Conradh sínithe ag Go-Ahead chun 24 sheirbhís bus faoi oibleagáid seirbhíse poiblí (OSP) a chur ar fail

20 April 2018

Shínigh Go-Ahead Dublin agus an tÚdarás Náisiúnta Iompair conradh inniu a bhaineann le cur ar fáil 24 bhusbhealach faoi Oibleagáid Seirbhíse Poiblí (OSP) i mórcheantar Bhaile Átha Cliath.

Táthar ag súil leis go dtosóidh Go-Ahead Dublin ag cur ar fáil seirbhís ar chuid de na busbhealaí seo faoi lár mhí Dheireadh Fómhair 2018 agus ar na busbhealaí ar fad faoi dheireadh mhí Eanáir 2019.

Roghnaíodh Go-Ahead Dublin mar thairgeoir tosaíochta an bhliain seo caite i bpróiseas soláthair phoiblí iomaíoch. Mar chuid den phróiseas seo, déantar sainaithint ar an Tairiscint is Buntáistí go hEacnamaíoch trí mheasúnú mionsonrach a dhéanamh lena n-áirítear scór a thabhairt do phraghas agus do chaighdeán.

Is é €172 mhilliún luach an chonartha thar 5 bliana. Áirítear leis seo costais iomlána cur i bhfeidhm na seirbhíse agus cur ar fáil áiseanna iosta.

Mar a dúirt Anne Graham, Príomhfheidhmeannach an Údaráis Náisiúnta Iompair:

“Is é an cuspóir atá againn seirbhísí bus i mBaile Átha Cliath a fheabhsú agus tá an tÚdarás Náisiúnta Iompair lánchinnte go mbainfidh paisinéirí tairbhe as an gcinneadh seo.

“Creideann muid, le Go-Ahead Dublin mar oibreoir, go dtiocfaidh feabhas suntasach ar na seirbhísí a chuirtear ar fáil. Nuair a thagann soláthróir nua isteach sa mhargadh, spreagtar na soláthróirí atá ann cheana chun díriú isteach ar riachtanais chustaiméirí agus spreagtar nuálaíocht agus feabhas i gcaighdeán seirbhísí.

“Tá sé feicthe go hidirnáisiúnta gurb é an toradh is iondúil a bhíonn ar leibhéal áirithe de chóras tairiscintí iomaíocha a chur i bhfeidhm do sheirbhísí OSP ná margadh níos fearr a fháil do phaisinéirí agus don phobal trí chéile.

“De réir forálacha na tairisceana, ní hamháin go leanfar ar aghaidh ag cur ar fáil an leibhéal céanna seirbhíse ar na busbhealaí atá ann cheana, ach feabhsóidh an leibhéal thart ar 35%.

“Níl cúis ar bith imní ann de bharr na hathraithe seo do phaisinéirí a úsáideann busbhealaí sna ceantair seo. Is é an tÚdarás Náisiúnta Iompair, seachas an t-oibreoir, a bheidh i gceannas ar ábhair ar nós táillí, minicíocht agus sceidealú na seirbhíse. Ní tharlóidh aon athrú ó thaobh ticéadú de, agus glacfaidh na seirbhísí le híocaíochtaí a dhéantar tríd an gcóras Leap agus an bPas Saorthaistil freisin.

Is oibreoir iompair a bhfuil seantaithí aige é Go-Ahead, agus é ag oibriú don chuid is mó sa RA. Is ceann de na hoibreoirí bus is mó i Londain é agus aithnítear é mar cheann de na hoibreoirí is rathúla a bhfuil ann, agus é ag baint amach scóir arda go seasmhach i suirbhéanna seirbhíse custaiméirí TfL.

Bunaíodh Go-Ahead Group ag deireadh na 1980idí in Oirthuaisceart Shasana tar éis phríobháidiú an National Bus Company. D’fhás sé de bharr cheannach roinnt chuideachtaí bus agus ghlac sé sciar den mhargadh iarnróid sna 1990í.

Is iad seo a leanas na trí phríomhrannóg atá ag an gcuideachta: Seirbhísí bus réigiúnacha sa RA, 7% den mhargadh sa RA; Seirbhísí Go-Ahead Londain á oibriú ar son Transport for London; agus seirbhísí iarnróid.

Tá an conradh múnlaithe ar an socrú atá i bhfeidhm le blianta fada anuas leis an Luas.Is leis an stát an Luas agus is é Transdev an t-oibreoir atá aige. Beidh úinéireacht ag an stát ar na busbhealaí seo agus beidh siad á oibriú ag Go-Ahead.