Leithdháileann an túdaras Cistiú Nua is Fiú Níos Mó Ná €70m ar Chomhairlí Tuaithe le haghaidh Bonneagar Gníomhach Rothaíochta agus Siúil

29 March 2021

Dáilfear níos mó ná €70 Milliún i mbliain 1 de phlean 5 bliana faoi Chlár Nua Infheistíochta i dTaisteal Gníomhach Tuaithe.

Inniu, d’fhógair an tÚdarás Náisiúnta Iompair agus Eamon Ryan, an tAire Iompair, caiteachas dar luach iomlán €72.8m do 340 tionscadal iompair inbhuanaithe i 19 n-údarás áitiúla. Tá an cistiú sin sa bhreis ar an gclár ilbhliantúil infheistíochta i dtaisteal gníomhach a fógraíodh an 11 Feabhra, ar faoina bhun a cuireadh €240m i leataobh do Bhaile Átha Cliath, do Mhórlimistéar Bhaile Átha Cliath agus do chathracha réigiúnacha cheana féin.

Baineann fógairt an lae inniu leis an gcéad mhórchlár infheistíochta i dtaisteal gníomhach riamh do cheantar tuaithe na hÉireann. Is mó an cistiú €72.8m atá á fhógairt inniu do chontaetha tuaithe ná an cistiú ar fad a tugadh don chlár náisiúnta siúil agus rothaíochta sa bhliain 2019.

Cé gur leithdháil an tÚdarás €50m ar an scéim seo ar dtús, méadaíodh an cistiú go níos mó ná €70m mar gheall ar an líon tograí tionscadail atá á bhforbairt ag údaráis áitiúla.

Ag labhairt dó ag fógairt an lae inniu, dúirt an tAire Ryan:

“Tá an leithdháileadh seo ina chéim thábhachtach eile chun tosaigh i dtreo roghanna iompair atá glas agus inbhuanaithe a thabhairt do dhaoine lasmuigh de na lárionaid uirbeacha mhóra.

Trí shaoráidí siúil agus rothaíochta ar ardchaighdeán a fhorbairt, spreagfar tuilleadh daoine tosú ar mhodhanna gníomhacha taistil a úsáid agus déanfar rannchuidiú leis an gcomhrac in aghaidh an athraithe aeráide. Cabhróidh an cistiú seo le pobail a nascadh agus leis an siúl agus an rothaíocht a dhéanamh tarraingteach, sábháilte agus inrochtana do gach duine.

Déanfar fíordhifear do phobail tuaithe ar fud na tíre mar thoradh ar na tionscadail atá á gcistiú inniu, ach níl ansin ach an tús.

Táim ag tnúth le dul chun cinn na dtionscadal a fheiceáil thar an mbliain atá romhainn agus le gréasáin siúil agus rothaíochta ar ardchaighdeán a fhorbairt thar shaolré an rialtais seo.

Dúirt Hildegarde Naughton, an tAire Stáit:

“Is dírithe go háirithe ar cheantar tuaithe na hÉireann atá an cistiú atá á fhógairt inniu; agus é bunaithe ar an ngealltanas a thug an Rialtas beagnach €1m a chaitheamh gach lá ar thionscadail siúil agus rothaíochta, tacóidh an cistiú seo le bonneagar taistil ghníomhaigh ar ardchaighdeán a chur i bhfeidhm i mbailte agus sráidbhailte tuaithe ar fud na tíre ar fad. Tá áthas ar leith orm go bhfuair tionscadail shonracha cistiú mar chuid den chlár Bealaí Sábháilte chuig an Scoil, rud a sheolamar níos luaithe an mhí seo. Cinnteoidh an bonneagar sábháilte inrochtana seo go mbeidh ár bpobail áitiúla níos nasctha agus go leanfaidh cineálacha taistil níos sláintiúla le héirí níos tarraingtí.”

Dúirt Anne Graham, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin an Údaráis Náisiúnta Iompair:

“Tríd an leithdháileadh atá á fhógairt inniu, tabharfar níos mó cistiúcháin do limistéir thuaithe ná ag am ar bith riamh. Is mó an cistiú sin ná an buiséad siúil agus rothaíochta ar fad don bhliain 2019, atá mar fhianaise ar an éileamh soiléir atá ann ar an gcineál bonneagair sin ar fud na tíre.

