Ráiteas Príobháideachta

Tá an Ráiteas Príobháideachta seo á eisiúint ag an Údarás Náisiúnta Iompair, Dún Scéine, Cúirt Uíbh Eachach, Lána Fhearchair, Baile Átha Cliath 2 (dá dtagraítear an tÚdarás Náisiúnta Iompair, an tÚdarás, muid/sinn, aon réamhfhocal sa chéad phearsa iolra agus forainm sealbhach na chéad phearsan iolra anseo).

Is é cuspóir an fhógra seo tú a chur ar an eolas faoi na sonraí a bhaineann leat a bhailímid agus a úsáidimid i ndáil leis na suíomhanna Gréasáin www.nationaltransport.ie agus www.cyclemanual.ie agus faoi na húsáidí a bhainimid as sonraí den sórt sin (lena n-áirítear nochtadh do thríú páirtithe). Níl an tÚdarás freagrach as an inneachar nó na cleachtais phríobháideachta de chuid aon suíomhanna nasctha.

Má bhíonn aon cheisteanna agat faoin dóigh a mbainimid úsáid as do shonraí pearsanta, seol ríomhphost chugainn ag info@nationaltransport.ie nó seol ríomhphost chuig ár nOifigeach Cosanta Sonraí ag privacy@nationaltransport.ie

Na Sonraí Pearsanta a bhailímid agus a phróiseálaimid

Bailímid agus próiseálaimid sonraí pearsanta a bhaineann leat, a mhéid a bhaineann na sonraí sin leis an dóigh a n-úsáideann tú an suíomh Gréasáin seo agus lenár gcaidreamh leat. Is féidir go n-áireofar iad seo a leanas leis na sonraí pearsanta sin:

  • D’ainm agus do shonraí teagmhála, lena n-áirítear do sheoladh, d’uimhir theileafóin agus do sheoladh ríomhphoist.
  • Faisnéis a sholáthraíonn tú in aon fhoirm iarratais ar líne, lena n-áirítear iarrataí Saorála Faisnéise agus an Fhoirm Aiseolais ar Líne do Thiománaithe Beagfheithicle Seirbhíse Poiblí.
  • An fhaisnéis a chuireann tú faoinár mbráid le linn próiseas comhairliúcháin, lena n-áirítear d’ainm, do sheoladh ríomhphoist, do sheoladh baile agus d’eagraíocht. Is féidir aighneachtaí gan ainm a dhéanamh le casadh an phoist.
  • Faisnéis a chuireann tú isteach le linn Suirbhéanna Iompair nó Tráchta.
  • Aon sonraí pearsanta eile a bhaineann leat a sholáthraíonn tú dúinn nó a ghinimid fút i ndáil leis an úsáid a bhaineann tú as na suíomhanna Gréasáin ie agus www.cyclemanual.ie.

Sonraí faoi Úsáid an tSuímh Ghréasáin

Bainimid leas as feidhmchlár faireacháin chun faisnéis staitistiúil áirithe a chomhthiomsú agus a anailísiú faoin úsáid a bhaintear as an suíomh Gréasáin seo. Nuair a thugann tú cuairt ar ár suíomh Gréasáin, coinnítear an fhaisnéis seo a leanas faoin gcuairt sin:

  • Seoladh Prótacal Idirlín (IP);
  • An líon uaireanta in aghaidh na cuairte a fuarthas iarraidh ar shonraí ó gach seoladh IP;
  • An leathanach isteach inár suíomh Gréasáin;
  • An fad ama a caitheadh ar ár suíomh Gréasáin;
  • An leathanach amach ónár suíomh Gréasáin;
  • Seoladh IP aon naisc a úsáideadh chun ár suíomh Gréasáin a rochtain;
  • Aitheantas aon innill chuardaigh a úsáideadh chun ár suíomh Gréasáin a rochtain;
  • Liosta de na leathanaigh uile ar tugadh cuairt orthu ar ár suíomh Gréasáin; agus
  • Ainm an bhrabhsálaí a úsáideadh, e.g. Firefox, Chrome, Internet Explorer.

Ní dhéantar aon iarracht úsáideoirí aonair a shainaithint nó na mionsonraí teicniúla atá liostaithe thuas a cheangal le haon duine aonair.

