Stiúrthóir Neamhfheidhmiúcháin/Cathaoirleach ar an gCoiste Iniúchóireachta sa Roinn Bonneagair (Tuaisceart Éireann) agus róil i Seirbhís Póilíneachta Thuaisceart Éireann agus in Iontaobhas Pobail agus Ospidéal Uladh.

Is Idirghabhálaí cáilithe seanchleachta é.