Tá an Tiompar Poiblí le Filleadh ar Illeadh ar a Lántoilleadh

1 September 2021

Tá áthas ar an Údarás Náisiúnta Iompair a fhógairt go mbeidh ár gcuid busanna, tramanna agus traenacha ag oibriú de réir a lántoillte ón gCéadaoin an 1 Meán Fómhair ar aghaidh. Fágann sé sin nach mbeidh bacainn ar aon suíocháin ar bhord ár seirbhísí a thuilleadh.

De réir mar a chuirimid fáilte roimh dhaoine ar ais chuig an iompar poiblí, is tosaíocht dúinn fós í sábháilteacht ár gcustaiméirí:

  • Is éigeantas fós é clúdach aghaidhe a chaitheamh ar an iompar poiblí;
  • Leanfaidh oibritheoirí iompair le glantachán laethúil a dhéanamh ar a bhflít;
  • Beidh díghalrán láimhe ar fáil dár bpaisinéirí ar bhord busanna agus ag stáisiúin;
  • Ba cheart fuinneoga a choinneáil ar oscailt, nuair is féidir, chun aeráil a fheabhsú;
  • Ba cheart Cárta Leap agus íocaíochtaí eile gan airgead tirim a úsáid nuair is féidir.

Dúirt Anne Graham, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin an Údaráis Náisiúnta Iompair:

“Fáiltím roimh an gcinneadh ón gComh-aireacht go bhféadfaidh an t-iompar poiblí filleadh go sábháilte ar a lántoilleadh. Is éigeantas fós é clúdach aghaidhe a chaitheamh agus iarraim ar phaisinéirí bheith foighneach agus iad ag dul ar bhord seirbhísí agus ag teacht díobh agus caitheamh go measúil le baill foirne iompair i gcónaí.

Táimid ag súil le méadú a fheiceáil sa líon paisinéirí de réir mar a thagann méadú ar an muinín as sábháilteacht an iompair phoiblí. Leanfaidh an tÚdarás Náisiúnta Iompair le hidirchaidreamh a dhéanamh le hoibritheoirí iompair chun faireachán a dhéanamh ar threochtaí paisinéirí agus ar aon dúshláin a d’fhéadfadh teacht chun cinn de réir mar a fhillimid ar lántoilleadh.”

Molann an tÚdarás Náisiúnta Iompair do gach duine leanúint ar aghaidh ag léiriú bá le paisinéirí eile. Má tá tú ar sheirbhís ghnóthach, lean ar aghaidh ag tabhairt aird ar chustaiméirí leochaileacha a bhféadfadh go dteastódh suíochán go mór uathu.

De réir mar a fhilleann scoileanna agus institiúidí tríú leibhéal ar fhoghlaim ar an láithreán, measaimid go mbeidh seirbhísí níos gnóthaí sna seachtainí atá le teacht.  Dá mba mhaith leat seirbhísí gnóthacha a sheachaint, mholfaimis duit pleanáil chun tosaigh roimh do thuras agus amanna buaice a sheachaint, más féidir.

Cuirtear i gcuimhne do chustaiméirí go bhfuil Aip Breisithe Creidmheasa Chárta TFI Leap ar fáil ar ghléasanna Apple agus Android. Cumasaítear d’úsáideoirí na haipe a n-iarmhéid a sheiceáil agus airgead a chur leis de réir mar a théitear.

Bíonn fáil leathan ar thacsaithe agus ar fhruilcharranna ar fud na tíre fós.

Chun mionsonraí a fháil faoi na seirbhísí uile agus chun faisnéis a fháil faoi thurais, bain úsáid as an aip Journey Planner uainn nó téigh chuig: https://www.transportforireland.ie/plan-a-journey/