Cinnteoidh an leithdháileadh seo go n-éireoidh na modhanna iompair sin níos gasta agus, rud ba thábhachtaí fós, go n-éireoidh siad níos sábháilte.  

“D’oibrigh ár gcuid comhpháirtithe sna húdaráis áitiúla linn ar fud an phróisis leithdháileacháin agus táimid ag tnúth le hobair i gcomhar leo arís le linn na gcéad chéimeanna forbartha eile.”

Ba ar chistiú nua a dhíríomar san fhógairt uainn an 11 Feabhra, agus táimid ag díriú ar chistiú nua arís eile inniu, áit a dtabharfar cuid mhór den chistiú d’údaráis chun tionscadail nua a sholáthar.”

Ba iad seo a leanas na mórthionscadail eile a fógraíodh inniu;

Tionscadal Comhairle Leithdháileadh
Cosán agus Rotharbhealach Bhóthar an Aird Mhóir, an Muileann gCearr Comhairle Contae na hIarmhí €1.1m
Córas Aontreo, Sráid an Droichid, Callainn Comhairle Contae Chill Chainnigh €1.1m
Droichead Dhoiminic, Droichead Átha Comhairle Contae Lú €1.1m
Gréasán Rothaíochta Thulach Mhór, Céim 1 Comhairle Contae Uíbh Fhailí €500,000
Scéim Feabhsúcháin Chosán Bhóthar Coleville Comhairle Contae Thiobraid Árann €310,000
Uasghrádú ar Ghlasbhealach Bhaile Mhuineacháin Comhairle Contae Mhuineacháin €250,000
Áth Liag – Lána Rothar Comhairle Contae Ros Comáin €200,000
Scéim Siúil/Rothaíochta Institiúid Teicneolaíochta Shligigh-Hyde Bridge Comhairle Contae Shligigh €100,000

 

Áirítear leis na tionscadail ghinearálta sa scéim an spás foriomlán bóithre a ath-leithdháileadh, áit a ndéanfar lánaí rothar a leithscaradh agus a leathnófar cosáin. Áirítear leo freisin spásanna páirceála do rothaithe agus trasrianta ardaithe coisithe a thabhairt isteach agus leithead bóithre a laghdú ag pointí trasnaithe, mar aon le feabhsuithe eile.

Cuirfear de chúram ar an Údarás Náisiúnta Iompair tacú leis an obair chun bonneagar soghluaisteachta ar ardchaighdeán a fhorbairt ar fud na dtionscadal uile agus an obair sin a mhaoirsiú. Cinnteoidh an tÚdarás freisin go mbeidh na tionscadail inrochtana agus aoisbhách agus go mbeidh siad chomh compordach agus is féidir do dhaoine de gach aois agus cumas.

Tuilleadh faisnéise

Riarfaidh an tÚdarás Náisiúnta Iompair an ciste thar ceann na Roinne Iompair.

Cuirfear cistiú ar fáil ar dtús chun tacú le tionscadail sna háiteanna seo a leanas:

Cúige Laighean: Ceatharlach, Laois, an Longfort, Lú, Cill Chainnigh, Uíbh Fhailí, an Iarmhí, Loch Garman

Cúige Mumhan: An Clár, Ciarraí, Tiobraid Árann 

Cúige Chonnacht: Gaillimh, Liatroim, Maigh Eo, Ros Comáin, Sligeach

Cúige Uladh: An Cabhán, Dún na nGall, Muineachán

Is iad seo a leanas na húdaráis áitiúla atá ar áireamh i bhfógairt an lae inniu: Comhairle Contae Cheatharlach, Comhairle Contae Laoise, Comhairle Contae an Longfoirt, Comhairle Contae Lú, Comhairle Contae Chill Chainnigh, Comhairle Contae Uíbh Fhailí, Comhairle Contae na hIarmhí, Comhairle Contae Loch Garman, Comhairle Contae an Chláir, Comhairle Contae Chiarraí, Comhairle Contae Thiobraid Árann, Comhairle Contae na Gaillimhe, Comhairle Contae Liatroma, Comhairle Contae Mhaigh Eo, Comhairle Contae Ros Comáin, Comhairle Contae Shligigh, Comhairle Contae an Chabháin, Comhairle Contae Dhún na nGall agus Comhairle Contae Mhuineacháin.

Is féidir teacht anseo ar liosta iomlán de na tionscadail atá le cistiú faoin leithdháileadh seo.