Oscailt oifigiúil ardán nua 6 ag Stáisiún an Cheanntaigh, Cork déanta ag an Taoiseach, Coimisinéir an AE agus an tAire Iompair, O’Brien

Déanann an Taoiseach, Coimisinéir an AE agus na hAirí Iompair, ÚNI agus Iarnród Éireann ardán nua a oscailt ag Stáisiún an Cheanntaigh

30 April 2025

 

NTA    

An chéad cheann de thrí thionscadal a fuair maoiniú ón AE a chinntíonn go bhfuil acmhainn ghréasáin iarnróid Chorcaí trí oiread níos mó ná mar a bhí, curtha i gcrích.

Inniu, rinne an Taoiseach Micheál Martin, Coimisinéir an AE Michael McGrath, an tAire Iompair Darragh O’Brien agus an tAire Stáit sa Roinn Iompair Jerry Buttimer i dteannta Phríomhfheidhmeannach an ÚNI Hugh Cregan agus Príomhfheidhmeannach Iarnród Éireann, Jim Meade, ardán nua 6 ag Stáisiún an Cheanntaigh i gCorcaigh a oscailt go hoifigiúil.

Tionscadal ardáin ar bhain costas €23 milliún leis

Cuireann an tionscadal ardáin, ar bhain costas €23 milliún leis, agus atá maoinithe ag Saoráid Téarnaimh agus Athléimneachta an Aontais Eorpaigh (RRF), tús leis an gcéad chéim d’infheistíocht i ngréasán iarnróid throm Chorcaí atá beartaithe trí Chlár Iarnróid Comaitéireachta Cheantar Chorcaí.

Nuair a osclaítear an t-ardán, tabharfar chun críche an chéad cheann i sraith tionscadal idirghaolmhar atá á seachadadh faoin gclár foriomlán, a bhféadfadh go mbeadh luach os cionn €1 billiún ag baint leis, agus a éascóidh minicíocht seirbhíse suas le 10 nóiméad do ghréasán iarnróid Chorcaí ar deireadh thiar thall.

cork train station kent platform 6 launch

 

An chéad chéim de Chlár Iarnróid Comaitéireachta Cheantar Chorcaí

Beidh an t-ardán nua, chomh maith leis na tionscadail dérian ón nGleanntán go Mainistir na Corann, comharthaíocht agus uasghrádú cumarsáide cheantar Chorcaí, agus an dá cheann le críochnú sa bhliain 2026, agus a bhfuil maoiniú á gcur ar fáil dóibh ag RRF, ar an gcead chéim de Chlár Iarnróid Comaitéireachta Cheantar Chorcaí. Cuirfidh an chéim seo le hacmhainn an ghréasáin chun méadú suntasach a dhéanamh ar mhinicíocht na seirbhíse traenach ar gach ceann de thrí líne chomaitéireachta Chorcaí: go dtí an Cóbh, Mainistir na Corann agus Mala. Cinnteoidh na tionscadail seo go mbeidh ar chumas gréasán iarnróid Chorcaí tacú le forbairt na cathrach agus an chontae, an tseirbhís iarnróid a leathnú agus tacú le stáisiúin nua atá beartaithe faoi Straitéis Iompair Cheantar Chathrach Chorcaí (CMATS), agus san fhadtéarma, mar chuid de Chéim 2, cabhrú le leictriú féideartha líonra iarnróid comaitéireachta Chorcaí san am atá le teacht.

Tacóidh an t-ardán nua atá 220 méadar ar fhad, arna ndearadh ag AECOM agus arna dtógáil ag John Cradock Ltd, le minicíocht seirbhíse méadaithe tríd an ardán nua 5b ar an taobh ó thuaidh agus ardán 6 ar an taobh ó dheas.

Cuirfear ar fáil ar bhonn céimithe na seirbhísí a bheidh ar fáil ar an ardán. I dtús aimsire, oibreoidh roinnt seirbhísí Intercity agus Mainistir na Corann chuig agus ón ardán agus tabharfar isteach roinnt seirbhísí ó Mhainistir na Corann go Mala sna míonna amach romhainn.

Clár Iarnróid Comaitéireachta Cheantar Chorcaí

Nuair a bheidh sé curtha ar fáil go hiomlán, tacóidh Clár Iarnróid Comaitéireachta Cheantar Chorcaí leis na nithe seo a leanas go fadtéarmach:

  • Seirbhís ‘tar agus taisteal’ le minicíocht suas le 10 nóiméad, ag soláthar níos mó acmhainne agus eispéireas an chustaiméara atá níos fearr do gach úsáideoir iarnróid
  • Gréasán iompair réidh, atá níos éifeachtaí agus níos comhtháite do Chorcaigh, le mol iompair ilmhódach ag Stáisiún an Cheanntaigh chun aistriú córa iompair ón gcarr príobháideach a chur chun cinn
  • Seirbhís iarnróid atá níos nasctha, níos inbhuanaithe agus níos inrochtana do chustaiméirí iarnróid agus stáisiúin nua, leictriú an ghréasáin agus pointí aistrithe Páirceála agus Taistil ar fáil
  • Iosta cothabhála cabhlaigh agus cabhlaigh bhreise chun an rothstoc a sholáthar chun freastal ar éileamh paisinéirí reatha agus amach anseo

