Méadú 25% i Seirbhísí Bus Tuaithe Beartaithe Faoi i Thograí Ón Údarás Náisiúnta Iompair le hAghaid ‘Éire a Nascadh’

9 December 2021

Tá sé beartaithe ag an Údarás Náisiúnta Iompair (an tÚdarás) seirbhísí bus tuaithe a mhéadú faoi thart ar 25% mar chuid den phlean cúig bliana ‘Éire a Nascadh’, rud a foilsíodh le haghaidh comhairliúchán poiblí inniu.

Is é atá sa phlean ‘Éire a Nascadh’ ná mórthionscnamh náisiúnta iompair phoiblí ar fhorbair an tÚdarás é d’fhonn nascacht iompair phoiblí a mhéadú, go háirithe do dhaoine a chónaíonn lasmuigh dár gcuid cathracha agus bailte móra. Tá an plean ag teacht leis an gcreat beartais náisiúnta reatha, lena n-áirítear an Beartas Forbartha Tuaithe 2021-2025, Tionscadal Éireann 2040 agus an Plean Gnímh don Aeráid.

Tá sé beartaithe faoin bplean an gréasán iompair phoiblí a leathnú i limistéir thuaithe agus leibhéil seirbhíse a mhéadú. Mar thoradh air sin:

  • Beidh rochtain ag 70% de dhaoine i gceantar tuaithe na hÉireann ar sheirbhís iompair phoiblí a sholáthraíonn trí thuras fillidh ar a laghad gach lá chuig an mbaile in aice leo. (I gcomparáid leis an bhfigiúr reatha 53%.)
  • Bainfidh breis agus 100 sráidbhaile tuaithe tairbhe as seirbhís mhinic iompair phoiblí (trí thuras fillidh ar a laghad gach lá) den chéad uair riamh
  • Bainfidh breis agus 100 limistéar tuaithe tairbhe as seirbhís rialta – is é sin, trí thuras fillidh ar a laghad gach lá – chuig a mbaile contae den chéad uair riamh
  • Beidh breis agus 60 nasc nua ann chuig cathracha réigiúnacha ó limistéir máguaird.
  • Roghanna soghluaisteachta feabhsaithe a thabhairt do dhaoine i limistéir iargúlta, agus seirbhísí atá Freagrúil don Éileamh agus seirbhísí nuálacha eile iompair á soláthar

Dúirt Eamon Ryan, an tAire Iompair: “A bhuí leis an bplean ‘Éire a Nascadh’, méadófar go mór an líon bealaí agus minicíocht na seirbhísí atá ann cheana araon ar fud na tíre ar fad. Freastalóidh nasc inmharthana iompair phoiblí ar na céadta sráidbhailte agus limistéar tuaithe den chéad uair riamh.

“Chun geilleagair láidre áitiúla a chothabháil agus chun fíor-roghanna taistil a thabhairt do dhaoine, teastaíonn dea-naisc iompair phoiblí – agus déanfaidh an plean seo athrú ó bhonn chun iompar poiblí ar dhea-chaighdeán a sholáthar i gceantar tuaithe na hÉireann.

“Má táimid chun ár spriocanna astaíochtaí a bhaint amach, is gá dúinn a chinntiú go mbeidh ag daoine na seirbhísí agus na roghanna eile a theastaíonn uathu. Leithdháil mo roinn €5.6m ó Bhuiséad 2022 ar an Údarás Náisiúnta Iompair chun gur féidir leis an Údarás tosú ar infheistíocht a dhéanamh sna seirbhísí sin agus ar na roghanna eile sin a thabhairt do dhaoine chomh luath leis an mbliain seo chugainn.”

Dúirt Anne Graham, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin an Údaráis Náisiúnta Iompair: “Tá an plean ‘Éire a Nascadh’ ar cheann de na pleananna is tábhachtaí a chuir an tÚdarás le chéile le blianta beaga anuas.

“Tá gréasán Nasc Áitiúil TFI ar bun i ngach cuid den tír agus chuir an t-eolas áitiúil a ghnóthaíomar thar na blianta trínár n-oifigí Naisc Áitiúil go mór linn agus na pleananna seo á n-ullmhú.

“Is eol dúinn go mbíonn deacracht ag daoine a chónaíonn i sráidbhaile nó i limistéar tuaithe teacht ar sheirbhísí, ar an bhfostaíocht, ar an oideachas agus ar an miondíol, fiú, gan carr príobháideach a úsáid. Ba mhaith linn é sin a athrú.

“Tríd an ngréasán iompair phoiblí a leathnú agus trí leibhéil seirbhíse a mhéadú ar an dóigh atá beartaithe againn, creidim go mbeidh tuilleadh saoirse ag tuilleadh daoine i limistéir thuaithe, cibé acu atá carr acu nó nach bhfuil.

“Ní bhaineann mo thuairim féin le hábhar anseo, áfach. Is é an rud is tábhachtaí anois ná tuairimí daoine den phobal – go háirithe daoine i limistéir thuaithe – a fháil faoin bplean ‘Éire a Nascadh’.

“Táimid ag iarraidh ar dhaoine dul chuig nationaltransport.ie, súil a chaitheamh ar an difear a dhéanfadh an plean do do limistéar agus do do chontae, agus aiseolas a thabhairt dúinn faoi sin.

Tosaíonn an próiseas comhairliúcháin phoiblí inniu. Le haghaidh tuilleadh sonraí, tabhair cuairt ar https://www.nationaltransport.ie/connecting-ireland/