De réir an Innéacs Siúil agus Rothaíochta is déanaí, tógtar suas le 510,000 carr de bhóithre Bhaile Átha Cliath gach lá le siúl, rothlú agus rothaíocht

Léirítear i suirbhé ÚNI méadú ar líon na gcónaitheoirí atá ag rothaíocht cúig lá sa tseachtain ar a laghad – 12% anois

3 March 2026

Léirítear i suirbhé ÚNI méadú ar líon na gcónaitheoirí atá ag rothaíocht cúig lá sa tseachtain ar a laghad – 12% anois

Tá beagnach leath de chónaitheoirí Bhaile Átha Cliath ag iarraidh siúl nó rothlú níos mó, agus tá trian díobh ag iarraidh a bheith ag rothaíocht níos mó.

D’fhoilsigh an tÚdarás Náisiúnta Iompair torthaí a shuirbhé is déanaí ar shiúl, rothlú agus rothaíocht i Mórcheantar Uirbeach Bhaile Átha Cliath inniu, ina léirítear go dtógann daoine a shiúlann, a rothlaíonn nó a rothaíonn le haghaidh turais neamhfhóillíochta nuair a d’fhéadfaidís carr a úsáid, suas le 516,000 carr de bhóithre Bhaile Átha Cliath gach lá. Léirítear sa suirbhé freisin go bhfuil 12% de chónaitheoirí ag rothaíocht cúig huaire sa tseachtain ar a laghad, suas ó 8% in 2023. Siúlann nó rothlaíonn (ciallaíonn sé seo cathaoir rothaí nó scútar soghluaisteachta a úsáid) 70% de chónaitheoirí cúig huaire sa tseachtain ar a laghad.

Soláthraíonn an tInnéacs Siúil agus Rothaíochta an measúnú is mó ar shiúl, rothlú agus rothaíocht

Soláthraíonn an tInnéacs Siúil agus Rothaíochta an measúnú is mó ar shiúl, rothlú agus rothaíocht in Éirinn agus sa RA. Déantar é a sheachadadh i gcomhar le húdaráis áitiúla i Mórcheantar Uirbeach Bhaile Átha Cliath, an tÚdarás Náisiúnta Iompair agus an carthanas iompair inbhuanaithe, Walk Wheel Cycle Trust. Chomh maith le hInnéacs Siúil agus Rothaíochta Mhórcheantar Uirbeach Bhaile Átha Cliath, tá tuarascálacha Innéacs á bhfoilsiú inniu freisin ag Mórcheantair Uirbeacha Chorcaí, Luimnigh – na Sionainne, na Gaillimhe agus Phort Láirge.

electric wheelchair user on footpath

Innéacs Siúil agus Rothaíochta Mhórcheantar Uirbeach Bhaile Átha Cliath

Tá Innéacs Siúil agus Rothaíochta Mhórcheantar Uirbeach Bhaile Átha Cliath bunaithe ar shuirbhé neamhspleách atá ionadaíoch go déimeagrafach ar níos mó ná 1,100 cónaitheoir ar fud Mhórcheantar Uirbeach Bhaile Átha Cliath, atá 16 bliana d’aois agus os a chionn, ní hamháin iad siúd a shiúlann, a rothlaíonn nó a rothaíonn. Clúdaíonn Mórcheantar Uirbeach Bhaile Átha Cliath ceantar ó Dhomhnach Bat i bhFine Gall go dtí na Clocha Liatha i gContae Chill Mhantáin sa deisceart, agus chomh fada siar le Cill Choca i gContae Chill Dara.

Léirítear ann go bhfuil 66% de chónaitheoirí i bhfabhar infheistíocht bhreise i siúl agus i rothlú

Léirítear ann go bhfuil 66% de chónaitheoirí i bhfabhar infheistíocht bhreise i siúl agus i rothlú agus go bhfuil 55% de chónaitheoirí i bhfabhar infheistíocht bhreise i rothaíocht, agus tá sé sin i gcodarsnacht le 36% ar mhaith leo infheistíocht bhreise a fheiceáil i dtiomáint. Léirítear sa suirbhé go bhfuil éileamh leanúnach ar thaisteal gníomhach, agus 45% ag léiriú go bhfuil fonn orthu siúl nó rothlú níos mó amach anseo, agus 34% ag rá go bhfuil fonn orthu a bheith ag rothaíocht níos mó.

