Chuir an tÚdarás Náisiúnta Iompair (ÚNI) iarratas pleanála faoi bhráid Chomhairle Cathrach na Gaillimhe inniu le haghaidh áis nua Páirceála agus Taistil do Mhórcheantar na Gaillimhe, le bheith suite ag Bóthar na Ceapaí laistigh de bhailte fearainn an Léana Bhodhair agus na Ceapaí, Cnoc na Cathrach, Gaillimh.
Is infheistíocht shuntasach í an fhorbairt atá beartaithe in iompar inbhuanaithe le haghaidh chathair na Gaillimhe, agus tá sé mar aidhm aici rochtain ar iompar poiblí a fheabhsú, plódú tráchta a laghdú, agus nascacht siúil agus rothaíochta a fheabhsú do phobail in iarthar na Gaillimhe.
176 spás páirceála ar fáil
Leis an áis atá beartaithe, cuirfear 176 spás páirceála ar fáil, lena n-áirítear 17 mbá luchtaithe le haghaidh feithiclí leictreacha (EV), 17 mbá EV a sheasfaidh an aimsir, agus naoi spás páirceála inrochtana do dhaoine beagluaineachta. Beidh ceithre bhá bus mar chuid den fhorbairt freisin ina mbeidh scáthláin chumhdaithe do phaisinéirí agus spás do pháirceáil shlán rothar, rud a thacóidh le raon roghanna taistil ilmhódaigh.
Éascófar rochtain ar an láithreán trí athlonnú agus athdhearadh a dhéanamh ar thimpeallán Bhóthar na Ceapaí/Bóthar Dáileacháin an Iarthair atá ann cheana, agus bogfar siar é thart ar 11 mhéadar. Le géag nua thiar den timpeallán, tabharfar rochtain dhíreach ar an áis Páirceála agus Taistil.
Cuimsítear freisin leis an scéim uasghrádú ar an mbonneagar taistil ghníomhaigh chun sábháilteacht agus nascacht a fheabhsú do rothaithe, chomh maith le dhá nasc nua do choisithe lena nascfar an láithreán leis na cosáin atá ann cheana féin in aice le hIonad Pobail Chnoc na Cathrach, rud a fheabhsóidh an rochtain ar chonláistí áitiúla.
Páirceála agus Taistil Bhóthar na Ceapaí
Tá áis Páirceála agus Taistil Bhóthar na Ceapaí suite go háisiúil gar do sheirbhísí bus minice, agus tá sé beartaithe freisin go mbeidh sí mar cheann aistir le haghaidh bealaí nua bus; 7 agus 9A, a thabharfar isteach mar chuid d’Athdhearadh Líonra BusConnects na Gaillimhe, rud a neartóidh naisc iompair a thuilleadh le haghaidh bhruachbhailte thiar na Gaillimhe, lár na cathrach agus an mhórcheantair níos leithne.
Tá ÚNI tiomanta i gcónaí do bhonneagar iompair ardchaighdeáin inrochtana inbhuanaithe a chur ar fáil, a thacaíonn le húsáid iompair phoiblí, a laghdaíonn spleáchas ar charranna, agus a fheabhsaíonn líonra iompair Mhórcheantar na Gaillimhe.