Pleanáil agus infheistíocht

Ceann de na róil atá ag an Údarás Náisiúnta Iompair is ea gréasán iompair phoiblí atá comhtháite agus inrochtana a fhorbairt.

Mar chuid den obair sin, déanann an tÚdarás na nithe seo a leanas:

  • Tabhairt faoi phleanáil straitéiseach iompair;
  • Soláthar an bhonneagair iompair phoiblí a áirithiú;
  • Bainistiú éifeachtach an éilimh thráchta agus iompair a fhorbairt;
  • Cistiú inrochtaineachta a sholáthar d’oibritheoirí iompair agus do chomhlachtaí ábhartha eile; agus
  • Tionscadail iompair inbhuanaithe a phleanáil agus a chistiú sna cathracha réigiúnacha, mar atá Corcaigh, Gaillimh, Luimneach agus Port Láirge.

Faigh tuilleadh faisnéise anseo faoi na tionscadail atá á bhforbairt nó atá críochnaithe.