‘Páistí in Aisce’ ar sheirbhísí LocalLink go dtí an 30 Iúil

17 July 2018

Féadfaidh le páistí agus le daoine óga uile faoi bhun 19 mbliana d’aois taisteal in aisce ar cheann ar bith den bhreis agus 1,000 seirbhís Local Link a chuirtear ar fáil go náisiúnta go dtí an 30 Iúil.
Spreagann an promóisean ‘Páistí in Aisce’ idir theaghlaigh, pháistí agus déagóirí chun úsáid a bhaint as seirbhísí Local Link agus iad i mbun gníomhaíochtaí fóillíochta, agus chun áiteanna éagsúla a fheiceáil i gceantair thuaithe sula bhfillfidh na páistí ar an scoil i ndiaidh laethanta saoire an tsamhraidh.

Chomh maith leis sin, cuireann sé béim ar na roghanna inmharthana iompair phoiblí atá ar fáil do gach aoisghrúpa i gceantair áitiúla agus thuaithe ar fud na hÉireann, agus cuireann sé i gcuimhne dúinn gur cuid bhuan, ríthábhachtach de chóras iompair phoiblí na hÉireann iad seirbhísí tuaithe.
Tá méadú leanúnach ar líon paisinéirí Local Link, atá á maoiniú faoin gClár Iompair Tuaithe, agus breis agus 1.9 milliún paisinéirí ann a d’úsáid seirbhísí iompair tuaithe in 2017. Ba ionann sin agus méadú nach mór 6% i gcomparáid le 2016.

Arsa Anne Graham, Príomhfheidhmeannach an Údaráis Náisiúnta Iompair: “Anois go bhfuil na páistí ar saoire ón scoil, tá súil againn go n-úsáidfidh an oiread teaghlach agus is féidir seirbhísí Local Link ina gceantair féin chun leas a bhaint as na himeachtaí agus na féilte iontacha a bheidh ar siúl ó cheann ceann na tíre.”

“Spreagadh luachmhar is ea an promóisean seo do dhaoine óga dul i dtaithí ar an iompar poiblí, bíodh sin ag bualadh le cairde sa bhaile in aice láimhe, nó ag dul ar cuairt ar dhaoine muinteartha leo i gceantair eile dá gcontae féin.”