Inniu, d’fhógair an tÚdarás Náisiúnta Iompair (ÚNI) i gcomhpháirt le Bus Éireann athruithe ar Bhealach 450 in Acaill a thiocfaidh i bhfeidhm ar Dé Sathairn, 22 Feabhra.
Chun faid turais a laghdú agus chun éifeachtúlacht na seirbhíse a fheabhsú
Ceapadh na hathruithe chun faid turais a laghdú agus chun éifeachtúlacht na seirbhíse a fheabhsú. San am céanna, cinntíonn na hathruithe sin go mbeidh rochtain leanúnach ar iompar poiblí trí Líonra Transport for Ireland (TFI).
Ón 22 Feabhra, feidhmeoidh Bealach 450 ar ailíniú athraithe a bhainfidh leas as an mbóthar R319 a théann idir an Caol agus Bun an Churraigh. Táthar ag súil go mbeidh laghdú thart ar 15 nóiméad ar fhaid na dturas sa dá threo. Dá bharr sin, cuirfear turais atá níos tapúla agus níos iontaofa ar fáíl le haghaidh paisinéirí atá ag teacht go dtí agus ag imeacht ó Acaill.
Mar thoradh ar an ailíniú athraithe, ní fhreastalóidh an tseirbhís ar na stadanna atá anois ann ag Dumha Goirt agus ag Dún Ibhir a thuilleadh.
Paisinéirí i nDumha Goirt agus i nDún Ibhir
Beidh rochtain ag paisinéirí i nDumha Goirt agus i nDún Ibhir ar iompar poiblí fós trí TFI Anseo, an tseirbhís iompair phoiblí Chliste ar Eíleamh de chuid ÚNI. Tá TFI Anseo á reachtáil ar bhonn píolótach in Acaill faoi láthair ar feadh tréimhse dhá mhí dhéag. Is féidir le custaiméirí i nDumha Goirt agus i nDún Ibhir ar mian leo taisteal níos faide amach leas a bhaint as TFI Anseo chun turas a chur in áirithe go Gob an Choire nó go dtí an Mhala Raithní. Ó na háiteanna sin, is féidir leo rochtain a fháil ar na bealaí 450, 460a nó 460b a théann go Cathair na Mart, Caisleán an Bharraigh nó Béal an Mhuirthead.
TFI Anseo – seirbhís Iompair a Fhreagraíonn don Éileamh ar Bhealach Cliste (DRT)
Tá TFI Anseo mar chuid de Líonra TFI atá níos leithne, agus feidhmíonn sé mar sheirbhís Iompair a Fhreagraíonn don Éileamh ar Bhealach Cliste (DRT). Cuirtear turais sholúbtha ar féidir a chur in aírithe ar fáil a chuireann le seirbhísí bus sceidealaithe agus a fheabhsaíonn nascacht i gceantair thuaithe.

Clár ama
Ní dhéanfar aon athruithe ar an gclár ama idir Bun an Churraigh agus Cluain Cearbán. Mar sin féin, socrófar na hamanna imeachta agus sroichte i gcás Dhumha Goirt agus an Chaoil le go mbeidh siad ag teacht leis an bhfad turais laghdaithe ar an mbealach athraithe.
Agus é ag labhairt faoi na hathruithe, dúirt John Nott, Ceann Pleanála Seibhísí Iompair Phoiblí ag an Údarás Náisiúnta Iompair (ÚNI): “Ceapadh na hathruithe sin ar Bhealach 450, arna bhfeidhmiú ag Bus Éireann, chun turais atá níos tápúla agus níos éifeachtúla a chur ar fáil le haghaidh paisinéirí atá ag teacht go dtí nó ag imeacht ó Acaill. San am céanna, cintíonn na hathruithe sin go dtacaítear le pobail fós trí Líonra TFI. Léirítear le tabhairt isteach seirbhísí sceidealaithe atá níos tapúla mar aon le scéim píolótach TFI Anseo ar éileamh ár ngealltanas chun nascacht tuaithe a fheabsú agus réitigh iompair a chur ar fáil a fhreastalíonn ar riachtanais áitiúla.”
Tuilleadh Eolais
Le haghaidh tuilleadh eolais maidir le hAilíniú nua Bhealach 450, tabhair cuairt ar buseireann.ie, nó más paisinéir thú ar mhian leo leas a bhaint as TFI Anseo, tabhair cuairt ar Aip TFI Anseo – Transport for Ireland
Tá TFI Anseo, seirbhís iompair phoiblí ar éileamh, á reachtáil ar bhonn píolótach i Maigh Eo faoi láthair. Ceapadh an scéim phíolótach chun an chaoi is fearr le freastal ar riachtanais iompair phaisinéirí a mheas, agus cabhróidh na torthaí chun bonn eolais a chur faoi aon athrú ar chlár ama Bhealach 450 amach anseo. Is é an aidhm atá léi ná roghanna turais agus an tseirbhís ina iomláine a fheabhsú le haghaidh paisinéirí.


