Hacnaí Ceantair Áitiúil – Iarratas Nua – Cloch na Rón Co. na Gaillimhe

14 May 2025

Is catagóir fruiliú príobháideach de SPSV an é Hacnaí Ceantair Áitiúil (HCÁ) a cruthaíodh i ndiaidh an Athbhreithnithe ar Rialáil Tacsaithe in 2012.

Is é an cuspóir atá leis an Hacnaí Ceantair Áitiúil seirbhís SPSV a chur ar fáil i bpobal tuaithe i gcás nach bhfreastalaítear ar riachtanais an phobail leis na seirbhísí iompair reatha. Is féidir leis an HCÁ freastal ar an éileamh ar na seirbhísí seo ach ní féidir leo aon seirbhísí SPSV atá ann cheana féin a chur as áit. Sriantar an ceadúnas seo do cheantar geografach sainithe mórthimpeall ar shráidbhaile nó baile fearainn ainmnithe. Sonraítear an ceantar ar an gceadúnas agus is ar an bpobal sin amháin ar a ndírítear leis an tseirbhís.

Tá iarratas faighte le haghaidh ceadúnais Hacnaí Ceantair Áitiúil i gceantar Cloch na Rón. Má bhíonn tú i mbun gnó sa cheantar seo nó in aice láimhe agus má tá aon cheisteanna nó tuairimí agat, déan teagmháil le taxis@nationaltransport.ie

Tabhair faoi deara nach féidir leis an ÚNI ceadúnais hacnaí ceantair áitiúil a eisiúint ach amháin nuair a gcomhlíontar an méid seo a leanas: (a) go bhfuil éileamh ar sheirbhísí hacnaí ceantair áitiúil sa cheantar a bhfuil an ceadúnas á lorg ina leith, agus (b) nach bhfuil seirbhísí iompair phoiblí an cheantair á gcomhlíonadh go leordhóthanach do riachtanais iompair phoiblí an cheantair a bhfuil an ceadúnas á lorg ina leith. Ní ceadmhach ceadúnas hacnaí ceantair áitiúil a úsáid chun gnáth-tiománaithe tacsaí nó hacnaí nó seirbhísí atá i dteideal a bheith i mbun gnó sa cheantar a ionadú nó a chur as áit. Faoin reachtaíocht is infheidhme, ceadaítear an ÚNI ceadúnas a dheonú má chomhlíontar nach féidir freastal ar riachtanais iompair phoiblí an cheantair áitiúil ach amháin trí cheadúnas hacnaí ceantair áitiúil sain chuspóra seo a thabhairt.

Chun tuilleadh sonraí a fháil ar an gCeadúnas Hacnaí Ceantair Áitiúil féach ar ár dtreoir anseo.