Infheistíocht iompair

Cuirtear de chúram ar an Údarás Náisiúnta Iompair tionscadail a cheapadh agus a chur chun feidhme chun feabhas a chur ar an dóigh a n-úsáideann daoine an t-iompar poiblí agus chun iad a chumasú roghanna taistil inbhuanaithe a dhéanamh, ar aon dul le beartas an Rialtais.

Sholáthraíomar roinnt scéimeanna cheana féin chun cabhrú le daoine atá ag úsáid ghréasán iompair phoiblí TFI. Áirítear leo sin Faisnéis Fíor-Ama, Cárta Léime TFI agus Pleanálaí Turais TFI.

 Tá an tÚdarás freagrach as trí chlár infheistíochta caipitil iompair phoiblí:

Cé go bhfuil freagracht reachtúil ar an Údarás as Clár Caipitil Mhórlimistéar Bhaile Átha Cliath, is thar ceann na Roinne Iompair, Turasóireachta agus Spóirt a bhainistíonn sé an Deontas le haghaidh Bearta Iompair Inbhuanaithe agus an Clár Inrochtaineachta Iompair Phoiblí.

I gcás na dtrí Chlár uile, tá freagracht ar an Údarás as na tionscadail atá le cistiú a chinneadh agus as caiteachas a bhainistiú.

Mar sin féin, is gnách gurb iad gníomhaireachtaí Stáit, oibritheoirí iompair agus údaráis áitiúla atá ag gníomhú thar ceann an Údaráis a chuireann na hoibreacha riachtanacha chun feidhme.

Anuas ar chistiú, tugann an tÚdarás faoi shamhaltú chun meastóireacht a dhéanamh ar scéimeanna infheistíochta iompair phoiblí amhail BusConnects, Leathnú Dart agus Meitreo Thuaidh.

Tá an Rannóg um Pleanáil Straitéiseach freagrach as pleananna straitéiseacha iompair an Údaráis a fhorbairt agus a chur i gcrích.