De réir an Innéacs Siúil agus Rothaíochta is déanaí, tógtar suas le 82,000 carr de bhóithre Chorcaí gach lá le siúl, rothlú agus rothaíocht

Fuarthas amach i suirbhé ÚNI go mbíonn 66% de dhaoine fásta i gCorcaigh ag siúl nó ag rothlú cúig huaire sa tseachtain ar a laghad, suas ó 52% in 2023

3 March 2026

De réir an Innéacs Siúil agus Rothaíochta is déanaí, tógtar suas le 82,000 carr de bhóithre Chorcaí gach lá le siúl, rothlú agus rothaíocht.

Tá breis agus leath de chónaitheoirí Mhórcheantar Uirbeach Chorcaí ag iarraidh siúl níos mó agus tá níos mó ná trian díobh ag iarraidh rothaíocht a dhéanamh níos mó.

Fuarthas amach i suirbhé ÚNI go mbíonn 66% de dhaoine fásta i gCorcaigh ag siúl nó ag rothlú cúig huaire sa tseachtain ar a laghad, suas ó 52% in 2023.

D’fhoilsigh an tÚdarás Náisiúnta Iompair torthaí a shuirbhé is déanaí inniu ar shiúl, rothlú agus rothaíocht i Mórcheantar Uirbeach Chorcaí inniu, ina léirítear méadú mór 14 phointe ar líon na gcónaitheoirí a shiúlann nó a rothlaíonn (rud a chiallaíonn cathaoir rothaí nó scútar soghluaisteachta a úsáid) cúig huaire sa tseachtain ar a laghad, méadú ó 52% in 2023 go 66% in 2025. Léirítear sa suirbhé freisin go dtógann daoine a shiúlann, a rothlaíonn nó a rothaíonn le haghaidh turais neamhfhóillíochta nuair a d’fhéadfaidís carr a úsáid, suas le 82,000 carr de bhóithre Chorcaí gach lá.  I

I gcomhar le Comhairlí Cathrach agus Contae Chorcaí, an tÚdarás Náisiúnta Iompair agus Walk Wheel Cycle Trust

Soláthraíonn an tInnéacs Siúil agus Rothaíochta an measúnú is mó riamh ar shiúl, rothlú agus rothaíocht in Éirinn agus sa RA. Déantar é a sheachadadh i gcomhar le Comhairlí Cathrach agus Contae Chorcaí, an tÚdarás Náisiúnta Iompair agus leis an gcarthanacht iompair inbhuanaithe, Walk Wheel Cycle Trust. In éineacht le hInnéacs Siúil agus Rothaíochta Mhórcheantar Uirbeach Chorcaí, tá tuarascálacha Innéacs á bhfoilsiú ag Mórcheantair Uirbeacha Bhaile Átha Cliath, Luimnigh – na Sionainne, na Gaillimhe agus Phort Láirge inniu freisin.

Innéacs Siúil agus Rothaíochta Mhórcheantar Uirbeach Chorcaí

Innéacs Siúil agus Rothaíochta Mhórcheantar Uirbeach Chorcaí bunaithe ar shuirbhé neamhspleách atá ionadaíoch go déimeagrafach ar bheagnach 1,100 cónaitheoir ar fud Mhórcheantar Uirbeach Chorcaí, 16 bliana d’aois agus os a chionn, ní hamháin iad siúd a shiúlann, a rothlaíonn nó a rothaíonn. Clúdaíonn Mórcheantar Uirbeach Chorcaí ceantar ó Mhainistir na Corann go dtí an Bhlarna agus ó dheas go Carraig Uí Leighin.