Cuspóirí agus Bunús Dlí na Próiseála

Úsáidfimid sonraí pearsanta a bhaineann leat chun na gcuspóirí seo a leanas:

  • An suíomh Gréasáin seo a fheabhsú agus a fhorbairt;
  • Foirmeacha iarratais a phróiseáil, lena n-áirítear foirmeacha le haghaidh iarrataí Saorála Faisnéise;
  • Gabháil do phróiseas comhairliúcháin;
  • Tabhairt faoi thaighde agus faoi shuirbhéanna ar shástacht custaiméirí;
  • Tabhairt faoi Shuirbhéanna Iompair nó Tráchta;
  • Ábhair chur chun cinn agus mhargaíochta a sheoladh, faoi réir aon sainroghanna pearsanta a chuireann tú in iúl nuair a bhailímid do shonraí teagmhála nó ina dhiaidh sin. Is féidir leat diúltú d’ábhair chur chun cinn agus mhargaíochta a fháil uainn ag am ar bith trí ríomhphost a sheoladh chuig info@nationaltransport.ie;
  • Staitisticí a ghiniúint agus a anailísiú maidir le húsáid an tsuímh Ghréasáin seo, lena n-áirítear a mhinice a úsáidtear leathanaigh aonair (nuair is féidir, bainfear ainmneacha de shonraí pearsanta sula n-úsáidfear iad chun an chuspóra sin);
  • Calaois a chosc, a imscrúdú agus a bhrath;
  • Éilimh dhlíthiúla a bhunú, a fheidhmiú nó a chosaint;
  • Ár bhfeidhmeanna mar údarás poiblí a chur i gcrích agus ár n-oibleagáidí dlíthiúla a chomhlíonadh.

Is iad seo a leanas na bunúis dlí ar a bpróiseálaimid do shonraí pearsanta:

  • Is gá an phróiseáil a dhéanamh chun freastal ar na cúraimí a chuirimid i gcrích ar mhaithe le leas an phobail nó le linn údarás oifigiúil atá dílsithe dúinn leis an dlí a fheidhmiú;
  • Is gá an phróiseáil a dhéanamh chun oibleagáid dhlíthiúil a bhfuil feidhm aici maidir linn a chomhlíonadh; nó
  • Thug tú toiliú leis an bpróiseáil.

Faighteoirí Sonraí

Is féidir go nochtfaimid do shonraí pearsanta d’eagraíochtaí eile i ndáil leis na cuspóirí thuas, lena n-áirítear na heagraíochtaí seo a leanas:

  • Oibritheoirí iompair sheirbhíse poiblí;
  • Tríú páirtithe a dtéimid i dteagmháil leo chun seirbhísí a sholáthar dúinn i ndáil leis an suíomh Gréasáin seo, amhail soláthraithe seirbhíse seachfhoinsithe, soláthraithe seirbhísí TF, comhairleoirí gairmiúla agus iniúchóirí;
  • Údaráis phoiblí eile agus comhlachtaí poiblí eile – amhail an Garda Síochána nó údaráis eile fhorfheidhmiú an dlí – ar mhaithe le coireacht a chosc, a imscrúdú nó a bhrath, i gcás go gceanglaítear nó go gceadaítear an méid sin leis an dlí.

Coinneáil

Ní choinneoimid do shonraí pearsanta níos faide ná mar is gá. Coinneoimid do shonraí pearsanta fad a theastóidh uainn iad chun na gcuspóirí atá tuairiscithe san Fhógra seo, nó chun ár n-oibleagáidí faoin dlí is infheidhme a chomhlíonadh nó, más ábhartha, chun déileáil le haon éileamh nó díospóid a eascróidh idir tú féin agus an tÚdarás.

Is ar feadh seacht mbliana a choinnítear aiseolas, ceisteanna, gearáin agus comhfhreagras eile a chuirtear isteach ar ár suíomh Gréasáin nó trí ríomhphost. Is ar feadh seacht mbliana ar a mhéad a choinnítear aighneachtaí comhairliúcháin phoiblí. Is ar feadh cúig bliana a choinnítear seoladh ríomhphoist na ndaoine a chláraíonn le haghaidh an t-eolas is deireanaí a fháil ó www.nationaltransport.ie. Is ar feadh tréimhse éiginnte a choinnítear iarrataí, freagraí agus aiseolas Saorála Faisnéise.

