Níos mó ná leath na gcónaitheoirí fásta i Limistéar Cathrach Phort Láirge ag iarraidh dul ag siúl nó ar áis siúil níos minice agus aon trian díobh ag iarraidh dul ag rothaíocht níos minice de réir suirbhé ón ÚNI

iarraidh dul ag rothaíocht níos minice de réir suirbhé ón ÚNI Suas le 15,000 carr bainte de bhóithre Limistéar Cathrach Phort Láirge gach lá de thairbhe shiúl na gcos, áiseanna siúil agus rothar

3 March 2026

  • Níos mó ná leath na gcónaitheoirí fásta i Limistéar Cathrach Phort Láirge ag iarraidh dul ag siúl nó ar áis siúil níos minice agus aon trian díobh ag iarraidh dul ag rothaíocht níos minice de réir suirbhé ón ÚNI.
  • Suas le 15,000 carr bainte de bhóithre Limistéar Cathrach Phort Láirge gach lá de thairbhe shiúl na gcos, áiseanna siúil agus rothar de réir an Innéacs Siúil agus Rothaíochta is déanaí.
  • 45% d’aosaigh Phort Láirge i mbun siúil nó ar áis siúil cúig huaire sa tseachtain ar a laghad, agus 12% a rothaíonn uair sa tseachtain ar a laghad.

Inniu d’fhoilsigh an tÚdarás Náisiúnta Iompair torthaí a shuirbhé is déanaí ar nósanna taistil de shiúl na gcos, ar áis siúil agus ar rothar i Limistéar Phort Láirge, suirbhé ina bhfuil léirithe gur mian le 51% de chónaitheoirí fásta dul ag siúl nó ar áis siúil (is é sin, cathaoir rothaí nó scútar soghluaisteachta) níos minice agus gur mian le 32% dul ag rothaíocht níos minice. Léiríodh sa suirbhé go mbíonn 45% d’aosaigh Phort Láirge ag siúl agus ag úsáid áis siúil cúig huaire sa tseachtain ar a laghad, agus go rothaíonn 12% uair sa tseachtain ar a laghad.

Soláthraíonn an tInnéacs Siúil agus Rothaíochta an measúnú is mó ar shiúl, rothlú agus rothaíocht in Éirinn agus sa RA. Is i gcomhar le Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge agus Comhairle Contae Chill Chainnigh; leis an Údarás Náisiúnta Iompair; agus leis an gcarthanas iompair inbhuanaithe, Walk Wheel Cycle Trust, a chuirtear ar fáil é. In éineacht le hInnéacs Siúil agus Rothaíochta Limistéar Cathrach Phort Láirge, tá tuarascálacha Innéacs le foilsiú ag Limistéir Chathrach Chorcaí, Luimnigh agus Cheantar na Sionainne, na Gaillimhe agus Bhaile Átha Cliath inniu freisin.


Innéacs Siúil agus Rothaíochta Limistéar Cathrach Phort Láirge 2025

Tá Innéacs Siúil agus Rothaíochta Limistéar Cathrach Phort Láirge bunaithe ar shuirbhé neamhspleách atá ionadaíoch ó thaobh na déimeagrafaice de, seachas ar choisithe, úsáideoirí áiseanna siúil agus rothaithe amháin, ach ar bhreis agus 1,100 cónaitheoir atá 16 bliana nó níos sine agus iad ar fud Limistéar Cathrach Phort Láirge. Is iad Cathair Phort Láirge agus a fo-bhailte, lena n-áirítear an Pasáiste agus an Sliabh Rua, agus Port an Chalaidh i gCill Chainnigh atá cuimsithe sa Limistéar Cathrach.

Léiríodh ann go bhfuil 78% de chónaitheoirí i bhfách le hinfheistíocht bhreise sa taisteal de shiúl na gcos agus ar áis siúil, suas ó 68% in 2023, agus go bhfuil 74% i bhfách le hinfheistíocht bhreise sa rothaíocht, suas ó 63% in 2023. Léiríodh sa suirbhé freisin go mbaintear suas le 15,000 carr gach lá de bhóithre Limistéar Cathrach Phort Láirge de thairbhe daoine a bheith ag roghnú shiúl na gcos, áis siúil nó rothair thar an gcarr ar thurais neamhfhóillíochta.

cyclist on a 2-way cycle lane - with passing car traffic - Walking and Cycling Index

Príomhthorthaí ar Innéacs Siúil agus Rothaíochta Limistéar Cathrach Phort Láirge, 2025:

