Cearta Paisinéirí an Aontais Eorpaigh agus iad ag Taisteal d’Iarnród

Cairt Custaiméirí Iarnród Éireann

D’fhorbair Iarnród Éireann a Chairt Custaiméirí féin, rud ina leagtar amach na leibhéil seirbhíse agus na caighdeáin seirbhíse a bhfuil tú i dteideal a bheith ag súil leo mar chustaiméir de chuid Iarnród Éireann.

Pléitear saincheisteanna ar nós na gceann seo a leanas sa Chairt Custaiméirí:

(a) Caighdeáin feidhmíochta agus cháilíochta

(b) Faisnéis do chustaiméirí

(c) Aisíocaíochtaí ticéid

(d) Íocaíochtaí cúitimh

(e) Nósanna imeachta gearán

Téann a lán gnéithe den Chairt Custaiméirí níos faide ná ceanglais Rialachán (CE) Uimh. 1371/2007, go háirithe maidir le taisteal intíre d’iarnród. Dá réir sin, níl aon stádas dlíthiúil acu agus ní fhéadfaidh an tÚdarás Náisiúnta Iompair iad a fhorfheidhmiú. Mar sin féin, cumhdaítear leis an Rialachán roinnt ceart do phaisinéirí intíre agus ráthaítear cearta fairsinge do phaisinéirí idirnáisiúnta iarnróid.

Achoimre ar Chearta Sonracha Paisinéirí faoi Rialachán (CE) Uimh. 1371/2007

Taisteal Intíre d’Iarnród in Éirinn

Tá taisteal intíre d’iarnród in Éirinn díolmhaithe den chuid is mó ó Rialachán (CE) Uimh. 1371/2007. Mar sin féin, baineann paisinéirí ar sheirbhísí iarnróid intíre leas anois as bearta lena gceanglaítear ar oibritheoirí iarnróid:

(a) Paisinéirí iarnróid a éascú ticéid a cheannach (Airteagal 9).

(b) Paisinéirí a chúiteamh i gcás go mbeidh an t-oibritheoir faoi dhliteanas i leith caillteanas bagáiste (Airteagal 11).

(c) Árachas leordhóthanach a bheith acu (Airteagal 12).

(d) Rochtain neamh-idirdhealaitheach ar iompar d’iarnród a áirithiú do dhaoine faoi mhíchumas nó do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe. Áirítear leis sin stáisiúin, áirithintí ticéid agus ceannacháin ticéid, gan aon chostas breise (Airteagal 19).

(e) Faisnéis a sholáthar faoi inrochtaineacht na seirbhísí iarnróid do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe (Airteagal 20(1)).

(f) Slándáil phearsanta na bpaisinéirí a áirithiú i stáisiúin iarnróid agus ar thraenacha (Airteagal 26).

(g) Paisinéirí a chúiteamh i gcás báis nó tionóisce (Airteagal 13).

Taisteal Idirnáisiúnta d’Iarnród (e.g. Seirbhísí Iarnróid idir Baile Átha Cliath agus Béal Feirste)

De bhreis ar na cearta a thugtar do phaisinéirí ar sheirbhísí intíre faoin Rialachán, baineann paisinéirí ar sheirbhísí iarnróid idirnáisiúnta leas freisin as bearta:

(a) Lena gceanglaítear ar oibritheoirí iarnróid agus ar ghníomhairí ticéad faisnéis taistil a thabhairt do phaisinéirí (Airteagal 8).

(b) Lena gceanglaítear ar oibritheoirí iarnróid réamhíocaíochtaí a dhéanamh chun freastal ar chostais láithreacha aon bháis nó aon díobhála atá bainteach le húsáid na seirbhíse iarnróid (Airteagal 13).

(c) Lena gceanglaítear cúiteamh i gcás moilleanna, cealuithe nó nasc caillte (Airteagal 17).

