Méadú 31m ó 2013 ar líon na bpaisinéirí a úsáideann iompar poiblí

24 August 2017

De réir figiúirí atá eisithe ag an NTA inniu tá méadú beagnach 31 milliún ó 2013 ar líon na dturas ar sheirbhísí iompair phoiblí fóirdheontais agus ar sheirbhísí tráchtála bus.

In 2013,  bhain 210m paisinéir leas as ár gcuid seirbhísí fóirdheontais Oibleagáide Seirbhíse Poiblí (PSO) agus bhí ardú air sin go dtí 236m in 2016.

Bhain an méadú sa tréimhse sé bliana atá i gceist leis na hoibritheoirí PSO ar fad- bhí ardú ó 17m go 125m i gceist i gcás Bus Átha Cliath; 29m go 32m i gcás Bus Éireann; 38m go 43m ag Iarnród Éireann; 27m go 34m i gcás Luas. Chomh maith leis sin, bhí méadú ar líon na bpaisinéirí ar LocalLink, an clár iompair tuaithe ó 1.42m go 1.79m sna blianta sin.

Léirítear freisin gur tháinig méadú ar an líon a d’úsáid seirbhísí tráchtála bus ceadúnaithe a mhéadaigh ó 20m in 2013 go dtí 25m in 2016. Díreach faoi bhun 10% de gach turas iompair phoiblí a bhaineann  leis na seirbhísí bus seo, seirbhísí atá ceadúnaithe ag an NTA ach nach bhfaigheann aon fhóirdheontas poiblí. Cé gur tháinig laghdú ar an éileamh ar iompar poiblí le linn an chúlaithe eacnamaíochta, tá méadú sách láidir ar líon na dturas a thug paisinéirí le trí bliana anuas. Tháinig ardú ar an líon turas ar gach modh taistil iompair phoiblí PSO, mar shampla. Tháinig méadú 8 milliún in 2014 ar an líon na dturas paisinéirí PSO, méadú 8 milliún eile in 2015 agus méadú 10 milliún in 2016.

Dúirt Anne Graham, Príomhfheidhmeannach an Údaráis Náisiúnta Iompair: “Is léiriú iad na figiúirí atáimid a fhoilsiú inniu go bhfuil éileamh ar sheirbhís iompair phoiblí atá éifeachtach agus iontaofa. Go háirithe nuair atá an rogha iompair phoiblí sin neamhdhíobhálach don chomhshaol agus go bhfuil luach ar airgead i gceist.

“Is iontach an rud go rabhamar in ann freastal ar mhéadú ar  líon na bpaisinéirí gan aon mhéadú ar a n-acmhainn oibríochta arna thomhas de réir ciliméadar suíochán ná aon mhéadú ar líon na n-oibritheoirí ceadúnaithe tráchtála bus.

“I bhfocail eile d’éirigh leis na hoibritheoirí iompair ar fud an Stáit an oiread agus is féidir a bhaint as a gcuid flíteanna chun seirbhísí a chur ar fáil don mhéid is mó daoine ab fhéidir.

“Ach níl ach méid áirithe is féidir a dhéanamh laistigh de na srianta atá ann faoi láthair agus táimid sa gcaoi anois go dteastaíonn infheistíocht mhór chun dul i ngleic le fadhb an tráchta atá ag méadú.

“Sampla maith de seo is ea an clár BusConnects, sraith tionscnamh chun athrú ó bhonn a chur ar iompar poiblí i réigiún Bhaile Átha Cliath, ar fhógair muid mionsonraí faoi le déanaí.  Sna tograí uaillmhianacha seo, beidh seirbhísí bus i gcroí lár an réitigh a bhaineann le dul i ngleic le trácht sa chathair.

“Áirítear ar thograí BusConnects, conair busanna chéad ghlúin eile, Bus Rapid Transit, athleagan amach a dhéanamh ar ghréasán bhealaí na mbusanna agus stadanna nua bus a mbeidh comharthaí agus eolas níos fearr le fáil acu agus é mar chuspóir foriomlán ag an tograí líon na bpaisinéirí a mhéadú 50%.

“Tá na tograí seo ag teacht lenár dtiomantais do mhórthionscadail iarnróid mar an Metro Thuaidh agus Síneadh ar an Dart. Tríd is tríd is i mórcheantar Bhaile Átha Cliath a thugtar faoi bheagnach 200 milliún turas paisinéirí nó beagnach 84% de gach turas paisinéirí arna mhaoiniú ag PSO.

