Taisteal Níos Cliste TFI

Cuir aer i do bhoinn, ceangail iallacha do bhróg, cuir creidmheas i do Chárta Léime – agus ullmhaigh do bheith Gníomhach! Is féidir leat clárú ar an Active Travel Logger chun páirt a ghlacadh i nDúshláin Taistil Níos Cliste le linn na bliana.

Tá Taisteal Níos Cliste TFI ina chlár náisiúnta deonach um athrú iompraíochta lena dtacaítear le fostóirí agus le hinstitiúidí tríú leibhéal Pleananna deonacha Taistil a chur chun feidhme. Dírítear sna pleananna sin ar bhaill foirne agus mic léinn a mholadh agus a spreagadh comaitéireacht a dhéanamh, agus turais eile a thógáil, ar bhealach inbhuanaithe gníomhach. Dírítear iontu freisin ar eagraíochtaí a spreagadh socruithe oibre solúbtha a bhreithniú. Spreagtar campais Taisteal Níos Cliste a chur chun cinn freisin mar chuid den churaclam agus trí thionscadail mhac léinn. Trí idirghabhálacha athraithe iompraíochta amhail na Dúshláin Chéime agus an Dúshlán Rothaíochta a reáchtáiltear gach bliain, cuirtear taisteal gníomhach chun cinn agus tacaítear le heagraíochtaí a gcuid ball foirne agus mac léinn a spreagadh bheith níos gníomhaí agus iad ag taisteal chun an champais agus chun críocha fóillíochta.

Is féidir tuilleadh faisnéise a fháil ar na leathanaigh Ghréasáin seo nó trí ríomhphost a sheoladh chugainn ag info@smartertravelworkplaces.ie nó info@smartertravelcampus.ie