Príomhthorthaí ó Innéacs Siúil agus Rothaíochta Mhórcheantar Uirbeach Bhaile Átha Cliath, 2025:

  • Rothaíonn 12% de chónaitheoirí fásta 5 lá nó níos mó sa tseachtain ar a laghad, suas ó 8% in 2023.
  • Siúlann 70% de chónaitheoirí fásta 5 lá nó níos mó sa tseachtain, agus úsáideann 46% carr 5 lá nó níos mó sa tseachtain.
  • Rothaíonn 25% de chónaitheoirí fásta uair amháin sa tseachtain ar a laghad.
  • Ba mhaith le 45% siúl níos mó, agus ba mhaith le 34% rothaíocht níos mó amach anseo.
  • Gach lá, tógann siad siúd a shiúlann, a rothlaíonn agus a rothaíonn le haghaidh turais neamhfhóillíochta nuair a d’fhéadfaidís carr a úsáid, suas le 516,000 carr de na bóithre i Mórcheantar Uirbeach Bhaile Átha Cliath. Dá mbeadh na carranna sin go léir i dtranglam tráchta, bheadh 2,452 ciliméadar de scuaine tráchta ann.
  • Cruthaíonn cónaitheoirí a shiúlann, a rothlaíonn agus rothaíonn tairbhe eacnamaíoch bhliantúil €2.19bn do dhaoine aonair agus do Mhórcheantar Uirbeach Bhaile Átha Cliath, lena n-áirítear tairbhe eacnamaíoch bhliantúil €1.8bn ó shiúl/rothlú agus tairbhe eacnamaíoch bhliantúil €393.8m ó rothaíocht.
  • Bhí méadú tagtha ar thurais rothaíochta chuig ionaid oibre ó 23.2 milliún turas in 2023 go 30 milliún in 2025 (suas ó 27% go 33% de na turais rothaíochta go léir)
  • Sábhálann siúl agus rothaíocht i Mórcheantar Uirbeach Bhaile Átha Cliath €55.7 milliún in aghaidh na bliana do FSS, arb ionann é sin agus costas breis agus 920,000 coinne dochtúra teaghlaigh.
  • Sábhálann daoine a shiúlann agus a rothaíonn in ionad tiomána astaíochtaí gás ceaptha teasa atá coibhéiseach le 1.21 milliún eitilt ó Aerfort Bhaile Átha Cliath go hAerfort Heathrow i Londain.
  • Tá glantairbhe eacnamaíoch €1.71 ann in aghaidh gach ciliméadair a rothaítear in ionad na gciliméadar a thiomáintear agus glantairbhe eacnamaíoch €1.23 ann in aghaidh gach ciliméadair a shiúltar in ionad na gciliméadar a thiomáintear.
  • Leanann cónaitheoirí scothaosta de bheith ag taisteal go gníomhach – bíonn 62% de chónaitheoirí atá 66 bliain d’aois nó os a chionn ag siúl nó ag rothlú 5 lá sa tseachtain ar a laghad, agus rothaíonn 12% de chónaitheoirí atá 66 bliain d’aois nó os a chionn uair amháin sa tseachtain ar a laghad.
  • Tá 71% de chónaitheoirí i Mórcheantar Uirbeach Bhaile Átha Cliath ar son raonta rothar a thógáil atá scartha go fisiciúil ón trácht agus ó choisithe, fiú nuair a chiallaíonn sé sin go bhfuil níos lú spáis ann le haghaidh trácht eile.

two men walking near cycle lane in Dublin street

Sochair Eacnamaíocha a bhaineann le Taisteal Gníomhach

Fuarthas amach sa tuarascáil go gcruthaíonn siúl, rothlú agus rothaíocht tairbhe eacnamaíoch bhliantúil do chónaitheoirí agus do Mhórcheantar Uirbeach Bhaile Átha Cliath ar fiú €2.19 billiún í. Áirítear leis sin glantairbhe eacnamaíoch €1.71 in aghaidh gach ciliméadair a rothaítear in ionad na gciliméadar a thiomáintear agus tairbhe €1.23 in aghaidh gach ciliméadair a shiúltar in ionad na gciliméadar a thiomáintear. Cinneadh na costais sin trí anailís a dhéanamh ar am taistil, costais oibriúcháin feithiclí, buntáistí sláinte, cáilíocht aeir agus cánachas.

parent with two children on scooter and bike Dublin

Buntáistí Comhshaoil

Gach lá, déanann cónaitheoirí a d’fhéadfadh carr a úsáid suas le 516,000 turas neamhfhóillíochta fillte trí shiúl, rothlú nó rothaíocht i Mórcheantar Uirbeach Bhaile Átha Cliath. Dá mbeadh na carranna sin go léir i dtranglam tráchta, bheadh 2,452 ciliméadar de scuaine tráchta ann.