Do chearta

In imthosca áirithe agus faoi réir srianta áirithe, tá na cearta seo a leanas agat i ndáil le do shonraí pearsanta:

  • An ceart chun rochtain a fháil ar do shonraí pearsanta;
  • An ceart chun a iarraidh go gceartófaí agus/nó go scriosfaí do shonraí pearsanta;
  • An ceart chun srian a chur le húsáid do shonraí pearsanta;
  • An ceart chun agóid a dhéanamh i gcoinne phróiseáil do shonraí pearsanta;
  • An ceart chun na sonraí pearsanta a thug tú dúinn a fháil i bhformáid struchtúrtha choitianta atá inléite ag meaisín nó chun ceanglas a chur orainn na sonraí sin a tharchur chuig rialaitheoir eile; agus
  • I gcás go mbeidh an phróiseáil a dhéanaimid ar do shonraí pearsanta bunaithe ar do thoiliú a bheith faighte againn, an ceart chun do thoiliú leis an bpróiseáil a tharraingt siar ag am ar bith trí ríomhphost a sheoladh chuig info@nationaltransport.ie.

Dá mba mhaith leat aon cheann de na cearta atá leagtha amach thuas a fheidhmiú, seol ríomhphost chugainn ag privacy@nationaltransport.ie.

Fianáin

FIANÁN CINEÁL FAD CUR SÍOS
1P_JAR Tríú páirtí 1 mhí Is é Google a úsáideann an fianán seo chun fógraí pearsantaithe a thaispeáint ar shuíomhanna Google, bunaithe ar chuardaigh a rinneadh le déanaí agus ar an idirghníomhaíocht a bhí agat roimhe.
APISID Tríú páirtí 2 bhliain Is é Google a úsáideann an fianán seo chun fógraí pearsantaithe a thaispeáint ar shuíomhanna Google, bunaithe ar chuardaigh a rinneadh le déanaí agus ar an idirghníomhaíocht a bhí agat roimhe.
CONSENT Tríú páirtí 20 bliain Is é Google a shocraíonn an fianán seo. Is socrú toilithe fianáin é.
HSID Tríú páirtí 2 bhliain Is é Google a shocraíonn an fianán slándála seo. Is é atá ann ná taifid chriptithe atá sínithe go digiteach ar chuntas aitheantais Google an úsáideora agus ar an am sínithe isteach is déanaí.
JSESSIONID Tríú páirtí Seisiún Úsáidtear an fianán JSESSIONID chun aitheantóir seisiúin a stóráil ionas gur féidir le New Relic faireachán a dhéanamh ar chomhaireamh seisiúin le haghaidh feidhmchláir. Is é Jetty a ghineann an luach fianáin.
NID Tríú páirtí 6 mhí Is é atá san fhianán NID ná aitheantas uathúil a úsáideann Google chun cuimhneamh ar do shainroghanna pearsanta agus ar fhaisnéis eile amhail do theanga roghnaithe (e.g. Gaeilge), cá mhéad toradh cuardaigh ba mhaith leat a fheiceáil in aghaidh an leathanaigh (e.g. 10 gcinn nó 20 ceann) agus cé acu ba mhaith nó nár mhaith leat scagaire SafeSearch Google a bheith curtha air. Úsáidtear an fianán seo freisin chun fógraí a chur in oiriúint duit. Úsáideann Google fianáin dá leithéid chun cuimhneamh ar na cuardaigh is déanaí a rinne tú, ar an idirghníomhaíocht a bhí agat roimhe le fógraí nó torthaí cuardaigh an fhógróra agus ar na cuairteanna a thug tú ar shuíomh Gréasáin an fhógróra.
OTZ Tríú páirtí Mí amháin Is é Google Analytics a úsáideann an fianán seo chun faisnéis a bhailiú faoin dóigh a n-úsáideann cuairteoirí ár suíomh. Úsáidimid an fhaisnéis sin chun cabhrú linn an suíomh a fheabhsú. Leis an bhfianán seo, bailítear faisnéis ar bhonn anaithnid, lena n-áirítear an líon daoine a thug cuairt ar an suíomh, an áit ar tháinig cuairteoirí ar an suíomh uaidh agus na leathanaigh ar thug siad cuairt orthu.
SAPISID Tríú páirtí 2 bhliain Is é Google Analytics a úsáideann an fianán seo chun faisnéis dhifriúil a bhailiú faoi nascleanúint úsáideora, mar shampla láthair an úsáideora agus sonraí faoin gcuairt (fad ama na cuairte, na leathanaigh ar amharcadh orthu, etc.).
SID Tríú páirtí 2 bhliain Is é Google a shocraíonn an fianán seo. Is tacar aitheantóirí uathúla é.
SIDCC Tríú páirtí 3 mhí Is iad Seirbhísí Google a shocraíonn an fianán seo. Is fianán slándála é a úsáidtear chun sonraí úsáideoirí a chosaint ar rochtain neamhúdaraithe.
SSID Tríú páirtí Seisiún Is é Google a úsáideann an fianán seo chun sainroghanna pearsanta úsáideoirí agus faisnéis Google Maps a stóráil.
viewed_cookie_policy Dianseasmhach 1 bhliain Leis an bhfianán seo, stóráiltear bratach chun a chinneadh cé acu a ghlac nó nár ghlac an t-úsáideoir leis an mbeartas fianán aníos.
_ga Tríú páirtí 2 bhliain Is é Google Analytics a úsáideann an fianán seo chun idirdhealú a dhéanamh idir úsáideoirí.
_gat Tríú páirtí 1 nóiméad Is é Google Analytics a úsáideann an fianán seo chun an ráta iarrataí a scóigeadh.
_gid Tríú páirtí 24 huaire Is é Google Analytics a úsáideann an fianán seo chun idirdhealú a dhéanamh idir úsáideoirí.

