SEOLANN AN tÚDARÁS NÁISIÚNTA IOMPAIR COMHAIRLIÚCHÁN POIBLÍ AR THÁILLÍ TACSAÍ AGUS AR ÍOCAÍOCHT CÁRTA

I measc na dtograí ón Údarás Náisiúnta Iompair tá an ceanglas ar gach tacsaí íocaíocht cárta a thairiscint

25 April 2022

Beidh sé níos fusa íocaíocht a dhéanamh as tacsaí trí chárta mar thoradh ar phleananna atá fógartha ag an Údarás Náisiúnta Iompair chun ceanglas a chur i bhfeidhm go soláthrófaí saoráidí íocaíochta cárta i ngach tacsaí.

Tá an togra sin i measc na dtograí atá ar áireamh sa Tuarascáil ar an Athbhreithniú ar Uastáillí Náisiúnta Tacsaí 2022 a foilsíodh inniu.

Faoi na tograí, cuirfear tacsaithe ar aon dul le seirbhísí eile, ós rud é gurb é íocaíocht gan airgead tirim an norm anois i siopaí, in ollmhargaí agus i mbialanna ar fud na tíre. Ba sa bhliain 2019 a rinneadh moladh den chéad uair chun foráil den sórt sin a thabhairt isteach. Cuireadh an cur chun feidhme beartaithe sna míonna tosaigh den bhliain 2020 siar de dheasca phaindéim Covid-19, áfach.

Scrúdaíodh sa tuarascáil don bhliain 2019 freisin an costas a bhaineann le seirbhís tacsaí a reáchtáil i gcomparáid leis an gcostas a bhain leis sa bhliain 2017, nuair a tugadh faoin athbhreithniú roimhe ar tháillí, agus moladh ann, ar aon dul leis sin, go méadófaí an Uastáille Náisiúnta Tacsaí faoi 4.5%. Cuireadh an méadú táillí sin ar atráth sa bhliain 2020 freisin.

Tugtar an t-eolas is deireanaí ar an ní sin sa tuarascáil a foilsíodh inniu. Fuarthas amach ann gurb amhlaidh, tríd is tríd, a tháinig méadú thart ar 11% ar na costais a bhaineann le tacsaí a oibriú idir na blianta 2017 agus 2022. Moltar sa tuarascáil go méadófaí uastáillí tacsaí chun na costais mhéadaithe sin a chur san áireamh.

Moladh san Athbhreithniú ar Tháillí don bhliain 2019 go ndéanfaí coigeartú 1% eile chun freastal ar na costais bhreise a bhaineann le saoráidí íocaíochta gan airgead tirim a thabhairt isteach, amhail táillí idirbhirt agus soláthar crua-earraí. Cuirtear é sin san áireamh freisin sa mhéadú 12% ar uastáillí a mholtar inniu.

Is féidir mionsonraí faoin Athbhreithniú ar Uastáillí Náisiúnta Tacsaí, Bileog Eolais agus an t-ordú uastáillí atá beartaithe a íoslódáil trí chliceáil ar an nasc seo.

Beidh na tograí seo ar oscailt le haghaidh comhairliúchán poiblí go dtí Dé hAoine, an 27 Bealtaine 2022 ag 12pm. Leagfar an ní faoi bhráid bhord an Údaráis lena bhreithniú aige tamaillín ina dhiaidh sin.

Déanann an tÚdarás Náisiúnta Iompair an tAthbhreithniú ar Tháillí Tacsaí gach dhá bhliain nó mar sin de ghnáth chun measúnú a dhéanamh ar chostais oibriúcháin agus táillí san earnáil beagfheithiclí seirbhíse poiblí.