Cearta Paisinéirí an Aontais Eorpaigh agus iad ag Taisteal ar Muir agus ar Uiscebhealach Intíre

Cearta Paisinéirí Muiriompair le linn na Géarchéime COVID-19

20/04/2020

I gcomhthéacs na ndálaí atá ag teacht chun cinn, tairgeann an tÚdarás Náisiúnta Iompair an chomhairle seo a leanas do phaisinéirí.

I gcás go gcuirfidh an t-oibritheoir do thuras ar ceal:

Beidh feidhm fós le linn na paindéime COVID-19 ag an bhfaisnéis atá ar fáil ar leathanach Gréasáin an Údaráis Náisiúnta Iompair maidir le Cearta Paisinéirí Muiriompair. I gcás go gcuirfidh oibritheoir do thuras ar ceal, beidh tú i dteideal an fhaisnéis sin a fháil a luaithe is féidir agus ní mór aisíocaíocht iomlán nó athródú a thairiscint duit faoi Rialachán (AE) Uimh. 1177/2010.  Níl aon oibleagáid ort glacadh le dearbháin.

Maidir le cúiteamh a íoc i gcás go moilleofar turais nó go gcuirfear ar ceal iad, foráiltear leis an Rialachán do dhíolúintí i dtaca le cúiteamh do phaisinéirí i “gcúinsí neamhghnácha”.  Tá Coimisiún an Aontais Eorpaigh den tuairim gurb amhlaidh, i gcás go ndéanfaidh údaráis phoiblí bearta a bhfuil mar aidhm leo an phaindéim COVID-19 a shrianadh, go bhfuil na bearta sin lasmuigh de rialú na n-iompróirí agus gurb iad “cúinsí neamhghnácha” is cúis leo.  Dá bhrí sin, ní bheidh ar na hiompróirí cúiteamh a íoc i gcás gur de bharr COVID-19 a chuirtear an tseirbhís ar ceal.

I gcás go gcuirfidh tú do thuras ar ceal:

Ní phléitear go sonrach sna Rialacháin ón Aontas Eorpach le cásanna nach mbeidh paisinéirí in ann taisteal iontu agus ina mbeidh fonn orthu turas a chur ar ceal.  Is ag brath ar an gcineál ticéid atá agat leis an iompróir atá an cheist faoi cé acu a gheobhaidh tú aisíocaíocht nó nach bhfaighidh.

Tá dearbháin á dtairiscint ag roinnt oibritheoirí do phaisinéirí nach bhfuil fonn orthu (nó nach bhfuil údarás acu) taisteal a thuilleadh de bharr na ráige COVID-19. Féadfaidh paisinéirí na dearbháin sin a úsáid le haghaidh turas eile leis an iompróir céanna laistigh den tréimhse ama arna socrú ag an iompróir.

Molaimid do gach paisinéir téarmaí agus coinníollacha an oibritheora a sheiceáil.

An gclúdófar mé le m’árachas taistil sa chás COVID-19 seo?

Beidh an cheist seo ag brath ar an gcineál polasaí árachais atá ceannaithe agat agus ar na téarmaí agus coinníollacha atá ceangailte leis an bpolasaí sin.  Ba cheart duit teagmháil a dhéanamh le do chuideachta árachais nó le do bhróicéir árachais chun cabhair a fháil.

Cás a bhíonn ag athrú de shíor is ea an cás COVID-19 agus leanfaimid leis an eolas is deireanaí a thabhairt do phaisinéirí ar ár suíomh Gréasáin.  Ba cheart do phaisinéirí seiceáil le hoibritheoirí go díreach maidir lena dturas.

Chruthaigh Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Parlaimint na hEorpa cearta do phaisinéirí agus iad ag taisteal ar muir agus ar uiscebhealach intíre trí Rialachán 1177/2010.

Tá feidhm ag an Rialachán maidir le paisinéirí atá ag taisteal ar sheirbhísí muirí:

  • A dhéanann seoltóireacht ó chalafort san Aontas Eorpach;
  • A dhéanann seoltóireacht chuig calafort san Aontas Eorpach ó chalafort lasmuigh den Aontas Eorpach, i gcás gurb é iompróir de chuid an Aontais Eorpaigh a oibríonn an tseirbhís; agus
  • Atá comhdhéanta de chúrsálacha inarb é calafort san Aontas Eorpach an pointe imeachta, cé go bhfuil roinnt díolúintí i bhfeidhm maidir le cearta i dtaca le hathródú, aisíocaíocht agus cúiteamh as moill ar theacht.

Níl feidhm ag an Rialachán maidir leo seo:

  • Longa ar a bhféadfar 12 phaisinéir ar a mhéad a iompar;
  • Longa nach bhfuil níos mó ná triúr ball den chriú acu;
  • Longa a chlúdaíonn fad slí is lú ná 500 méadar – in aon treo amháin;
  • An chuid is mó de chineálacha long stairiúil; agus
  • Turais aeraíochta agus turais chuartaíochta.

