Pleanáil straitéiseach

Tá raon leathan ról ag an Údarás Náisiúnta Iompair ó thaobh pleanáil iompair agus forbairt beartais de.

Ár nAidhm: ‘Rannchuidiú le dul chun cinn eacnamaíoch, sóisialta agus cultúrtha trí ghluaiseacht éifeachtach, éifeachtúil agus inbhuanaithe daoine agus earraí a éascú’.

Tá an Rannóg um Pleanáil Straitéiseach freagrach as pleananna straitéiseacha iompair an Údaráis a fhorbairt agus a chur i gcrích.

Laistigh de Mhórlimistéar Bhaile Átha Cliath, tá ról reachtúil pleanála ag an Údarás faoin Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000 (arna leasú), maidir lena chinntiú go mbeidh aon Phleananna nua Limistéir Áitiúil agus aon Phleananna nua Forbartha Contae i gcomhréir le Straitéis Iompair fhoriomlán an Údaráis.

Tá ról reachtúil pleanála ag an Údarás ar bhonn náisiúnta freisin maidir le Straitéisí Spáis agus Eacnamaíochta Réigiúnacha a fhorbairt, ar straitéisí iad nach mór a bheith i gcomhréir le beartais an Údaráis i ndáil le comhtháthú éifeachtach a chinntiú maidir le pleanáil iompair agus úsáide talún.

I dteannta na croífheidhmeanna sin de chuid an Údaráis a chomhlíonadh, soláthraíonn an Rannóg um Pleanáil Straitéiseach na seirbhísí seo a leanas:

  • Faireachán agus athbhreithniú a dhéanamh ar fhorbairtí úsáide talún ar fud Mhórlimistéar Bhaile Átha Cliath, agus tuairimí foirmiúla maidir le forbairtí mórscála á gcur isteach chun a chinntiú go mbeidh siad i gcomhréir le Straitéis Iompair an Údaráis.
  • Obair i gcomhar le hÚdaráis Áitiúla ar fhorbairtí pleanála mórscála, lena n-áirítear scéimeanna Creasa Forbartha Straitéisí.
  • Obair i gcomhar le Ranna Rialtais agus le Gníomhaireachtaí Stáit chun a chinntiú go gcomhtháthófar feidhm agus ról an Údaráis go hiomlán i gcur chuige comhordaithe comhsheasmhach i leith an t-iompar comhtháite a sholáthar.
  • Anailís sonraí a sholáthar agus comhairle agus treoir beartais a phleanáil chun soláthar an iompair chomhtháite agus na húsáide talún comhtháite a chomhlánú agus a fheabhsú i Mórlimistéar Bhaile Átha Cliath agus ar fud na tíre.