“Ach ní ábhar imní é iompar poiblí do Bhaile Átha Cliath amháin agus is údar misnigh an méadú atá ar líon na bpaisinéirí i gCorcaigh ar sheirbhís busanna agus traenach.

“Tá méadú láidir 20.3% tríd is tríd i gceantar Chorcaí agus méadú 29% ar sheirbhísí comaitéireachta Iarnród Éireann Chorcaí le 4 bliana.

“Le linn an chúlaithe eacnamaíochta, thit líon na dturas a thug paisinéirí i gcathracha réigiúnacha ar Bhus Éireann, titim a bhí ar aon dul leis an titim i gcás Bus Átha Cliath.  Tháinig moilliú ar an titim sin in 2011 agus d’fhan sé seasmhach in 2012 agus 2013 nó gur tháinig ardú sách mór 3.7% ar an líon sin arís in 2014.

“Bhí an méadú in 2015 agus in 2016 in éineacht sa mbreis ar 8%  agus ba mar gheall ar chomh maith is a d’éirigh leis an athleagan amach ar sheirbhís bus sna cathracha réigiúnacha ba chúis leis sin, tionscnamh ar thionscain an tÚdarás.

“Leanfaidh an NTA ag obair le hoifigí LocalLink i gceantair thuaithe in Éirinn chun tuilleadh seirbhísí iompair phoiblí a chur ar fáil do gach pobal agus le hoibritheoirí busanna ar fud na tíre chun tuilleadh bealaí agus seirbhísí a fhorbairt.”

Staidrimh Bus agus Iarnróid in Éirinn – Seirbhísí arna maoiniú ag an Stát

Bhí na figiúirí i measc na bhfigiúirí atá i “Bus and Rail Statistics for Ireland – State Funded Services” agus an “Commercial Bus Services in Ireland – 2016 Statistics”  a foilsíodh inniu.

Tá an fhaisnéis atá sa bhfeasachán bunaithe de chuid is mó ar thuarascálacha a chuir na hoibritheoirí féin ar fáil; Bus Átha Cliath agus Bus Éireann a chuireann formhór na seirbhísí bus PSO ar fáil fad a chuireann Iarnród Éireann agus an Luas na seirbhísí iarnróid troma agus éadroma, faoi seach, ar fáil. Baineann an fhaisnéis seo den chuid is mó leis an tréimhse ó Eanáir 2010 suas go dtí deireadh na bliana 2016.

Ábhar a chlúdaítear sa bhFeasachán:

  • líon na dturas a thug paisinéirí
  • pátrúnacht agus gnáthshonraí eacnamaíochta
  • líon iomlán na gciliméadar feithiclí oibritheora agus na gciliméadar suíochán feithicle
  • ioncaim ó phaisinéirí
  • ioncam ón scéim saorthaistil
  • fóirdheontas Oibleagáid Seirbhíse Poiblí (PSO)
  • Sonraí ar fhlíteanna
  • flíteanna a bhfuil rochtain ag cathaoireacha rothaí orthu
  • ollchostas na n-oibritheoirí ar conradh

Seirbhísí Tráchtála Bu in Éirinn – Staidrimh 2016

Is ó eolas a tháinig ó oibritheoirí príobháideacha a chuireann seirbhís rialta bus ar fáil,  a bhfuil tús, pointe idirmheánach nó ceann scríbe aige in Éirinn, is mó atá na sonraí atá curtha le chéile sa bhfeasachán bunaithe. Chomh maith leis sin, cuireann dhá phríomhoibritheoir bus Stáit, Bus Éireann agus Dublin Bus, seirbhísí den chineál sin ar fáil. Baineann an fhaisnéis seo den chuid is mó leis an tréimhse ó Eanáir 2013 suas go dtí deireadh na bliana 2016.

Ábhar a chlúdaítear sa bhFeasachán:

  • líon na n-oibritheoirí agus na gceadúnas
  • líon iomlán na dturas a thug paisinéirí
  • ciliméadair feithicle sceidealta
  • ioncam agus ticéid
  • turais a thug paisinéirí faoin scéim saorthaistil
  • Sonraí ar fhlíteanna
  • flíteanna a bhfuil rochtain ag cathaoireacha rothaí orthu