Léirítear san Innéacs go bhfuil 75% de chónaitheoirí i bhfabhar infheistíocht bhreise i siúl agus i rothlú, suas ó 71% in 2023, agus go bhfuil 67% de chónaitheoirí i bhfabhar infheistíocht bhreise sa rothaíocht, méadú ó 63% in 2023. Léirítear sa suirbhé éileamh leanúnach ar thaisteal gníomhach agus cuireann 52% in iúl go bhfuil fonn orthu siúl, rothlú níos mó amach anseo, agus 38% ag léiriú gur mian leo rothaíocht níos mó.

five walkers crossing a street junction in Cork city - Walking and Cycling Index

Príomhthorthaí ó Innéacs Siúil agus Rothaíochta Mhórcheantar Uirbeach Chorcaí, 2025:

  • Siúlann nó rothlaíonn 66% de chónaitheoirí fásta 5 lá nó níos mó sa tseachtain, suas ó 52% in 2023.
  • Siúlann nó rothlaíonn 69% de mhná 5 lá nó níos mó sa tseachtain, suas ó 52% in 2023.
  • Rothaíonn 9% de chónaitheoirí fásta atá 66 bliain d’aois nó os a chionn uair sa tseachtain ar a laghad, suas ó 5% in 2023.
  • Ba mhaith le 52% siúl níos mó, agus ba mhaith le 38% rothaíocht níos mó amach anseo.
  • Gach lá tógann siad siúd a shiúlann, a rothlaíonn agus a rothaíonn le haghaidh turais neamhfhóillíochta nuair a d’fhéadfaidís carr a úsáid, suas le 82,000 carr de na bóithre i gCeantar Cathrach Chorcaí. Dá mbeadh na carranna sin go léir i dtranglam tráchta, bheadh 394 ciliméadar de scuaine tráchta ann.
  • Cruthaíonn cónaitheoirí a shiúlann, a rothlaíonn agus a rothaíonn tairbhe eacnamaíoch bhliantúil €9 milliún do dhaoine aonair agus do Mhórcheantar Uirbeach Chorcaí.
  • Tá glantairbhe eacnamaíoch €1.61 ​​ann in aghaidh gach ciliméadair a rothaítear in ionad na gciliméadar a thiomáintear agus glantairbhe eacnamaíoch €1.13 in aghaidh gach ciliméadair a shiúltar in ionad na gciliméadar a thiomáintear.
  • Feabhsaíonn siúl, rothlú agus rothaíocht sláinte an phobail i Mórcheantar Uirbeach Chorcaí, rud a chuireann cosc ar 775 riocht sláinte fadtéarmach agus a shábhálann FSS €9.8 milliún, arb ionann é agus costas breis agus 160,000 coinne dochtúra teaghlaigh.
  • Sábhálann siad siúd a shiúlann agus a rothaíonn in ionad tiomána astaíochtaí gás ceaptha teasa atá coibhéiseach le 130,000 eitilt ó Aerfort Chorcaí go hAerfort Heathrow i Londain.
  • Tacaíonn 75% de chónaitheoirí le hinfheistíocht bhreise i siúl agus i rothlú, suas ó 71% in 2023.
  • Tacaíonn 67% de chónaitheoirí le hinfheistíocht bhreise sa rothaíocht, suas ó 63% in 2023
    • Tacaíonn 73% de chónaitheoirí le níos mó rianta rothair a thógáil atá scartha go fisiciúil ó thrácht agus ó choisithe, suas ó 69% in 2023.

pedestrian male crossing road at zebra crossing junction Cork

Sochair Eacnamaíocha a bhaineann le Taisteal Gníomhach

Fuarthas amach sa tuarascáil go gcruthaíonn siúl, rothlú agus rothaíocht tairbhe eacnamaíoch bhliantúil €415.9 milliún do dhaoine aonair agus do Mhórcheantar Uirbeach Chorcaí. Áirítear leis sin glantairbhe eacnamaíoch €1.61 in aghaidh gach ciliméadair a rothaítear in ionad na gciliméadar a thiomáintear agus tairbhe €1.13 in aghaidh gach ciliméadair a shiúltar in ionad na gciliméadar a thiomáintear. Cinneadh na costais sin trí anailís a dhéanamh ar am taistil, costais oibriúcháin feithiclí, buntáistí sláinte, cáilíocht aeir agus cánachas.

