Bainnean an Siúl agus an Rothaíocht 330,000 Carr de Bhóithre Bhaile Átha Cliath Gach Lá, Dar Leis an Innéacs Siúl agus Rothaíochta

Nochtar san Innéacs Siúil agus Rothaíochta 2021 go bhfuil 71% de mhuintir Bhaile Átha Cliath i bhfabhar tuilleadh bonneagair rothaíochta a bheith ann

20 May 2022

Baineann an Siúl agus an Rothaíocht 330,000 carr de na bóithre gach lá i Limistéar Ceannchathartha Bhaile Átha Cliath, dar leis an Innéacs Siúil agus Rothaíochta 2021 a sheol Eamon Ryan TD, an tAire Iompair, Joe Costello, Leas-Ardmhéara Bhaile Átha Cliath, agus Anne Graham, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin an Údaráis Náisiúnta Iompair, inniu. Dá mbeadh gach ceann de na carranna sin stoptha i dtranglam tráchta, bheadh an trácht ina thranglam thart ar 1600 km siar. Is mó é sin ná dhá oiread an fhaid ó Bhaile Átha Cliath go dtí an Sciobairín.

Is é atá san Innéacs Siúil agus Rothaíochta (ar a dtugtaí an tuarascáil Bike Life) ná an measúnú is mó ar an siúl agus an rothaíocht i limistéir uirbeacha in Éirinn. Táirgeann Sustrans, carthanas iompair inbhuanaithe, é i gcomhpháirt le húdaráis chathrach agus leis an Údarás Náisiúnta Iompair. Tá sé bunaithe ar shonraí áitiúla siúil agus rothaíochta, ar shamhaltú agus ar shuirbhé neamhspleách ar níos mó ná 1,100 duine a chónaíonn in áiteanna ar fud Limistéar Ceannchathartha Bhaile Átha Cliath.

Tá an tuarascáil seo á seoladh i gcomhthráth le Seachtain na Rothar 2022, atá ar siúl ón Satharn an 14 Bealtaine go dtí an Domhnach an 22 Bealtaine. Ceiliúradh bliantúil is ea Seachtain na Rothar, ar lena linn a reáchtáiltear 600 ócáid speisialta ar fud na tíre, lena n-áirítear ócáidí teaghlaigh, babhtaí rothaíochta oidhreachta, ceardlanna cothabhála agus ócáidí teagaisc rothaíochta.

Tábhacht Mhéadaitheach an Taistil Ghníomhaigh

Nochtar san Innéacs Siúil agus Rothaíochta is déanaí go dtugann 95% de chónaitheoirí Bhaile Átha Cliath faoi shiúl na gcos nó faoi thaisteal de roth (rud a bhfuil i gceist leis cathaoir rothaí nó scútar soghluaisteachta a úsáid), agus 64% de chónaitheoirí ag siúl nó ag taisteal de roth cúig lá ar a laghad sa tseachtain agus 25% díobh ag déanamh rothaíochta uair amháin ar a laghad sa tseachtain. Léirítear sna figiúirí sin tábhacht agus clúdach na n-infheistíochtaí atá déanta ag an Údarás Náisiúnta Iompair i mbonneagar taistil ghníomhaigh. I gcomparáid leis sin, baineann 38% de dhaoine úsáid as carr cúig lá ar a laghad sa tseachtain.

Tugtar breac-chuntas sa tuarascáil freisin ar na tairbhí a bhaineann le taisteal de shiúl na gcos agus de rothar chuig limistéar Bhaile Átha Cliath, lena n-áirítear go gcoisceann tairbhí gníomhaíochta fisiciúla an tsiúil agus na rothaíochta 589 mbás luatha gach bliain, rud is fiú €2.89bn.

Fuarthas san Innéacs nach dtugann ach 53% de dhaoine faoi mhíchumas faoi shiúl nó faoi rothaíocht cúig lá ar a laghad sa tseachtain, i gcomparáid le 65% de dhaoine nach bhfuil faoi mhíchumas. Tá na figiúirí sin cosúil leo sin don rothaíocht. Déanann 27% de dhaoine nach bhfuil faoi mhíchumas rothaíocht uair amháin ar a laghad sa tseachtain, cé nach ndéanann ach 8% de dhaoine faoi mhíchumas rothaíocht uair amháin ar a laghad sa tseachtain.

Cé gur neodrach ó thaobh inscne de atá an rannpháirtíocht sa siúl, agus 66% de mhná ag siúl nó ag taisteal de roth cúig lá ar a laghad sa tseachtain, i gcomparáid le 61% d’fhir, is gníomhaíocht fear den chuid is mó fós í an rothaíocht, agus 33% d’fhir ag déanamh rothaíochta uair amháin ar a laghad sa tseachtain. Ní dhéanann ach 18% de mhná rothaíocht uair amháin ar a laghad sa tseachtain.

Spás Sábháilte don Rothaíocht

Fuarthas sa tuarascáil go bhfuil ag méadú ar an líon daoine a mheasann go bhfuil feabhas ag teacht ar shábháilteacht rothaíochta, agus 65% de chónaitheoirí á rá gur go maith atá an leibhéal sábháilteachta don rothaíocht ina gceantar áitiúil. Is méadú é sin ó 47% sa bhliain 2019. Mar an gcéanna, measann 86% de chónaitheoirí gur go maith atá an leibhéal sábháilteachta don siúl.