Is clár feabhsúcháin iarnróid, a mbaineann athrú ó bhonn leis do ghréasán iarnróid Chorcaí, é clár Iarnróid Comaitéireachta Cheantar Chorcaí. Acmhainn agus minicíocht mhéadaithe traenach a sholáthar, ag cruthú pobail atá níos nasctha agus líonra iompair atá níos inbhuanaithe. Tá an infheistíocht is mó riamh i ngréasán iarnróid comaitéireachta Chorcaí mar chuid den chlár seo agus bainfidh sé amach an fhís atá leagtha amach ag an Údarás Náisiúnta Iompair (ÚNI) Straitéis Iompair Cheantar Chathrach Chorcaí (CMATS). Tá tuilleadh eolais faoi na chéad trí phacáiste oibre a chuirfear ar fáil, ar leathanaigh an tionscadail ar shuíomh gréasáin Iarnród Éireann, agus tá sonraí maidir leis an bpróiseas pleanála chun stáisiúin nua a thógáil, iosta nua cabhlaigh agus leictriú ar fáil chomh maith.

Cork kent rail train platform launch

 

Dúirt an Taoiseach Micheál Martin: Is cloch mhíle shuntasach é oscailt an ardáin nua seo maidir leis an infheistíocht is mó riamh a rinneadh i ngréasán iarnróid Chorcaí. Is céim bhunúsach é ní hamháin chun acmhainn agus minicíocht iompair iarnróid feabhsaithe a bhaint amach, ach ina theannta sin, chun seirbhís iarnróid atá níos inrochtana, níos éifeachtaí agus níos iontaofa a sholáthar do mhuintir Chorcaí.”

“Tá oibreacha faoi lán seoil chomh maith ar dhérianú ar an líne idir Gleanntán agus Mainistir na Corann agus uasghrádú suntasach comharthaíochta – dhá ghné eile de Chlár Iarnróid Comaitéireachta Cheantar Chorcaí. Beidh na tionscadail seo, mar aon leis an ardán nua, mar an spreagadh le haghaidh tuilleadh feabhsuithe ar sheirbhísí iarnróid Chorcaí amach anseo.”

“Léiríonn dul chun cinn an chláir, chomh maith le tionscadail iompair shuntasacha eile ar nós BusConnects Chorcaí agus Luas Chorcaí, tiomantas an Rialtais seo d’infheistíocht shuntasach a chur ar fáil san iompar. Is é inniu an chéad cheann de go leor tionscadal iompair phoiblí a bhfuilimid ag tnúth le hiad a thabhairt chun críche thar shaolré an Rialtais seo.”

Dúirt Coimisinéir AE na hÉireann, Michael McGrath: “Is céim shuntasach chun cinn é an lá inniu, maidir le bonneagar iarnróid Chorcaí a chur chun cinn, agus Ardán 6 nua ag Stáisiún an Cheanntaigh á oscailt. Ní hamháin go méadóidh an infheistíocht seo, ar fiú €23 milliún í, agus tacaíocht á fáil ó Shaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta an Aontais Eorpaigh, acmhainn agus minicíocht na seirbhísí, ach beidh ról lárnach aici freisin maidir le gréasán iompair níos inbhuanaithe agus níos comhtháite a chruthú do mhuintir Chorcaí. Is fianaise é ar an tionchar ríthábhachtach atá ag maoiniú an AE maidir le réitigh iompair, atá níos glaise agus níos athléimní, a thógáil, a théann chun tairbhe do phobail agus do gheilleagair araon.”

Dúirt an tAire Iompair, Darragh O’Brien: “Tá an-áthas orm ardán nua Stáisiún an Cheanntaigh a fheiceáil inniu, agus tugtar léargas an-mhaith dom ar an gcéad chéim de Chlár Iarnróid Comaitéireachta Cheantar Chorcaí. Rachaidh an tionscadal seo go mór chun tairbhe do mhuintir Chorcaí agus do gach duine a thaistealaíonn timpeall an chontae álainn seo, ní amháin, agus iompar poiblí atá níos compordaí agus níos éifeachtaí a chuir ar fáil, ach éagsúlacht na roghanna taistil atá ar fáil a mhéadú agus ár spleáchas ar ghluaisteáin a laghdú. Mar thoradh ar sin, cabhróidh sé sin linn ár spriocanna dícharbónaithe a bhaint amach”.

“Tá Clár Iarnróid Comaitéireachta Cheantar Chorcaí ar cheann amháin den iliomad tionscadal iompair phoiblí a bhfuil sé i gceist ag mo Roinn tacaíocht a chuir ar fáil dóibh, d’fhonn feabhas a chur ar iompar poiblí ar fud na tíre sna blianta amach romhainn, a rachaidh chun tairbhe paisinéirí agus an tsochaí araon.”