Buntáistí Comhshaoil

Gach lá, déanann daoine a d’fhéadfadh carr a úsáid suas le 82,000 turas siúil agus rothaíochta neamh-fhóillíochta fillte i Mórcheantar Uirbeach Chorcaí. Dá mbeadh na carranna sin go léir i dtranglam tráchta, bheadh 394 ciliméadar de scuaine tráchta ann.
Fuarthas amach sa tuarascáil freisin go sábhálann siúl, rothlú agus rothaíocht 13,000 tonna d’astaíochtaí gás ceaptha teasa i gCorcaigh gach bliain, rud atá coibhéiseach le thart ar 130,000 cónaitheoir ag eitilt ó Aerfort Chorcaí go hAerfort Heathrow i Londain.

Buntáistí Sláinte agus Cuimsitheacht

Leagtar amach sa tuarascáil na tairbhí a bhaineann le siúl, rothlú agus rothaíocht go Mórcheantar Uirbeach Chorcaí, agus cuireann na tairbhí gníomhaíochta coirp a bhaineann le siúl, rothlú agus rothaíocht cosc ​​ar 775 riocht sláinte fadtéarmach gach bliain, ar fiú thart ar €9.8 milliún é agus atá coibhéiseach leis an gcostas a bhaineann le breis agus 160,000 coinne dochtúra teaghlaigh.

Léiríodh san Innéacs, ar fud go leor grúpaí éagsúla, go bhfuil méadú suntasach tagtha ar líon na gcónaitheoirí atá ag siúl nó ag rothlú. Fuarthas amach go siúlann nó go rothlaíonn 69% de mhná cúig lá sa tseachtain ar a laghad, suas ó 52% in 2023. Tá méadú suntasach tagtha ar dhaoine atá 66 bliain d’aois agus os a chionn agus a shiúlann nó a rothlaíonn cúig lá sa tseachtain ar a laghad ó 40% in 2023 go 59% in 2025. Chomh maith leis sin, tá méadú tagtha ó 31% go 48% ar líon na ndaoine faoi mhíchumas a shiúlann nó a rothlíonn cúig lá sa tseachtain ar a laghad.

Tá daoine scothaosta ag rothaíocht níos mó freisin agus léirítear sa suirbhé go bhfuil 9% de na daoine atá 66 bliain d’aois agus os a chionn ag rothaíocht uair sa tseachtain ar a laghad, suas ó 5% in 2023.

cyclist on a 2-way cycle lane - with passing car traffic - Walking and Cycling Index

Tuairimí na gCónaitheoirí ar Réitigh chun Dul ag Siúl nó ag Rothaíocht Níos Minice

Nuair a fiafraíodh díobh cad a chabhródh leo siúl nó rothlú níos mó, luann formhór chónaitheoirí Mhórcheantar Uirbeach Chorcaí inrochtaineacht níos fearr ar chosáin lena n-áirítear colbhaí íslithe ag pointí trasnaithe, áiteanna níos deise feadh na sráideanna chun stopadh agus scíth a ligean, níos lú carranna páirceáilte ar chosáin agus pointí trasnaithe níos minice ag a bhfuil amanna feithimh laghdaithe. Fuarthas amach sa tuarascáil i mórcheantar Uirbeach Chorcaí go bhfuil trasrian tiomnaithe do choisithe ag 85% de na bóithre a thagann le chéile ag acomhail soilse tráchta.

Nuair a fiafraíodh díobh cad a chabhródh leo rothaíocht níos mó, ba mhian le formhór na gcónaitheoirí feabhsuithe bonneagair amhail cosáin saor ó thrácht trí pháirceanna nó ar ghlasbhealaí, rotharbhealaí ar a bhfuil comharthaí feadh sráideanna níos ciúine agus rianta rothair feadh bóithre atá scartha go fisiciúil ó thrácht agus ó choisithe.

Léirítear sa suirbhé freisin méadú ar líon na gcónaitheoirí a thacaíonn le níos mó rianta rothair a thógáil atá scartha go fisiciúil ó thrácht agus ó choisithe, fiú i gcás ina gciallaíonn sé sin níos lú spáis le haghaidh trácht eile, suas ó 69% in 2023 go 73% in 2025. Tá 40 km de chosáin saor ó thrácht i Mórcheantar Uirbeach Chorcaí anois, ar shiúl ó bhóithre, agus 18 km de raonta rothar feadh bóithre atá scartha go fisiciúil ó choisithe agus ó thrácht, chomh maith le 10 km de rianta rothair in aice leis an gcosán ach atá marcáilte le dromchla difriúil.