Fuarthas amach sa tuarascáil freisin go sábhálann siúl, rothlú agus rothaíocht 97,000 tonna d’astaíochtaí gás ceaptha teasa i mBaile Átha Cliath gach bliain, rud atá coibhéiseach le thart ar 1,210,000 cónaitheoir ag eitilt ó Bhaile Átha Cliath go Heathrow i Londain.

Buntáistí Sláinte agus Cuimsitheacht 

Leagtar amach sa tuarascáil na buntáistí a bhaineann le siúl agus rothaíocht i Mórcheantar Uirbeach Bhaile Átha Cliath, agus cuireann na tairbhí gníomhaíochta coirp maidir le siúl agus rothaíocht cosc ​​ar 4,346 riocht sláinte tromchúiseach fadtéarmach gach bliain, ar fiú thart ar €55.7 milliún iad – is ionann é sin agus costas breis agus 920,000 coinne dochtúra teaghlaigh.

Léiríodh san Innéacs go bhfuil éagsúlacht idir roghanna taistil na gcónaitheoirí agus a dtuairimí maidir le siúl, rothlú agus rothaíocht i measc grúpaí éagsúla. Fuarthas amach go mbíonn 49% de chónaitheoirí faoi mhíchumas ag siúl nó ag rothlú cúig lá sa tseachtain ar a laghad i mBaile Átha Cliath, agus go mbíonn 71% de chónaitheoirí gan mhíchumas ag siúl nó ag rothlú. Cé go mbíonn 71% de mhná agus 68% d’fhir ag siúl nó ag rothlú cúig lá sa tseachtain ar a laghad, tá bearna inscne níos mó ann maidir le rothaíocht, agus tá 35% d’fhir ag rothaíocht uair amháin sa tseachtain ar a laghad i gcomparáid le 17% de mhná.

Mar sin féin, tá méadú tagtha ar líon na mban nach rothaíonn ach a dúirt gur mhaith leo rothaíocht a dhéanamh go 27%, méadú ó 22% in 2023. Leanann cónaitheoirí scothaosta de bheith ag taisteal go gníomhach agus 62% de chónaitheoirí atá 66 bliain d’aois nó os a chionn ag siúl nó ag rothlú 5 lá sa tseachtain ar a laghad, agus 12% de chónaitheoirí atá 66 bliain d’aois nó os a chionn ag rothaíocht uair amháin sa tseachtain ar a laghad.

men walking with a dog in Dublin 1600x650

Tuairimí na gCónaitheoirí ar Réitigh chun Dul ag Siúl nó ag Rothaíocht Níos Minice

Léirítear sa tuarascáil méaduithe suntasacha ar líon na gcónaitheoirí a bhraitheann sábháilte agus iad ag siúl/ag rothlú agus ag rothaíocht i gcomparáid le 2023. Ceapann 87% go bhfuil sé sábháilte a bheith ag siúl/ag rothlú ina gceantar áitiúil (suas ó 82% in 2023), agus ceapann 90% gur áit mhaith í a gceantar le haghaidh siúil/rothlaithe (suas ó 87%).

Nuair a fiafraíodh díobh cad a chabhródh leo siúl nó rothlú níos mó, luann formhór chónaitheoirí Mórcheantar Uirbeach Bhaile Átha Cliath inrochtaineacht níos fearr ar chosáin lena n-áirítear colbhaí íslithe ag pointí trasnaithe, áiteanna níos deise feadh na sráideanna le stopadh agus le scíth a ligean, níos lú carranna páirceáilte ar chosáin, agus pointí trasnaithe níos minice ag a bhfuil amanna feithimh laghdaithe. Cuirtear i dtábhacht sa tuarascáil go bhfuil trasrian tiomnaithe do choisithe anois ar 72% de na bóithre i Mórcheantar Uirbeach Bhaile Átha Cliath a thagann le chéile ag acomhail soilse tráchta, agus is feabhas beag é sin ó 2023.

