Cearta Paisinéirí an Aontais Eorpaigh agus iad ag Taisteal de Bhus/de Chóiste

Chruthaigh Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Parlaimint na hEorpa cearta do phaisinéirí agus iad ag taisteal de bhus nó de chóiste trí Rialachán 181/2011.  Foráiltear leis an Rialachán do bhearta éagsúla chun paisinéirí bus/cóiste agus a ngiuirléidí a chosaint.

Tá feidhm ag na cearta sin maidir leo seo:

  • Aon turas a thosaíonn nó a chríochnaíonn laistigh den Aontas Eorpach.
  • Paisinéirí atá ag taisteal ar sheirbhísí rialta ag a bhfuil bealaí sonraithe agus stadanna réamhchinntithe ag eatraimh shonraithe.

Cúnamh i gCás Moille nó Cealaithe

Tabhair faoi deara: Níl feidhm ag na rialacha seo ach amháin maidir le seirbhísí rialta atá níos faide ná 250 km ar fad.

(a) I gcás go gcuirfear moill ar do sheirbhís nó go gcealófar í, ní mór faisnéis faoin gcás a thabhairt duit agus ní mór amanna measta nua imeachta agus teachta a thabhairt duit a luaithe a bheidh siad ar fáil.

(b) I gcás go gcuirfear moill de 90 nóiméad nó níos mó ar sheirbhís nó i gcás go gcealófar í, ní mór sneaiceanna, béilí nó sóláistí, i gcoibhneas réasúnach leis an am feithimh nua, a thairiscint saor in aisce do phaisinéirí, más féidir.

(c) I gcás go mbeidh do sheirbhís níos faide ná 250 km ar fad agus go ndiúltófar bordáil duit de bharr ró-áirithinte, nó i gcás go measfaidh an t-iompróir cealú nó moille is faide ná dhá uair, beidh an ceart ag paisinéirí chun ceann ar bith díobh seo a roghnú:

  • Aisíoc iomlán luach an ticéid agus, i gcás inarb ábhartha, turas fillte saor in aisce chuig an gcéad phointe imeachta;

  • Athródú chuig an gceann scríbe deiridh, a luaithe is féidir agus gan aon chostas breise, faoi choinníollacha cosúla.

(d) I gcás nach dtairgfidh oibritheoir na seirbhíse na roghanna sin duit le linn na moille, féadfaidh tú gearán a chur isteach tráth níos déanaí agus aisíocaíocht phraghas do thicéid agus cúiteamh arb ionann é agus 50% de phraghas an ticéid a éileamh.

Neamh-idirdhealú

(a) Cosnaítear thú ar idirdhealú atá bunaithe ar do náisiúntacht, ar d’áit chónaithe agus ar do mhíchumas nuair a cheannaíonn tú ticéad agus le linn do thurais.

Daoine faoi Mhíchumas agus Daoine a bhfuil a Soghluaisteacht Laghdaithe

(a) Tá na cearta céanna chun taistil agat is atá ag paisinéirí eile agus ba cheart duit bheith in ann taisteal gan deacracht agus gan aon chostas breise. Ní fhéadfar diúltú do thicéad a thabhairt duit nó tú a thabhairt ar bord ach amháin i gcás nach mbeidh sé indéanta go fisiciúil de bharr dhearadh na feithicle, an stad bus nó an chríochfoirt nó i gcás go sárófaí rialacha sláinte agus sábháilteachta dá ndéanfaí amhlaidh.

(b) I gcás go mbeidh fad turais sceidealta do sheirbhíse níos faide ná 250 km, ní mór d’iompróirí agus do bhainisteoirí críochfoirt bus cúnamh a thabhairt duit saor in aisce ag na críochfoirt bus ainmnithe agus ar bhord an bhus/an chóiste. De rogha air sin, féadfaidh siad glacadh leis an duine atá do do thionlacan dul ar bord saor in aisce.

(c) Má theastaíonn cúnamh uait, ní mór duit fógra a thabhairt dóibh 36 huaire an chloig ar a dhéanaí roimh do thuras.