  • Siúlann 45% de chónaitheoirí fásta 5 lá nó níos mó sa tseachtain, úsáideann 68% carr 5 lá nó níos mó sa tseachtain, agus rothaíonn 12% uair sa tseachtain ar a laghad.
  • Is mian le 51% de chónaitheoirí fásta dul ag siúl níos minice, agus is mian le 32% dul ag rothaíocht níos minice.
  • Tacaíonn 86% de chónaitheoirí le tógáil raonta rothar a bheadh scartha go fisiciúil ó thrácht agus coisithe, fiú dá mba lú an spás le haghaidh trácht eile, suas ó 76% in 2023.
  • Deir 35% de mhná nach rothaíonn siad ach go bhfuil fonn rothaíochta orthu, suas ó 19% in 2023.
  • Gach lá, baintear suas le 15,000 carr de bhóithre Limistéar Cathrach Phort Láirge de thairbhe daoine a bheith ag roghnú shiúl na gcos, áis siúil nó rothair thar an gcarr ar thurais neamhfhóillíochta. Dá mbeadh na carranna sin go léir i dtranglam tráchta, bheadh 70 km de scuaine ann.
  • Na cónaitheoirí a thaistealaíonn de shiúl na gcos, ar áis siúil agus ar rothar, cruthaíonn siad sochar bliantúil geilleagrach €67 milliún do dhaoine aonair agus do Limistéar Cathrach Phort Láirge.
  • Is fearr an tsláinte phoiblí i Limistéar Cathrach Phort Láirge de bharr shiúl na gcos, áiseanna siúil agus rothar. A bhuí leosan a choisctear 149 cás de riochtaí sláinte fadtéarmacha tromchúiseacha agus a shábhálann an FSS €1.8 milliún gach bliain, is é sin, an costas a bhaineann le breis agus 31,000 coinne le DG.
  • Agus daoine ag siúl agus ar rothar in ionad a bheith ag tiomáint, sábháiltear astaíochtaí gás ceaptha teasa arb ionann iad agus 34,000 eitilt ó Aerfort Bhaile Átha Cliath go hAerfort Heathrow Londan.
  • Is iad €1.62 agus €1.14, faoi seach, na glansochair gheilleagracha in aghaidh an km a thaistealaítear ar rothar agus de shiúl na gcos in ionad i gcarr.
  • Tá 90% de chónaitheoirí i bhfabhar luasteorainneacha a laghdú, pointí trasnaithe a fheabhsú agus raonta cosanta rothar a shuiteáil i gcomharsanachtaí scoile.
  • Tacaíonn 86% de chónaitheoirí le tógáil tuilleadh raonta rothar a bheadh scartha go fisiciúil ó thrácht agus coisithe, fiú dá mba lú an spás le haghaidh trácht eile, suas ó 76% in 2023.

Waterford_walking_rs

Sochair Eacnamaíocha a bhaineann le Taisteal Gníomhach

Fuarthas amach sa tuarascáil go gcruthaítear sochar geilleagrach €67 milliún do dhaoine aonair agus do Limistéar Cathrach Phort Láirge de thairbhe shiúl na gcos, áiseanna siúil agus rothar. Áirítear leis sin glansochair gheilleagracha €1.62 agus €1.14, faoi seach, in aghaidh an km a thaistealaítear ar rothar agus de shiúl na gcos in ionad i gcarr. Cinneadh na costais sin trí anailís a dhéanamh ar am taistil, costais oibriúcháin feithiclí, buntáistí sláinte, cáilíocht aeir agus cánachas.

Buntáistí Comhshaoil

Déanann daoine a bhfuil carr acu suas le 15,000 turas fillte de shiúl na gcos, ar áis siúil agus ar rothar i Limistéar Cathrach Phort Láirge gach lá. 70 km de scuaine a bheadh ann dá mbeadh na carranna uile sin ina dtranglam tráchta.
Fuarthas amach sa tuarascáil freisin go sábhálann coisithe, úsáideoirí áiseanna siúil agus rothaithe 2,700 tona d’astaíochtaí gás ceaptha teasa gach bliain, arb ionann é sin agus thart ar 34,000 eitilt ó Aerfort Bhaile Átha Cliath go hAerfort Heathrow Londan.

Buntáistí Sláinte agus Cuimsitheacht

Leagadh amach sa tuarascáil na buntáistí do Limistéar Cathrach Phort Láirge a bhaineann le bheith ag siúl, ag úsáid áis siúil agus ag rothaíocht, ar gníomhaíochtaí coirp iad lena gcoisctear 149 cás de riochtaí sláinte fadtéarmacha tromchúiseacha gach bliain. Is ionann é sin agus thart ar €1.8 milliún nó an costas a bhaineann le breis agus 31,000 coinne le DG.