Dúirt an tAire Stáit sa Roinn Iompair, Jerry Buttimer: “Tá an-áthas orm go bhfuil an t-ardán nua, atá mar chuid de Chéim 1 Iarnród Comaitéireachta Cheantar Chorcaí, tógtha anois agus ní fada go rachaidh sé chun tairbhe mhuintir Chorcaí agus iad i mbun taistil. Táim ag tnúth go mór leis na chéad chéimeanna eile den tionscadal seo, agus muid ag iarraidh seirbhís traenach comaitéireachta, a bheidh níos minice agus níos áisiúla a chur ar fáil i gCorcaigh. Táim an-bhródúil agus mé ag feidhmiú mar TD ar son Chorcaí, as tiomantas an rialtais seo, tabhairt faoi infheistíocht sa chathair.”

Dúirt Hugh Cregan Príomhfheidhmeannach Gníomhach an ÚNI: “Ba chuid lárnach i gcur i bhfeidhm straitéis CMATS a bhí san infheistíocht in iarnród, agus is iontach an rud é go bhfuil an ghné seo de thionscadal Iarnróid Comaitéireachta Cheantar Chorcaí á cur i gcrích.”

“Táimid ag tnúth leis na leibhéil seirbhíse méadaithe a éascófar de thoradh na hinfheistíochta seo i Stáisiún an Cheanntaigh agus oibreoidh ÚNI go dlúth le hIarnród Éireann chun é sin a chur ar fáil do chustaiméirí i gCorcaigh.”

cork train station kent platform 6 launch

Dúirt Príomhfheidhmeannach Iarnród Éireann, Jim Meade:

“Tréaslaím le foireann chlár Iarnróid Comaitéireachta Cheantar Chorcaí as an gcéad cheann de na trí thionscadal CACR tosaigh a thabhairt chun críche chomh tapa sin, agus as an dul chun cinn leanúnach atá á dhéanamh acu leis an gclár níos leithne. Is léiriú é an rath atá le cúrsaí iompair i gCorcaigh ar an gcur chuige comhpháirtíochta a ghlacaimid chun iompar poiblí feabhsaithe a sholáthar dár bpobail agus dár gcomaitéirí. Tá tacaíocht á fáil againn ó Saoráid Téarnaimh agus Athléimneachta an Aontais Eorpaigh (EURRF) agus oibrímid i gcomhpháirtíocht leis an EURRF; ag an Rialtas, an Roinn Iompair agus an ÚNI; i dteannta Chomhairle Cathrach Chorcaí agus Comhairle Contae Chorcaí agus raon páirtithe leasmhara agus conraitheoirí. Cinntíonn sé sin gur féidir linn an cineál feabhsúcháin iompair a bhfuil riachtanas leis chun tacú lenár ngeilleagar, ár gcomhshaol agus ár sochaí don chéad ghlúin eile, a chuir ar fáil ar bhealach atá comhtháite, éifeachtach agus atá dírithe ar an gcustaiméir.”

Tuilleadh Eolais

Céim 1 – Tionscadail atá idir lámha Stádas Reatha
Ardán Stáisiún Uí Cheanntaigh
  • Cuireadh tús le cúrsaí tógála í mí Dheireadh Fómhair 2023
  • Tugadh an tionscadal chun críche i mí an Mhárta 2025
  • Oscailt oifigiúil 14 Aibreán 2025
Tionscadal Comharthaíochta & Cumarsáide
  • Bronnadh an conradh i mí Iúil 2023
  • Oibreacha ag leanúint ar aghaidh ar feadh línte Mhala, an Chóibh agus Mhainistir na Corann
  • Meastar an tionscadal a bheith tugtha chun críche in 2026
Tionscadal Dériain an Ghleanntáin go Mainistir na Corann
  • Bronnadh an conradh i mí Lúnasa 2024
  • Cuireadh tús le hoibreacha i mí Mheán Fómhair 2024
  • Meastar na hoibreacha a bheith tugtha chun críche in 2026
Céim 2 – Tionscadail Féideartha Stádas Reatha
Stáisiúin Nua (agus feabhsúcháin ar stáisiúin atá ansin cheana féin),

Iosta Cabhlaigh Nua,

Leictriú

  • Sainchomhairleoir ceaptha i mí na Bealtaine 2024
  • An Chéad Chomhairliúchán Poiblí le seoladh sna seachtainí amach anseo
  • Stáisiúin Nua beartaithe a thógáil sna ceantair seo a leanas; An Linn Dubh, An Mhóin Ard, Tivoli, Carraig Thuathail Thiar, Carraig an Uisce, An Baile Nua, An Bhlarna agus Dún Citil
  • Comhairliúchán Poiblí Uimh. 2 ag deireadh an tSamhraidh 2025
  • Meastar go gcuirfear Iarratas ar Ordú Iarnróid (comhionann le hiarratas pleanála) faoi bhráid an Bhoird Pleanála faoi dheireadh 2025