 

Fianáin a Bhainistiú

I bhformhór na gcásanna, is féidir stop a chur le do bhrabhsálaí glacadh le Fianáin nó stop a chur leis glacadh le Fianáin ó shuíomh Gréasáin ar leith. Má dhíchumasaíonn tú na Fianáin uile, áfach, ní bheidh a fhios againn cé acu atá nó nach bhfuil tú sínithe isteach. Mar sin, tá seans ann nach n-oibreoidh roinnt gnéithe ar ár Suíomhanna i gceart nó go mbeidh ort roinnt sainroghanna pearsanta a choigeartú de láimh gach uair a thugann tú cuairt orthu.

Cumasaítear le gach brabhsálaí nua-aimseartha duit do shocruithe fianáin a athrú. I bhformhór na gcásanna, is féidir leat é sin a dhéanamh sa roghchlár Roghanna nó Sainroghanna Pearsanta i do bhrabhsálaí. Chun na socruithe sin a thuiscint, is féidir go mbeidh na naisc seo a leanas úsáideach duit. Mar mhalairt air sin, is féidir leat an rogha Cabhair i do bhrabhsálaí a úsáid chun tuilleadh mionsonraí a fháil.

Socruithe fianáin in Internet Explorer
Socruithe fianáin in Firefox
Socruithe fianáin in Google Chrome
Socruithe fianáin in Safari web agus in Safari do iOS.

Is féidir leat fianáin fógraíochta tríú páirtí a sheiceáil, a bhainistiú agus a chur as ag an suíomh Your Online Choices.

Nuashonruithe

Is féidir go nuashonróimid an beartas seo ó am go chéile. Molaimid duit an beartas seo a athbhreithniú go tréimhsiúil chun an fhaisnéis is déanaí a fháil faoinár gcleachtais phríobháideachta.

Gearáin

Mura bhfuil tú sásta leis an dóigh a n-úsáidimid do shonraí pearsanta, leis an dóigh a n-éascaímid do chearta nó leis an dóigh a gcomhlíonaimid ár n-oibleagáidí faoin dlí cosanta sonraí is infheidhme, tá sé de cheart agat gearán a dhéanamh leis an gCoimisinéir Cosanta Sonraí trí ríomhphost a sheoladh chuig info@dataprotection.ie.

Dáta teacht i bhfeidhm an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí: 24 Bealtaine 2018