D’fhógair an tÚdarás Náisiúnta Iompair go mbeadh rogha nua ann is féidir le húsáideoirí Bhus Éireann i gCathair Luimnigh a úsáid le haghaidh ticéid a cheannach

19 May 2021

Is é an toradh a bheidh ar Aip TFI Go go laghdófar tuilleadh an gá le hairgead tirim a úsáid ar iompar poiblí.

D’fhógair an tÚdarás Náisiúnta Iompair inniu go mbeadh rogha nua ann is féidir le húsáideoirí Bhus Éireann i gCathair Luimnigh a úsáid le haghaidh ticéid a cheannach. Ón lá inniu, beidh custaiméirí in ann Aip nua TFI Go a úsáid ar sheirbhísí roghnaithe de chuid Bhus Éireann a oibríonn i gcrios dearg Chathair Luimnigh.

Leis an Aip, tugtar modh caoithiúil eile d’úsáideoirí an gá le híocaíochtaí airgid thirim a úsáid ar iompar poiblí a laghdú, rud atá ar aon dul leis an gcomhairle sláinte poiblí maidir le Covid-19 a chosc.

Oibreoidh an córas nua ar bhealaí roghnaithe de chuid Bhus Éireann i limistéar Bhaile Átha Cliath ón lá inniu freisin. Táthar ag súil go leathnófar an córas chuig seirbhísí i gCorcaigh agus i bPort Láirge sna míonna atá le teacht. Táthar ag súil go mbeidh Aip TFI Go ar fáil lena húsáid ar sheirbhísí Naisc Áitiúil níos moille i mbliana.

Oibreoidh Aip TFI Go ar 30 ceann de sheirbhísí Bhus Éireann ón lá inniu ar na bealaí seo a leanas:

Liosta Bealaí:

Luimneach Réigiún an Oirthir
301 – 306* 103
72 103X
314 105
320 109
321 109A
328 109B
329 111
333 111A
336 115
341 132
347 133
313 101
323
323X
332
332A
343
343X
345A
345B

 

* Díolfar ticéid do Bhealaí 301 agus 306 mar thicéid do Chrios Dearg Chathair Luimnigh