Léiríodh san Innéacs go bhfuil éagsúlacht idir roghanna taistil na gcónaitheoirí agus a dtuairimí maidir le siúl, rothlú agus rothaíocht i measc grúpaí éagsúla. Fuarthas amach ann go mbíonn 52% de chónaitheoirí faoi mhíchumas ag siúl nó ag úsáid áis siúil cúig lá sa tseachtain ar a laghad i Limistéar Phort Láirge, i gcomparáid le 45% díobh siúd nach bhfuil faoi mhíchumas. Rothaíonn 9% de chónaitheoirí faoi mhíchumas uair sa tseachtain ar a laghad, i gcomparáid le 12% díobh siúd nach bhfuil faoi mhíchumas. Fuarthas amach ann freisin, cé go mbíonn 46% de mhná agus 44% d’fhir ag siúl nó ag úsáid áis siúil cúig lá sa tseachtain ar a laghad, is ann do dhealú inscne fós ó thaobh rothaíochta de, ar dá réir a rothaíonn 16% d’fhir uair sa tseachtain ar a laghad, i gcomparáid le 8% de mhná.

Tuairimí na gCónaitheoirí ar Réitigh chun Dul ag Siúl nó ag Rothaíocht Níos Minice

Mar fhreagra ar cheist maidir le réitigh chun dul ag siúl nó ar áis siúil níos minice, luaigh cónaitheoirí Limistéar Cathrach Phort Láirge gur mian leo rochtain fheabhsaithe ar chosáin atá níos leithne, lena n-áirítear colbhaí íslithe ag pointí trasnaithe, áiteanna níos deise scíthe feadh sráideanna, níos lú carranna páirceáilte ar chosáin agus pointí trasnaithe níos rialta ar gairide a n-amanna feithimh. Fuarthas amach sa tuarascáil go bhfuil trasrian tiomnaithe coisithe ar 92% de na bóithre a thagann le chéile ag acomhal soilse tráchta i Limistéar Cathrach Phort Láirge.

Mar fhreagra ar cheist maidir le réitigh chun dul ag rothaíocht níos minice, luaigh formhór na gcónaitheoirí fásta gur mian leo feabhsuithe bonneagair amhail raonta saor ó thrácht trí pháirceanna nó glasbhealaí agus raonta rothar feadh bóithre atá scartha go fisiciúil ó thrácht agus coisithe.

Is láidir an tacaíocht fós i leith bonneagar rothar níos cosanta a fhorbairt i Limistéar Cathrach Phort Láirge, a dtacaíonn 86% dá chónaitheoirí le tógáil raonta rothar a bheadh scartha go fisiciúil ó thrácht agus coisithe, fiú dá mba lú an spás le haghaidh trácht eile, suas ó 76% in 2023.

women and children and dog on greenway walking in Waterford

Áit Níos Fearr le Cónaí a Chruthú

Aithníonn cónaitheoirí Phort Láirge a thábhachtaí agus atá comharsanachtaí inchónaithe freisin. Tacaíonn 87% de chónaitheoirí le cruthú comharsanachtaí ‘ar bheagán tráchta’ ina ndéanfaí laghdú mór ar thrácht na mótarfheithiclí a théann “trí” ghrúpaí sráideanna a bhfuil príomhbhóithre timpeall orthu. Tá 90% i bhfabhar luasteorainneacha a laghdú, pointí trasnaithe a fheabhsú agus raonta cosanta rothar a thabhairt isteach i gcomharsanachtaí scoile. Tá 58% i bhfabhar cosc a chur ar charranna ar shráideanna cónaithe in aice le scoileanna le linn amanna fágála agus bailithe.

Tá léargas soiléir ar nósanna taistil ár gcónaitheoirí agus cé chomh mór is atá siúl na gcos, áiseanna siúil agus rothaíocht acu

Ag labhairt faoin Innéacs Siúil agus Rothaíochta, dúirt an Clr Seamus Ryan, Méara Chomhairle Cathrach Phort Láirge:

“Mar Mhéara, tá áthas orm fáiltiú roimh an dara heagrán d’ Innéacs Siúil agus Rothaíochta Phort Láirge. Sa tuarascáil seo, tá léargas soiléir ar nósanna taistil ár gcónaitheoirí agus cé chomh mór is atá siúl na gcos, áiseanna siúil agus rothaíocht acu. Agus mé i mo chónaí i bPort Láirge, tá tugtha faoi deara agam go bhfuil cruth nua á chur ar ár gcathair leis an taisteal gníomhach.

Le hinfheistíocht leanúnach ón ÚNI, rannpháirtíocht láidir ón bpobal agus ceannasaíocht dhíograiseach ó gach páirtí leasmhar, is féidir linn an bealach a dtaistealaímid a chlaochlú chun cur le comhshaol, sláinte agus inchónaitheacht ár gcathrach. Is léir an teachtaireacht atá curtha in iúl sa tuarascáil sin: is mian leis an bpobal go ndéanfar tuilleadh infheistíochta sa taisteal gníomhach. Leanfaimid orainn a bheith ar son todhchaí bhríomhar inbhuanaithe do gach aon chónaitheoir, gairmí, cuairteoir agus infheisteoir san áit seo.”