(d) I gcás go gcaillfear do threalamh soghluaisteachta nó go ndéanfar damáiste dó agus go mbeidh an locht ar thaobh an iompróra nó an bhainisteora críochfoirt, ní mór cúiteamh iomlán a íoc leat.

Cearta Faisnéise

(a) Ní mór faisnéis chuí a thabhairt duit faoi do sheirbhís agus faoi do chearta mar phaisinéir.

(b) Ceanglaítear ar na cuideachtaí bus agus cóiste agus ar chomhlachtaí bainistíochta críochfoirt fógra a thabhairt duit faoi do chearta mar phaisinéir sula dtosóidh tú do thuras.

Dliteanas i leith na bPaisinéirí agus a mBagáiste

Tabhair faoi deara: Níl feidhm ag na rialacha seo ach amháin maidir le seirbhísí rialta atá níos faide ná 250 km ar fad.

(a) Féadfar iompróirí a choinneáil faoi dhliteanas i leith cúiteamh a íoc i leith díobháil nó bás paisinéirí agus i leith chaillteanas a mbagáiste, nó damáiste dó, de bharr tionóiscí.

(b) Tabharfaidh iompróirí cúnamh freisin chun freastal ar riachtanais phraiticiúla láithreacha na bpaisinéirí tar éis tionóisce.

Cad ba cheart do phaisinéirí a dhéanamh má mheasann siad gur sáraíodh a gcearta faoi Rialachán 181/2011?

(a) Ba cheart do phaisinéirí a ngearán a dhéanamh ar dtús leis an iompróir iomchuí nó an leis an oibritheoir críochfoirt iomchuí laistigh de thrí mhí ón dáta ar ar tugadh an tseirbhís nó ar a raibh an tseirbhís le tabhairt.

(b) Ní mór don iompróir/don oibritheoir críochfoirt freagra a thabhairt don phaisinéir laistigh de mhí amháin chun a chur in iúl dó/di cé acu a seasadh leis an ngearán, a diúltaíodh don ghearán nó atá an gearán faoi imscrúdú fós.

(c) Ní mór freagra deiridh a eisiúint laistigh de thrí mhí ón dáta ar a bhfuarthas an gearán.

Más rud é go bhfuil díomá ar phaisinéir faoin bhfreagra a fuarthas ón iompróir nó ón oibritheoir críochfoirt agus nach bhfuil an gearán réitithe, féadfaidh an paisinéir achomharc a dhéanamh leis an Údarás Náisiúnta Iompair, arb é an comhlacht forfheidhmiúcháin ainmnithe do Rialachán 181/2011 in Éirinn é.

Foirm Ghearáin um Chearta Paisinéirí

Chun a chinntiú go mbeidh an tÚdarás Náisiúnta Iompair in ann déileáil leis an ngearán uait go mear, bain úsáid as an bhfoirm ghearáin ar líne, agus cóip den chumarsáid ar fad idir tú agus an t-oibritheoir á seoladh ina teannta.

Ba cheart duit bunchóipeanna a choinneáil de na cumarsáidí ar fad idir tú agus an tÚdarás Náisiúnta Iompair.

Déanfaimid imscrúdú neamhspleách ar an ngearán agus tabharfaimid comhairle ar an mbealach is fearr inar féidir do ghearán a réiteach. Más cuí, cuirfear bearta i bhfeidhm chun a chinntiú nach dtiocfaidh imthosca den chineál céanna chun cinn sa todhchaí.

Ina dhiaidh sin, gheobhaidh tú freagra deiridh i scríbhinn. Ba cheart duit an freagra sin a fháil laistigh de mhí amháin ó do ghearán a fháil.  Más rud é go mbeidh tuilleadh ama ag teastáil uainn, inseoimid duit cén fáth a mbeidh an t-am sin ag teastáil uainn agus cén uair a gheobhaidh tú freagra deiridh.

Naisc Úsáideacha

An Eoraip Agatsa – Cearta Paisinéirí Bus agus Cóiste