Tá fianaise ann freisin go bhfuil daoine i bhfabhar bonneagar rothaíochta a fhorbairt laistigh de Limistéar Ceannchathartha Bhaile Átha Cliath, toisc gur luaigh 71% de na cónaitheoirí a ndearnadh suirbhé orthu go bhfuil siad i bhfabhar tuilleadh raonta rothar atá scartha go fisiciúil ón trácht agus ó choisithe a thógáil, fiú i gcás go bhfágfaidh sé sin níos lú spáis don trácht eile. Is comhartha dearfach é sin á léiriú go bhfuil muintir Bhaile Átha Cliath i bhfách fós leis na bearta a theastaíonn chun cuid thábhachtach den iompar inár sochaí a dhéanamh den rothaíocht.

Áit Níos Fearr le Cónaí ann a Chruthú

Aithnítear san Innéacs Siúil agus Rothaíochta freisin cé chomh tábhachtach is atá ár gcomharsanachtaí. Ar an iomlán, tá 84% de chónaitheoirí i bhfabhar comharsanachtaí 20 nóiméad a chruthú, áit a mbeadh taitneamhachtaí agus seirbhísí amhail siopaí, spás glas agus lia-chleachtóirí ginearálta lonnaithe laistigh de thuras fillte fiche nóiméad de shiúl na gcos nó de roth óna n-áit chónaithe. Fuarthas san Innéacs go bhfuil 23% de theaghlaigh ina gcónaí lasmuigh de thuras fillte fiche nóiméad de shiúl na gcos ó shiopa bia i láthair na huaire.

Aontaíonn seisear as gach deichniúr (60%) go gcuirfí feabhas ar a gceantar áitiúil dá mba rud é nach mbeadh rochtain ag carranna ar shráideanna lasmuigh de scoileanna le linn agaí tuirlingthe agus bailithe. De bhreis air sin, measann 79% de dhaoine go gcabhrófaí leo taisteal níos mó de shiúl na gcos nó de roth dá méadófaí an líon áiteanna ina bhféadfadh siad stad agus a scíth a ligean agus measann 76% díobh go gcabhrófaí leo déanamh amhlaidh dá mb’ann do níos mó trasrianta bóthair a mbeadh agaí feithimh níos giorra acu.

Dúirt an tAire Eamon Ryan: Tá an tInnéacs Siúil agus Rothaíochta 2021 lán de dhea-scéala faoi cé chomh mór is atá an siúl, an taisteal de roth agus an rothaíocht ina gcuid dhílis de shaol Bhaile Átha Cliath cheana féin. Tá sé go hiontach a léamh go siúlann 95% de na cónaitheoirí sa Limistéar Ceannchathartha, agus go ndéanann duine amháin as gach ceathrar dínn rothaíocht, uair amháin ar a laghad sa tseachtain, agus an méid sin á dhéanamh ag roinnt mhaith dínn cúig huaire ar a laghad sa tseachtain. Téann sé sin chun tairbhe dár gcuid sláinte agus folláine, dár gcomharsanachtaí, don chathair i gcoitinne agus don chomhshaol ar an iomlán. Is rud ríthábhachtach é, áfach, go bhfuil an tuarascáil seo ag cabhrú linn freisin léargas a ghnóthú ar na nithe a theastaíonn ó dhaoine, ar na bearnaí sa bhonneagar agus ar conas is féidir linn tuilleadh feabhsuithe a sholáthar – ionas gur féidir linn é a dhéanamh níos tarraingtí do níos mó daoine fós taisteal de shiúl na gcos, de roth agus de rothar sna blianta atá le teacht.”

Dúirt Anne Graham, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin an Údaráis Náisiúnta Iompair:Is mian le níos mó daoine ná am ar bith riamh tabhairt faoi rothaíocht agus faoi shiúl mar chuid dá dturas laethúil. Sin é an fáth a bhfuil an tÚdarás Náisiúnta Iompair ag obair i gcomhpháirt le húdaráis áitiúla chun infheistiú i mbonneagar níos fearr. Idir na blianta 2019 agus 2021, chuireamar 43 km de rotharbhealaí cosanta nua lena raibh ann cheana agus tá 200 km sa bhreis de lánaí rothar le forbairt mar chuid den chlár BusConnects.

“Léirítear san Innéacs is déanaí an tábhacht a bhaineann le níos mó daoine a spreagadh chun gabháil do thaisteal gníomhach trí ghníomhaíocht níos fusa agus níos sábháilte a dhéanamh den rothaíocht. Ós rud é go sábháiltear 69,000 tonna d’astaíochtaí gás ceaptha teasa gach bliain toisc daoine a bheith ag siúl sa chathair in ionad tiomáint inti, tá deis uathúil againn le pobail níos inbhuanaithe agus níos cuimsithí a chruthú i mBaile Átha Cliath agus in áiteanna ar fud na hÉireann.”

Dúirt Caroline Bloomfield, Stiúrthóir le Sustrans, Tuaisceart Éireann: Tá sé mar mhisean againne in Sustrans é a dhéanamh níos fusa do dhaoine taisteal de shiúl na gcos agus de rothar agus, dá bhrí sin, tá ríméad orm a fheiceáil conas atá an taisteal gníomhach ag teacht chun cinn i mBaile Átha Cliath. Leagtar béim sa líon daoine a bhíonn ag siúl agus ag rothaíocht ar a thábhachtaí atá infheistíocht i ndea-bhonneagar chun é a dhéanamh níos fusa agus níos tarraingtí do dhaoine taisteal go gníomhach. Is é an toradh atá ar bhonneagar níos fearr ná go gcruthaítear comharsanachtaí níos deise, go gcumasaítear stíleanna maireachtála níos sláintiúla agus go dtéitear chun tairbhe don chomhshaol.  Táimid ag súil le leanúint ar aghaidh lenár gcuid oibre leis an Údarás Náisiúnta Iompair chun tairbhí éagsúla an taistil ghníomhaigh a thomhas.”

Cliceáil anseo chun amharc ar an Innéacs Siúil agus Rothaíochta 2021