Tá comhairliúchán poiblí seolta ag an Údarás Náisiúnta Iompair (ÚNI) maidir le feabhsúcháin mholta ar sheirbhísí bus idir an Longfort agus an Cabhán, a bhfuil d’aidhm leo nascacht agus inrochtaineacht a fheabhsú do phobail feadh na conaire.
Sa chomhairliúchán, a mhairfidh go Dé Domhnaigh, an 7 Nollaig, iarrtar aiseolas ó chónaitheoirí, a chomaitéirí agus ó pháirtithe leasmhara maidir le seirbhís nua seacht lá na seachtaine a nascfaidh an Longfort leis an gCabhán trí Chluain Dá Ráth, Tearmann Bearaigh, Rúscaigh, Dromad, Maothail, Carraig Álainn, Cill na Seanrátha, agus Cros Domhnaigh.
Ceaptar an bealach nua le rochtain iompair phoiblí a athbhunú agus a fheabhsú sna ceantair sin, ar lorg leasú ceadúnais ar Bhealach 23 Expressway.
Sa tseirbhís oibreofar idir 3 agus 4 sheirbhís ar a laghad in aghaidh an lae i ngach treo, lena n-áireofar turais mhaidine agus tráthnóna le linn am móréilimh.
Príomhghné den mholadh is ea comhtháthú feabhsaithe le hiompar réigiúnach agus áitiúil, agus beidh naisc fheabhsaithe le seirbhísí bus agus traenach ag Stáisiún an Longfoirt agus Stáisiún Dhromad agus ag Stáisiún Bus an Chabháin.
Chomh maith le feabhas a chur ar thaisteal laethúil do chónaitheoirí, tacaíonn an bealach molta le turasóireacht i gCroíthailte Ceilte na hÉireann trí nasc nua áitiúil a chruthú sa réigiún.
Nascfar na seirbhísí nua leis an aip TFI Go, rud a éascóidh pleanáil turais áisiúil agus tá íocaíochtaí gan airgead tirim ar fáil trí Scéim Cárta Leap. Beidh Pasanna Saorthaistil bailí ar an mbealach freisin.
Ina cheann sin, tá ÚNI dírithe ar fheithiclí nua-aimseartha inrochtana a thabhairt isteach agus feabhas a chur ar stadanna bus le compord agus inrochtaineacht níos fearr a chur ar fáil do gach paisinéir faoi mar atáthar ag obair go dlúth leis na hÚdaráis Áitiúla le feabhas a dhéanamh ar bhonneagar stad feadh na conaire.
Is dlúthchuid de na hathruithe sin a mhúnlú é iarraidh ar an bpobal bheith rannpháirteach, agus tá ÚNI ag moladh do phobail feadh na conaire a gcuid tuairimí a chomhroinnt.
Is féidir breithniú a dhéanamh ar na moltaí agus do chuid aiseolais a thabhairt ag Tairseach Chomhairliúcháin an Údaráis Náisiúnta Iompair.
Is aidhm le ÚNI na feabhsúcháin mholta seirbhíse a chur i bhfeidhm in 2026, ach an méid sin faoi réir an maoiniú agus na hacmhainní breise riachtanacha a fháil.