An Ceart chun Faisnéise

(a)an ceart chun faisnéis shoiléir chuí a fháil ar fud a dtaistil ag gach paisinéir. Áirítear leis sin an ceart chun faisnéis a fháil faoina gcearta, faoi shonraí teagmhála na gcomhlachtaí náisiúnta forfheidhmiúcháin agus faoin inrochtaineacht do dhuine/dhaoine atá faoi mhíchumas agus/nó a bhfuil a shoghluaisteacht/soghluaisteacht laghdaithe.

(b) I gcás go gcuirfear imeacht ar ceal nó go moilleofar é, beidh an ceart ag paisinéirí chun an fhaisnéis sin a fháil ón iompróir nó ón oibritheoir críochfoirt laistigh de 30 nóiméad ón am imeachta sceidealta. Ní mór faisnéis faoin am imeachta/teachta measta nua a chur in iúl do gach paisinéir a luaithe a bheidh sí ar fáil.

An Ceart chun Cúraim agus Cúnaimh

(a) I gcás moill is faide ná 90 nóiméad nó i gcás cealú seirbhíse, ní mór sneaiceanna, béilí nó sóláistí, i gcoibhneas réasúnach leis an am feithimh, a thairiscint saor in aisce do phaisinéirí, más féidir.

(b) Más gá agus más féidir, ní mór don iompróir cóiríocht leormhaith a sholáthar ar bord na loinge nó ar tír agus iompar chuig an gcríochfort calafoirt agus uaidh agus chuig an áit chóiríochta agus uaithi a sholáthar.  Tá uasteorainn €80 (in aghaidh an duine) in aghaidh na hoíche ar feadh trí oíche ar a mhéad i bhfeidhm maidir leis an gcóiríocht sin.

(c) I gcás gur féidir leis an iompróir a chruthú gurb é is cúis leis an gcealú nó leis an moill ná dálaí aimsire a chuirfeadh oibriú sábháilte na loinge i mbaol, ní bheidh oibleagáid orthu cóiríocht thar oíche a thairiscint.

An Ceart chun Athródaithe agus Aisíocaíochta i gCás Cealaithe nó Moill ar Imeacht

I gcás go mbeidh moill os cionn 90 nóiméad ann, beidh an ceart ag paisinéirí chun ceann ar bith díobh seo a roghnú:

  • aisíoc luach an ticéid agus, i gcás inarb ábhartha, turas fillte saor in aisce chuig an gcéad phointe imeachta;

  • Athródú chuig an gceann scríbe deiridh, a luaithe is féidir agus gan aon chostas breise, faoi choinníollacha cosúla.

An Ceart chun Cúiteamh Páirteach ar Phraghas an Ticéid a Iarraidh

Maidir le paisinéirí a roghnaíonn go leanfaidh siad lena dturas agus a bheidh ag déileáil le moill ar an gceann scríbe deiridh a shroicheadh, féadfaidh siad cúiteamh a iarraidh faoin Rialachán.

(a) Féadfaidh paisinéirí cúiteamh atá cothrom le 25% de phraghas an ticéid a iarraidh i leith an chuid sin den turas lena mbaineann i gcás moill a mhaireann tréimhse os cionn na dtréimhsí seo:

Am Turais Sceidealta Am Moillithe (Is faide ná)
Suas go dtí 4 huaire an chloig  > 1 uair an chloig
Is faide ná 4 huaire an chloig (ach nach faide ná 8 n-uaire an chloig)  > 2 uair an chloig
Is faide ná 8 n-uaire an chloig (ach nach faide ná 24 huaire an chloig)  > 3 huaire an chloig
Is faide ná 24 huaire an chloig  > 6 huaire an chloig

(b) I gcás go mbeidh an mhoill níos mó ná dhá oiread an ama atá leagtha amach thuas, féadfaidh paisinéirí cúiteamh atá cothrom le 50% de phraghas an ticéid a iarraidh.

(c) Ní bheidh ar an iompróir cúiteamh a íoc i gcás go gcruthóidh sé gurb é is cúis leis an moill ná dálaí aimsire contúirteacha nó cúinsí neamhghnácha a chuirfeadh oibriú sábháilte na seirbhíse i mbaol.

