Seirbhís fheabhsaithe bus 978 ó bhéal an mhuirthead go caisleán an bharraigh

10 June 2022

Tá ríméad ar Nasc Áitiúil TFI, Maigh Eo, a fhógairt go n-oibreoidh seirbhís leasaithe 978, lena nascfar Béal an Mhuirthead chuig Caisleán an Bharraigh, trí huaire sa lá, seacht lá sa tseachtain, áit a soláthrófar seirbhís thráthrialta nua ar an Domhnach agus ar Laethanta Saoire Bainc, seirbhís nua mheán lae ó Chaisleán an Bharraigh go Béal an Mhuirthead agus seirbhís bhuaic-ama do chomaitéirí go Caisleán an Bharraigh lena dtairgfear nascacht fheabhsaithe chuig seirbhísí réigiúnacha bus agus iarnróid.

Seolfar seirbhís fheabhsaithe 978 an 13 Meitheamh agus soláthróidh sí níos mó nascachta agus solúbthachta ná am ar bith riamh do na pobail i mBéal an Mhuirthead, i Gleann Chaisil, i mBaingear, i mBaile Chruaich, sa Mhala Raithní, i mBaile Uí Fhiacháin agus i gCaisleán an Bharraigh.  Féach locallinkmayo.ie le haghaidh amchlár agus táillí. Glactar le pasanna saorthaistil ar an mbealach seo.

De bharr idirnascacht an bhealaigh, soláthraítear nasc níos láidre chuig na gréasáin náisiúnta bus agus iarnróid, agus is ionann í agus infheistíocht mhór ón stát san iompar tuaithe go sonrach agus san iompar poiblí go ginearálta.

Dúirt Sarah Togher, Bainisteoir Nasc Áitiúil TFI, Maigh Eo: “Is é an toradh a bheidh ar an amchlár le haghaidh sheirbhís leasaithe 978 ná go méadófar go mór na roghanna nascachta a bheidh ag paisinéirí, agus taisteal ó Iorras agus Acaill go Caisleán an Bharraigh agus go Cathair na Mart araon a éascú trí chómhalartú seirbhíse sa Mhala Raithní.  Nascfaidh seirbhís 978 ó Bhéal an Mhuirthead go Caisleán an Bharraigh le seirbhís 450 de chuid Bhus Éireann ó Acaill go Cathair na Mart dhá uair sa lá sa Mhala Raithní.   Soláthróidh an tseirbhís ríthábhachtach seo tuilleadh roghanna do chónaitheoirí tuaithe feadh an bhealaigh agus iad ag iarraidh oiliúint, oideachas, fostaíocht agus seirbhísí cúram sláinte ar nós Ospidéal Ollscoile Mhaigh Eo a rochtain.”