Ceapann 59% de chónaitheoirí go bhfuil sé sábháilte rothaíocht ina gceantar áitiúil, ach tá bearta ann a d’fhéadfadh cabhrú leo rothaíocht a dhéanamh níos mó.  Tá feabhsuithe bonneagair ag teastáil ó chónaitheoirí amhail raonta rothar ar shiúl ó bhóithre, nó feadh bóithre atá scartha go fisiciúil ó thrácht agus ó choisithe. Tá 71% de chónaitheoirí i Mórcheantar Uirbeach Bhaile Átha Cliath ar son raonta rothar a thógáil atá scartha go fisiciúil ón trácht agus ó choisithe, fiú nuair a chiallaíonn sé sin go bhfuil níos lú spáis ann le haghaidh trácht eile.  Tá 129 km de chosáin atá saor ó thrácht i Mórcheantar Uirbeach Bhaile Átha Cliath anois, ar shiúl ó bhóithre, agus 201 km de raonta rothar feadh bóithre atá scartha go fisiciúil ó choisithe agus ó thrácht, chomh maith le 211 km de raon rothair in aice leis an gcosán ach atá marcáilte le dromchla difriúil.

Áit Níos Fearr le Cónaí a Chruthú 

Aithníonn cónaitheoirí Bhaile Átha Cliath freisin an tábhacht a bhaineann le comharsanachtaí inar féidir maireachtáil. Tá 79% de chónaitheoirí ar son comharsanachtaí ‘tráchta ísle’ a chruthú – áit a bhfuil laghdú mór tagtha ar ‘thréthrácht’ mótarfheithiclí ag grúpaí sráideanna, ag a bhfuil teorainn le príomhbhóithre. Tá 85% ar son luasteorainneacha a laghdú, pointí trasnaithe a fheabhsú agus raonta rothar cosanta a thabhairt isteach i gcomharsanachtaí scoile. Tacaíonn 58% le sráideanna cónaithe lasmuigh de scoileanna a dhúnadh do charranna le linn amanna fágála agus bailithe. Léirítear sa tuarascáil go dtacaíonn cónaitheoirí Bhaile Átha Cliath le bonneagar le haghaidh siúil/rothlaithe chun iad a spreagadh an bus a úsáid níos mó, ba mhaith le 80% feabhas a chur ar áiseanna trasnaithe in aice le stadanna bus, agus tá 77% ag iarraidh bealaí siúil agus rothlaithe feabhsaithe chuig stadanna bus agus uathu.

cyclist on a 2-way cycle lane - with passing car traffic - Walking and Cycling Index

Dublin Metropolitan Area Walking and Cycling Index provides valuable insights into how people travel

Dúirt Anne Shaw, POF an Údaráis Náisiúnta Iompair:

This latest edition of the Dublin Metropolitan Area Walking and Cycling Index provides valuable insights into how people travel and what is needed to make walking, wheeling and cycling safer, easier and more attractive. Since the last Index in 2023, we have worked with local authorities to deliver record investment in active travel infrastructure. Projects such as the Clontarf to City Centre Bus Priority and Active Travel Scheme, the Dodder Urban Greenway, and the expansion of neighbourhood networks and Safe Routes to School initiatives reflect our shared commitment to creating safe, connected streets.

The feedback in the report is clear: people want to walk, wheel and cycle more. We are responding with infrastructure that supports this ambition and helps create a healthier, safer and more liveable Dublin Metropolitan Area.”

Dúirt Xavier Brice, POF Iontaobhas Siúil Rothghluais Rothaigh: “Tá béim leagtha san innéacs ar na sochair fhairsinge a bhaineann le siúl, rothghluaiseacht agus rothaíocht sa saol laethúil agus inár mbailte agus inár gcathracha. Ciallaíonn turais níos gníomhaí daoine níos sláintiúla, sráideanna níos sábháilte agus níos glaine, agus níos lú tráchta do chách.