Dúirt an Clr Mary Hilda Kavanagh, Cathaoirleach Chomhairle Contae Chill Chainnigh:

“Mar Chathaoirleach Chomhairle Contae Chill Chainnigh, is cúis ríméid dom fáiltiú roimh an dara heagrán d’Innéacs Siúil agus Rothaíochta Phort Láirge. De réir mar a bhíonn ár gcathracha agus ár mbailte ag fás, is den ríthábhacht iad an taisteal gníomhach agus an t-iompar poiblí chun ár bpobail a choinneáil ag bogadh gan srian ar bhealach inacmhainne inbhuanaithe.

Tá infheistíocht leanúnach mar ghné lárnach chun timpeallachtaí sábháilte, tarraingteacha agus inrochtana a chruthú ina mbeidh an taisteal neamhspleách ar fáil ag gach duine arís, agus iad gníomhach agus ceangailte le chéile go seasta. Sa tuarascáil seo, tá an fhianaise leagtha amach is gá chun roghanna réadúla is inmhianaithe do chách a dhéanamh de shiúl na gcos agus den rothaíocht.”

Tuilleadh

Is féidir rochtain a fháil ar Innéacs Siúil agus Rothaíochta Limistéar Cathrach Phort Láirge anseo ag Innéacs Siúil agus Rothaíochta Limistéar Cathrach Phort Láirge 2025

Modheolaíocht

  • Is é an tInnéacs Siúil agus Rothaíochta an measúnú is mó ar shiúl, rothlú agus rothaíocht i gceantair uirbeacha in Éirinn agus sa RA.
  • I bPoblacht na hÉireann, déantar é a sheachadadh i gcomhar leis an ÚNI agus leis na húdaráis áitiúla do na 5 Mhórcheantar Uirbeacha i mBaile Átha Cliath, Corcaigh, Gaillimh, Luimneach/an tSionainn agus Port Láirge. Glacann 18 gcathair agus limistéar uirbeacha de chuid an RA páirt ann freisin, agus Réigiún Chathair Learphoill, Mórcheantar Mhanchain, Glaschú agus Dún Éideann ina measc.
  • Is iad Cathair Phort Láirge agus a fo-bhailte, lena n-áirítear an Pasáiste agus an Sliabh Rua, agus Port an Chalaidh i gCill Chainnigh atá cuimsithe sa Limistéar Cathrach.
  • Tagann an fhaisnéis sna tuarascálacha ó shonraí áitiúla, ó shamhaltú agus ó shuirbhé neamhspleách atá ionadaíoch go déimeagrafach ar 1,100 cónaitheoir ar a laghad atá 16 bliana d’aois nó os a chionn i ngach Mórcheantar Uirbeach.
  • Rinne an chuideachta neamhspleách taighde margaidh Ipsos B&A an suirbhé duine le duine ó mhí Aibreáin go mí Iúil 2025.
  • Seachas ar choisithe, úsáideoirí áiseanna siúil agus rothaithe amháin, tá an suirbhé ionadaíoch ar chónaitheoirí uile Limistéar Cathrach Phort Láirge.
  • Úsáideann an tInnéacs Siúil agus Rothaíochta samhail chun anailís a dhéanamh ar na costais agus ar na tairbhí a bhaineann le tiomáint, siúl agus rothaíocht. Áirítear leis na hionchuir am taistil, costais oibriúcháin feithiclí, buntáistí sláinte, cáilíocht aeir agus cánachas.
  • Tagann na sonraí eile go léir ó chomhpháirtithe cathrach, ó thacair sonraí náisiúnta nó shamhaltaigh agus ríomh Walk Wheel Cycle Trust iad.
  • Lamháil earráide +/-3%.
  • Tá modheolaíocht níos mine ar fáil ag The Walking and Cycling Index – Walk Wheel Cycle Trust agus Innéacs Siúil agus Rothaíochta Limistéar Cathrach Phort Láirge – National Transport
  • Úsáid an téarma ‘rothlú’ – soláthraíonn Walk Wheel Cycle Trust an sainmhíniú seo ar an téarma ‘rothlú’ i gcorp gach Tuarascála. “Aithnímid go mb’fhéidir nach n-ionannódh roinnt daoine a úsáideann áiseanna soghluaisteachta rothaí, mar shampla cathaoir rothaí nó scútar soghluaisteachta, leis an téarma siúl agus go mb’fhearr leo an téarma rothlú a úsáid. Úsáidimid na téarmaí siúl agus rothlú le chéile lena chinntiú go bhfuilimid chomh cuimsitheach agus is féidir.”