(d) Lena gceanglaítear íosmhéideanna cúitimh arb ionann iad agus 25% de phraghas an ticéid i leith moilleanna idir uair amháin an chloig agus dhá uair an chloig ar fad, agus suas go dtí 50% de phraghas an ticéid i gcás moilleanna de dhá uair an chloig nó níos faide. Is amhlaidh sin i gcás gur mó ná €4 atá an cúiteamh atá le híoc.

(e) Lena gceanglaítear cúnamh do phaisinéirí (lena n-áirítear sólaistí, cóiríocht agus socruithe malartacha taistil nuair is gá) i gcás moilleanna is faide ná 60 nóiméad (Airteagal 18).

(f) Lena gceanglaítear ar oibritheoirí iarnróid cúnamh a thabhairt saor in aisce do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe ag stáisiúin iarnróid agus ar bhord traenacha (Airteagail 22 agus 23), faoi réir coinníollacha áirithe (mar shampla, an ceanglas chun réamhfhógra a thabhairt d’oibritheoirí iarnróid) (Airteagal 24).

(g) Lena gceanglaítear ar oibritheoirí iarnróid sásra láimhseála gearán a chur ar bun le haghaidh na gceart agus na n-oibleagáidí a chumhdaítear le Rialachán 1371/2007 (Airteagal 27).

(h) Lena gceanglaítear ar oibritheoirí iarnróid caighdeáin cháilíochta seirbhíse a shainiú agus cur chun feidhme agus faireachán a dhéanamh ar chóras bainistíochta cáilíochta gaolmhar (Airteagal 28).

Cad ba cheart do phaisinéirí a dhéanamh má tá gearán faoi thaisteal d’iarnród acu?

Ba cheart do phaisinéirí aon fhadhbanna nó aon ghearáin atá acu a chur in iúl don oibritheoir iarnróid ar an gcéad dul síos i ngach cás. In Éirinn, ciallaíonn sé sin teagmháil a dhéanamh le hIarnród Éireann.

Ba cheart freagra cuí atá i gcomhréir leis an gCairt Custaiméirí a thabhairt mar thoradh air sin.

Moltar sa Chairt go ndéanfaí iarracht aon fhadhb a réiteach ar leibhéal áitiúil nó ar leibhéal an stáisiúin. Mura mbíonn sé sin sásúil nó más fearr leat gan aon fhadhb a réiteach ar leibhéal áitiúil, tugtar sa Chairt sonraí teagmhála ábhartha don rannóg um Chaidreamh le Custaiméirí in Iarnród Éireann.

Foirm Ghearáin um Chearta Paisinéirí

Más rud é go bhfuil díomá ort faoi bhreith ó oibritheoir iarnróid Éireannach agus go gcreideann tú gur mhainnigh an t-oibritheoir iarnróid do chearta faoin Rialachán a chomhlíonadh (nó mura bhfaigheann tú freagra laistigh de mhí amháin ó ghearán a chumhdaítear leis an Rialachán a dhéanamh), féadfaidh tú gearán a dhéanamh leis an Údarás Náisiúnta Iompair.

Chun a chinntiú go ndéanfar breithniú éifeachtúil ar ghearáin a tharchuirtear chuig an Údarás Náisiúnta Iompair (insert link), moltar duit an fhoirm ghearáin ar líne a chomhlánú, agus an comhfhreagras ar fad idir tú agus an t-oibritheoir á sheoladh ina teannta.

Ba cheart duit bunchóipeanna a choinneáil den chomhfhreagras ar fad a cuireadh ar aghaidh.

Foirm Ghearáin um Chearta Paisinéirí

Tá sé de bheartas ag an Údarás Náisiúnta Iompair a admháil laistigh de chúig lá oibre go bhfuarthas gearán agus breith a thabhairt ar an ngearán laistigh de mhí amháin.

Fógra Príobháideachta ón Údarás Náisiúnta Iompair maidir le Cearta Paisinéirí

Doiciméid Úsáideacha