Ní tharlaíonn an t-athrú sin de thaisme. Éilíonn sé bealaí sábháilte, fáilteacha agus inrochtana a thugann muinín do dhaoine taisteal go gníomhach. Le tacaíocht láidir ón bpobal do bhonneagar níos fearr, tá pobail ar fud na hÉireann réidh. Táimid bródúil as dul i gcomhpháirtíocht leis an Údarás Iompair Náisiúnta agus le húdaráis áitiúla chun cabhrú le siúl, rothghluaiseacht agus rothaíocht a dhéanamh mar rogha nádúrtha do thurais laethúla.”

Tuilleadh

Is féidir rochtain a fháil ar Innéacs Siúil agus Rothaíochta Mhórcheantar Uirbeach Bhaile Átha Cliath anseo: Innéacs Siúil agus Rothaíochta Mhórcheantar Uirbeach Bhaile Átha Cliath | Dublin Metropolitan Region | Walking and Cycling Index 2025 – National Transport

Modheolaíocht 

  • Is é an tInnéacs Siúil agus Rothaíochta an measúnú is mó ar shiúl, rothlú agus rothaíocht i gceantair uirbeacha in Éirinn agus sa RA.
  • I bPoblacht na hÉireann, déantar é a sheachadadh i gcomhar leis an ÚNI agus leis na húdaráis áitiúla do na 5 Mhórcheantar Uirbeacha i mBaile Átha Cliath, Corcaigh, Gaillimh, Luimneach/an tSionainn agus Port Láirge. Tá 17 gcinn de chathracha agus de cheantair uirbeacha sa RA páirteach freisin, lena n-áirítear Réigiún Chathair Learphoill, Mórcheantar Mhanchain, Glaschú agus Dún Éideann.
  • Clúdaíonn Mórcheantar Uirbeach Bhaile Átha Cliath ceantar ó Dhomhnach Bat i bhFine Gall go dtí na Clocha Liatha i gContae Chill Mhantáin sa deisceart, agus chomh fada siar le Cill Choca i gContae Chill Dara.
  • Tagann an fhaisnéis sna tuarascálacha ó shonraí áitiúla, ó shamhaltú agus ó shuirbhé neamhspleách atá ionadaíoch go déimeagrafach ar 1,100 cónaitheoir ar a laghad atá 16 bliana d’aois nó os a chionn i ngach Mórcheantar Uirbeach.
  • Rinne an chuideachta neamhspleách taighde margaidh Ipsos B&A an suirbhé duine le duine ó mhí Aibreáin go mí Iúil 2025.
  • Tá an suirbhé ionadaíoch do gach cónaitheoir i Mórcheantar Uirbeach Bhaile Átha Cliath, ní hamháin dóibh siúd a shiúlann, a rothlaíonn nó a rothaíonn.
  • Úsáideann an tInnéacs Siúil agus Rothaíochta samhail chun anailís a dhéanamh ar na costais agus ar na tairbhí a bhaineann le tiomáint, siúl agus rothaíocht. Áirítear leis na hionchuir am taistil, costais oibriúcháin feithiclí, buntáistí sláinte, cáilíocht aeir agus cánachas.
  • Tagann na sonraí eile go léir ó chomhpháirtithe cathrach, ó thacair sonraí náisiúnta nó shamhaltaigh agus ríomh Walk Wheel Cycle Trust iad.
  • Lamháil earráide +/-3%.
  • Tá modheolaíocht níos doimhne ar fáil ag walkwheelcycletrust.org.uk/walking-cycling-index  and Innéacs Siúil agus Rothaíochta Mhórcheantar Uirbeach Bhaile Átha Cliath – Dublin Metropolitan Region | Walking and Cycling Index 2025 – National Transport
  • Úsáid an téarma ‘rothlú’ – soláthraíonn Walk Wheel Cycle Trust an sainmhíniú seo ar an téarma ‘rothlú’ i gcorp gach Tuarascála. “Aithnímid go mb’fhéidir nach n-ionannódh roinnt daoine a úsáideann áiseanna soghluaisteachta rothaí, mar shampla cathaoir rothaí nó scútar soghluaisteachta, leis an téarma siúl agus go mb’fhearr leo an téarma rothlú a úsáid. Úsáidimid na téarmaí siúl agus rothlú le chéile lena chinntiú go bhfuilimid chomh cuimsitheach agus is féidir.”
  • e.”