Tacóidh Táille 90 Nóimead Éad TFI le Taisteal Réidh ar Fud an Ghréasáin Iompair Phoibhlí I mBaile Átha Cliath

Táille chomhréidh nua 80 cent do leanaí suas le 18 mbliana d’aois, agus an aois sin san áireamh, agus an rogha chun aistriú saor in aisce laistigh de 90 nóiméad

15 November 2021

D’fhógair an tÚdarás Náisiúnta Iompair inniu go dtabharfaí táille 90 nóiméad TFI isteach ar fud sheirbhísí Transport for Ireland i gceantar Bhaile Átha Cliath ón 28 Samhain 2021 i leith. Is é an toradh a bheidh ar an gcóras táillí a athchóiriú go hiomlán ná go gceadófar do phaisinéirí aistriú saor in aisce idir seirbhísí Bhus Átha Cliath, seirbhísí Luas agus an chuid is mó de sheirbhísí DART, de sheirbhísí iarnróid comaitéireachta agus de sheirbhísí Go-Ahead Ireland i mBaile Átha Cliath laistigh de 90 nóiméad ón gcéad uair a théann siad ar bord. 

Tá struchtúr simplithe táillí ar cheann de na príomh-chomhpháirteanna den chlár BusConnects, rud a bhfuil mar aidhm leis seirbhís bus a bheidh níos fearr, níos iontaofa agus níos éifeachtúla a sholáthar do chách. 

Le linn tréimhse phromóisin a bheidh i bhfeidhm go dtí deireadh mhí an Mhárta 2022, ní chosnóidh táille 90 Nóiméad TFI ach €2.30 do dhaoine fásta agus do mhic léinn agus Cárta TFI Leap á úsáid acu. 

Ní chosnóidh táille chomhréidh nua Leap do leanaí ach 80 cent, rud a cheadóidh do leanaí taisteal áit ar bith ar sheirbhísí bus, Luas, iarnróid comaitéireachta agus DART i gCathair Bhaile Átha Cliath atá laistigh den Chrios Léime Giorra, agus ceadófar aistriú saor in aisce chuig modh ar bith laistigh de 90 nóiméad ón gcéad uair a théann an paisinéir ar bord. Is lascaine 20% í sin do leanaí atá ag taisteal de bhus lasmuigh d’uaireanta scoile, agus beidh laghduithe níos mó fós ann ar thaisteal ar sheirbhísí eile. 

Mar thoradh ar TFI 90 a thabhairt isteach, beifear in ann cómhalartú idir seirbhísí Bus, DART agus Luas go réidh, rud a chruthóidh córas iompair phoiblí a bheidh níos inacmhainne, níos éifeachtúla agus níos comhtháite.  

Le táille nua turais ghearr Leap do dhaoine fásta, atá cothrom le €1.60 le haghaidh turais aonair suas le 3 km ar fad, éascófar méadú 40% ar an líon paisinéirí a bheidh in ann taisteal beagáinín níos faide sa struchtúr nua. Maidir le haon turais is faide ná an fad sin nó lena mbaineann aistrithe idir seirbhísí laistigh de 90 nóiméad ón gcéad turas, gearrfar táille 90 Nóiméad TFI ina leith.   

Dúirt Anne Graham, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin an Údaráis Náisiúnta Iompair: 

“Lá suntasach is ea an lá inniu toisc go gceiliúraimid air cur chun feidhme príomh-chomhpháirte eile den chlár BusConnects i mBaile Átha Cliath. Mar thoradh ar thabhairt isteach an struchtúir nua, dreasófar filleadh ar an iompar poiblí ar fud ghréasán TFI. 

Is deis í le simplíocht agus comhsheasmhacht a chruthú ar fud an ghréasáin, is cuma cén bealach nó cén modh a roghnaítear. Cruthaíonn sé coigilt mhór freisin do dhaoine a dteastaíonn uathu aistriú idir seirbhísí.”  

Dúirt Eamon Ryan, an tAire Iompair: 

“Tá sé bunriachtanach go soláthraímid na dreasachtaí lena ndéantar rogha inmharthana tharraingteach d’fhostaithe, do mhic léinn, do shiopadóirí agus do chuairteoirí den iompar poiblí. Tá tabhairt isteach tháille 90 Nóiméad TFI ina cuid dhílis den chuspóir sin a bhaint amach agus de níos mó daoine a spreagadh dul ar ais ar bord. 

Trí níos mó daoine a aistriú óna gcarr a úsáid chuig iompar poiblí a úsáid, is féidir linn rannchuidiú le spriocanna laghdaithe carbóin na hÉireann atá leagtha amach i gClár an Rialtais a bhaint amach. Is céim ollmhór eile í sin i dtreo timpeallacht níos fearr le cónaí inti agus níos sorochtana a dhéanamh den chathair.” 

Chun an doiciméad iomlán a léamh, cliceáil anseo