Íocaíochtaí cárta gan tadhall ar fáil anois ar sheirbhísí Nasc Áitiúil TFI Laoise agus Uíbh Fhailí

Dheimhnigh an tÚdarás Náisiúnta Iompair (ÚNI) inniu gur leathadh amach go rathúil an teicneolaíocht chun íocaíochtaí cárta gan tadhall a dhéanamh ar fud sheirbhísí uile Nasc Áitiúil TFI Laoise agus Uíbh Fhailí.

23 January 2026

Dheimhnigh an tÚdarás Náisiúnta Iompair (ÚNI) inniu gur leathadh amach go rathúil an teicneolaíocht chun íocaíochtaí cárta gan tadhall a dhéanamh ar fud sheirbhísí uile Nasc Áitiúil TFI Laoise agus Uíbh Fhailí.

Cashless-TFI-Local link 300x300Táillí a íoc trí chárta dochair nó creidmheasa a úsáid

Ón lá inniu ar aghaidh, is féidir le paisinéirí a úsáideann gnáthsheirbhísí Nasc Áitiúil TFI Laoise agus Uíbh Fhailí a dtáillí a íoc trí chárta dochair nó creidmheasa a úsáid, chomh maith le roghanna íocaíochta móibíleacha amhail Apple Pay agus Google Pay. Leanann an leathadh amach sin an tionscadal píolótach rathúil d’íocaíochtaí cárta gan tadhall sa Chabhán agus i Muineachán agus leathadh amach na teicneolaíochta i dTiobraid Árainn i mí na Nollag.

Glacfar le híocaíochtaí gan tadhall le haghaidh táillí aon turais

Glacfar le híocaíochtaí gan tadhall le haghaidh táillí aon turais, agus leanfar de tháirgí laethúla agus seachtainiúla a bheith ar fáil trí shuíomh gréasáin Leap agus aip Leap Top-Up de chuid TFI. Is féidir le paisinéirí leanúint d’íocaíochtaí a dhéanamh trí Chártaí Leap TFI agus airgead tirim freisin, agus tá Cártaí Saorthaistil bailí go fóill ar gach seirbhís incháilithe.

Tá an t-uasghrádú mar chuid de chlár níos leithne de chuid ÚNI chun córais íocaíochta táille a nuachóiriú ar fud na tíre, rud a fheabhsóidh inrochtaineacht agus eispéireas foriomlán na bpaisinéirí, go háirithe do phobail i gceantair thuaithe agus réigiúnacha.

Cuirtear níos mó solúbthachta ar fáil do phaisinéirí

D’fháiltigh Edmund Betagh, Bainisteoir Nasc Áitiúil TFI, roimh an bhforbairt. Dúirt sé:

“Is céim mhór chun tosaigh iad íocaíochtaí gan tadhall a thabhairt isteach don iompar poiblí i Laois agus in Uíbh Fhailí. Leis sin, cuirtear níos mó solúbthachta ar fáil do phaisinéirí, táthar in ann daoine a chur ar bord níos gasta, agus cinntítear go leanann ár seirbhísí de riachtanais pobal áitiúil a chomhlíonadh.”

Dúirt Frances Byrne, Bainisteoir Ginearálta Nasc Áitiúil TFI Laoise agus Uíbh Fhailí, freisin:

“Táimid tiomanta d’iompar poiblí a dhéanamh chomh háisiúil agus chomh héasca d’úsáideoirí agus is féidir. Mar thoradh ar roghanna íocaíochtaí nua-aimseartha a chur ar fáil, beidh sé níos éasca do níos mó daoine taisteal inbhuanaithe a roghnú agus seirbhísí ríthábhachtacha a rochtain ar fud an réigiúin.”

 Tuilleadh eolais

Le haghaidh tuilleadh eolais faoi sheirbhísí Nasc Áitiúil TFI Laoise agus Uíbh Fhailí, tabhair cuairt ar https://locallinklaoisoffaly.ie/

Nasc Áitiúil TFI – Transport for Ireland

 

TFI-LL nasc -IRISH-Logo