Áit Níos Fearr le Cónaí a Chruthú

Aithníonn cónaitheoirí Chorcaí freisin an tábhacht a bhaineann le comharsanachtaí inar féidir maireachtáil. Tá 83% de chónaitheoirí ar son comharsanachtaí ‘tráchta ísle’ a chruthú – áit a bhfuil laghdú mór tagtha ar ‘thréthrácht’ mótarfheithiclí ag grúpaí sráideanna, ag a bhfuil teorainn le príomhbhóithre. Tá 88% ar son luasteorainneacha a laghdú, pointí trasnaithe a fheabhsú agus raonta rothar cosanta a thabhairt isteach i gcomharsanachtaí scoile. Tacaíonn 59% le sráideanna cónaithe lasmuigh de scoileanna a dhúnadh do charranna le linn amanna fágála agus bailithe.  Deimhnítear sa tuarascáil freisin go dtacaíonn cónaitheoirí Chorcaí le bonneagar siúil/rothlaithe d’fhonn iad a spreagadh an bus a úsáid níos mó, ba mhaith le 84% feabhas a chur ar áiseanna trasnaithe in aice le stadanna bus, agus tá 84% ag iarraidh bealaí siúil agus rothlaithe feabhsaithe chuig stadanna bus agus uathu.

two women walking with buggies by the marina in Cork

Le tionscadail amach anseo agus le hinfheistíocht i dtionscadail bhonneagair siúil agus rothaíochta dár gcathair.

Ag labhairt dó faoin Innéacs Siúil agus Rothaíochta, dúirt an Comhairleoir Fergal Dennehy, Ard-Mhéara Chomhairle Cathrach Chorcaí:

“Mar Ard-Mhéara Chorcaí, tá áthas orm fáilte a chur roimh an dara hInnéacs Siúil agus Rothaíochta i Mórcheantar Uirbeach Chorcaí. Cuirfidh a chuid sonraí agus léargais luachmhara le tionscadail amach anseo agus le hinfheistíocht i dtionscadail bhonneagair siúil agus rothaíochta dár gcathair. Tá Comhairle Cathrach Chorcaí bródúil as oibriú lenár gcomhpháirtí, an tÚdarás Náisiúnta Iompair (ÚNI), chun feabhsuithe a sheachadadh ar bhonneagar siúil agus rothaíochta.

Tá an tionchar sláinte poiblí a bhaineann le siúl nó rothaíocht a roghnú in ionad tiomána thar a bheith suntasach, agus ar ndóigh, tá na tairbhí comhshaoil a bhaineann le taisteal gníomhach doshéanta, agus iad go léir le feiceáil sna

sonraí anseo. Seasaimid go daingean inár dtiomantas taisteal gníomhach a dhéanamh ina rogha níos inmharthana, níos sábháilte agus níos inrochtana do na daoine go léir a bhfuil cónaí orthu inár gcathair, a oibríonn inti agus a thugann cuairt uirthi.”

Tá breis agus €100m caite ar scéimeanna taistil ghníomhaigh ó 2021 i leith

Dúirt an Comhairleoir Mary Linehan Foley, Méara Chontae Chorcaí:

“Mar Mhéara Chontae Chorcaí, cuirim fáilte roimh Innéacs Siúil agus Rothaíochta 2025 ina léirítear fás ar thaisteal gníomhach. Tá breis agus €100m caite ag Comhairle Contae Chorcaí, i gcomhar leis an ÚNI, ar scéimeanna taistil ghníomhaigh ó 2021 i leith. Áirítear leis sin breis agus 8km de chosán comhroinnte a nascann Dún Citil le Carraig Thuathail. I gCarraig Uí Leighin, osclaíodh Nasc Bridgemount in 2025 ag a bhfuil 942 úsáideoir laethúil ar an meán.