Cearta Paisinéirí faoi Mhíchumas agus Paisinéirí a bhfuil a Soghluaisteacht Laghdaithe

(a) An ceart chun iompar a rochtain gan aon idirdhealú do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe:

  • Ní fhéadfaidh iompróirí/gníomhairí taistil/tionscnóirí turas:
    • Diúltú d’áirithint a ghlacadh;
    • Diúltú do thicéad a sholáthar; nó
    • Diúltú do dhaoine a bhordáil ar fhorais a míchumais nó ar fhorais a soghluaisteachta laghdaithe.
    • Ní fhéadfaidh siad iarraidh ar an duine costas níos airde a íoc as ticéid a chur in áirithe.
  • I gcás nach féidir an duine aonair a iompar ar bhord loinge ar chúiseanna sábháilteachta, nó i gcás nach féidir leis an duine sin dul ar bhord na loinge nó dul i dtír ón long go sábháilte de bharr dhearadh na loinge, an chalafoirt agus an trealaimh, beidh ar iompróirí/ghníomhairí taistil/thionscnóirí turas gach iarracht a dhéanamh faisnéis faoi chineálacha malartacha iompair a thabhairt.
  • I gcás go mbeidh an duine faoi mhíchumas nó an duine a bhfuil a shoghluaisteacht/soghluaisteacht laghdaithe á thionlacan/tionlacan ag madra aitheanta cúnaimh nó ag cúramóir, ní mór cóiríocht a chur ar fáil don mhadra nó don chúramóir in éineacht leis an duine sin gan aon mhuirear breise.
  • Cuirfidh iompróirí agus oibritheoirí críochfoirt na coinníollacha rochtana ar fáil don phobal go fisiciúil (ach comharthaí a úsáid) agus ar an Idirlíon i bhformáidí inrochtana ach é a iarraidh.

(b) An ceart chun cúnaimh speisialta

  • Tá an ceart ag daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe chun cúnamh saor in aisce a fháil agus iad ag dul ar bhord na loinge, ag dul i dtír ón long agus ag athrú loinge agus iad ar bord agus ag an gcalafort.
  • Ní mór don duine aonair, tráth nach déanaí ná 48 n-uaire an chloig roimh ré, fógra a thabhairt don iompróir nó don oibritheoir críochfoirt faoina riachtanais agus ní mór dó/di an pointe ainmnithe a shroicheadh ag an am comhaontaithe roimh an am imeachta foilsithe.
  • I gcás nach dtabharfar réamhfhógra 48 n-uaire an chloig, beidh ar an iompróir nó ar an oibritheoir calafoirt gach iarracht réasúnach a dhéanamh chun cabhrú leis an duine dul ar bhord na loinge, dul i dtír ón long agus taisteal ar an long.

(c) An ceart chun cúitimh i leith caillteanas trealaimh soghluaisteachta nó damáiste dó

  • I gcás go gcaillfear trealamh nó go ndéanfar damáiste dó, beidh ar an iompróir nó ar an gcríochfort cúiteamh a íoc atá comhfhreagrach do luach athsholáthair an trealaimh lena mbaineann nó, más féidir, beidh air na costais a bhaineann lena dheisiú a íoc. Ní hamhlaidh sin ach amháin i gcás go mbeidh an locht ar thaobh an iompróra/an chríochfoirt.

An Ceart chun Gearáin a Dhéanamh leis na hIompróirí agus leis na Comhlachtaí Náisiúnta Forfheidhmiúcháin

(a) Féadfaidh paisinéirí gearáin a dhéanamh leis na hiompróirí nó leis na hoibritheoirí críochfoirt laistigh de dhá mhí ón dáta ar ar oibríodh an tseirbhís nó ar a raibh an tseirbhís le hoibriú.

(b) Ní mór don iompróir/don oibritheoir críochfoirt córas láimhseála gearán a bheith i bhfeidhm aige. Ní mór fógra a thabhairt don phaisinéir laistigh de mhí amháin ón dáta ar a ndearnadh an gearán. Ní mór freagra deiridh a thabhairt laistigh de dhá mhí ón dáta ar a ndearnadh an gearán.

(c) Féadfaidh paisinéirí gearáin faoi sháruithe líomhnaithe ar Rialachán (AE) Uimh. 1177/2010 a dhéanamh leis na comhlachtaí náisiúnta forfheidhmiúcháin.

Forfheidhmiú na gCeart Paisinéirí ag na Comhlachtaí Náisiúnta Forfheidhmiúcháin agus Sásraí Inchomparáide

Laistigh de na Ballstáit, forfheidhmeoidh an comhlacht náisiúnta forfheidhmiúcháin ainmnithe (an tÚdarás Náisiúnta Iompair in Éirinn) na cearta agus na hoibleagáidí a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1177/2010.

Foirm Ghearáin um Chearta Paisinéirí

Chun a chinntiú go ndéanfar breithniú éifeachtúil ar ghearáin a tharchuirtear chuig an Údarás Náisiúnta Iompair, moltar duit an fhoirm ghearáin ar líne a chomhlánú, agus an comhfhreagras ar fad idir tú agus an t-oibritheoir á sheoladh ina teannta.

Ba cheart duit bunchóipeanna a choinneáil den chomhfhreagras ar fad a sheolann tú agus a fhaigheann tú.

Naisc Úsáideacha

An Eoraip Agatsa – Cearta Paisinéirí Loinge