Samhaltú iompair

Samhaltú Iompair san Údarás Náisiúnta Iompair

Úsáideann an Rannóg um Shamhaltú Iompair teicnící matamaiticiúla chun cásanna bliana amach anseo a chruthú le haghaidh fás faoin daonra, úsáid talún agus gréasáin iompair agus déantar measúnú ar thionchar na n-athruithe sin.

Is é atá i gceist leis sin cásanna úsáide talún amach anseo a úsáid chun an t-éileamh ar thaisteal a mheas i mbliain ar leith amach anseo ar mhaithe lena thuiscint cén tionchar a imreofar ar chórais iompair, a mhéid a bhaineann sé sin le tosca amhail am taistil agus brú tráchta, an comhshaol, sábháilteacht agus inrochtaineacht.

Ina theannta sin, tugann an tÚdarás faoi shamhaltú chun meastóireacht a dhéanamh ar scéimeanna infheistíochta iompair phoiblí amhail BusConnects, Leathnú Dart agus Meitreo Thuaidh.

An Gá atá ann le Samhaltú Iompair

Tugaimid faoi shamhaltú straitéiseach chun anailís a dhéanamh ar infheistíochtaí beartaithe iompair agus chun cinntí eolacha a dhéanamh do thodhchaí na hÉireann.

Tugann an tÚdarás faoi shamhaltú iompair chun tacú le hinfheistíocht iompair trí phleanálaithe a chumasú cinntí eolacha sonraíbhunaithe a dhéanamh. De réir mar a leanann daonra na hÉireann ag fás ar aon dul leis an gCreat Náisiúnta Pleanála, beidh gá ann lena chinntiú go ndéanfar infheistíocht i mbonneagar iompair chun freastal ar riachtanais ár saoránach ar an mbealach is fearr. Agus úsáid á baint againn as sraith uirlisí samhaltaithe an Údaráis, oibrímid chun tacú leis na hinfheistíochtaí sin trí ghrinnanailís shonraíbhunaithe a sholáthar.

An Cur Chuige Samhaltaithe

Cloíonn samhlacha an Údaráis Náisiúnta Iompair le cur chuige samhaltaithe atá ag teacht leis an dea-chleachtas idirnáisiúnta, agus leas á bhaint as leagan malartach den tsamhail thraidisiúnta ceithre chéim.

Is féidir an mhodheolaíocht samhaltaithe a achoimriú mar a leanas:

  • Comhaontaítear úsáid talún réamh-mheasta agus dáileadh daonra réamh-mheasta do bhliain ar leith amach anseo agus roinntear an limistéar lena mbaineann ina chriosanna.
  • Bunaithe ar an úsáid talún sin, ríomhtar an líon turas a ghintear i ngach crios agus a mhealltar chuig gach crios.
  • Ina dhiaidh sin, ríomhtar an líon turas idir gach áit tionscnaimh agus gach ceann scríbe. Ríomhtar an sciar modha do thurais idir gach áit tionscnaimh agus gach ceann scríbe freisin.
  • Sanntar na turais sin do ghréasán iompair na bliana amach anseo.

Déantar meastóireacht ar thionchar na dturas, a mhéid a bhaineann sé sin le tosca amhail am taistil, brú tráchta, an comhshaol agus sábháilteacht ar bhóithre.