Táim an-bhródúil as an obair atá déanta ar ár gClár Bealaí Sábháilte chun na Scoile.

Tá 36 scoil ar fud an chontae á gcur chun cinn againn agus 8 gcinn díobh sin laistigh de Mhórcheantar Uirbeach Chorcaí. Go dtí seo, tá 17 scéim curtha i gcrích. Táimid ag tnúth le húsáid a bhaint as an Innéacs chun scéimeanna taistil ghníomhaigh a chur chun cinn tuilleadh.”

Tuilleadh

Is féidir rochtain a fháil ar Innéacs Siúil agus Rothaíochta Mhórcheantar Uirbeach Chorcaí ar: Innéacs Siúil agus Rothaíochta i Mórcheantar Uirbeach Chorcaí – Cork Metropolitan Region | Walking and Cycling Index 2025 – National Transport

Modheolaíocht

  • Is é an tInnéacs Siúil agus Rothaíochta an measúnú is mó ar shiúl, rothlú agus rothaíocht i gceantair uirbeacha in Éirinn agus sa RA.
  • I bPoblacht na hÉireann, déantar é a sheachadadh i gcomhar leis an ÚNI agus leis na húdaráis áitiúla do na 5 Mhórcheantar Uirbeacha i mBaile Átha Cliath, Corcaigh, Gaillimh, Luimneach/an tSionainn agus Port Láirge. Glacann 17 gcathair agus limistéar uirbeacha de chuid an RA páirt ann freisin, agus Réigiún Chathair Learphoill, Mórcheantar Mhanchain, Glaschú agus Dún Éideann ina measc.
  • Clúdaíonn Mórcheantar Uirbeach Chorcaí ceantar ó Mhainistir na Corann go dtí an Bhlarna agus ó dheas go Carraig Uí Leighin.
  • Tagann an fhaisnéis sna tuarascálacha ó shonraí áitiúla, ó shamhaltú agus ó shuirbhé neamhspleách atá ionadaíoch go déimeagrafach ar 1,100 cónaitheoir ar a laghad atá 16 bliana d’aois nó os a chionn i ngach Mórcheantar Uirbeach.
  • Rinne an chuideachta neamhspleách taighde margaidh Ipsos B&A an suirbhé duine le duine ó mhí Aibreáin go mí Iúil 2025.
  • Tá an suirbhé ionadaíoch do chónaitheoirí uile Mhórcheantar Uirbeach Chorcaí, ní hamháin dóibh siúd a shiúlann, a rothlaíonn nó a rothaíonn.
  • Úsáideann an tInnéacs Siúil agus Rothaíochta samhail chun anailís a dhéanamh ar na costais agus ar na tairbhí a bhaineann le tiomáint, siúl agus rothaíocht. Áirítear leis na hionchuir am taistil, costais oibriúcháin feithiclí, buntáistí sláinte, cáilíocht aeir agus cánachas.
  • Tagann na sonraí eile go léir ó chomhpháirtithe cathrach, ó thacair sonraí náisiúnta nó shamhaltaigh agus ríomh Walk Wheel Cycle Trust iad.
  • Lamháil earráide +/-3%.
  • Tá modheolaíocht níos doimhne ar fáil ag walkwheelcycletrust.org.uk/walking-cycling-index  agus Cork Metropolitan Region | Walking and Cycling Index 2025
  • Úsáid an téarma ‘rothlú’ – soláthraíonn Walk Wheel Cycle Trust an sainmhíniú seo ar an téarma ‘rothlú’ i gcorp gach Tuarascála. “Aithnímid go mb’fhéidir nach n-ionannódh roinnt daoine a úsáideann áiseanna soghluaisteachta rothaí, mar shampla cathaoir rothaí nó scútar soghluaisteachta, leis an téarma siúl agus go mb’fhearr leo an téarma rothlú a úsáid. Úsáidimid na téarmaí siúl agus rothlú le chéile lena chinntiú go bhfuilimid chomh cuimsitheach agus is féidir.”