Sheol An tÚdarás Náisiúnta Iompair (ÚNI) comhairliúchán poiblí inniu dá nDréachtráiteas Straitéise don tréimhse 2026–2030.
Misean Beartaithe de réir Dréachtráiteas Straitéise
Leagann an dreachtráiteas amach misean atá beartaithe chun daoine agus áiteanna na hÉireann a nascadh trí sheirbhísí agus bonneagar iompair a sholáthar atá ar ardchaighdeán agus inbhuanaithe, ag rannchuidiú le pobail bhríomhara, timpeallacht fholláin agus geilleagar láidir.
Le linn tréimhse den Ráiteas Straitéise nua beidh infheistíocht shuntasach le feiceáil i mbonneagar iompair inbhuanaithe, trí clár cuimsitheach tionscadal ar fud an Stáit. Mórthionscadail iompair a bheidh curtha chun cinn le linn na tréimhse seo ná MetroLink, BusConnects and DART+. Leanfar ar fhorbairt agus feabhsú ar sheirbhísí iompair phoiblí ar aghaidh, lena n-áirítear obair le haghaidh comhtháthú, rochtain agus eispéireas an chustaiméara a fheabhsú i measc gnéithe eile.
Beidh béim freisin ar chothromaíocht maidir le modh iompair a fheabhsú, le coibhneas níos mó de dhaoine ag baint úsáid as modhanna inbhuanaithe lena n-áirítear ag siúl, rothaíocht agus iompar poiblí.
Leanfaidh an ÚNI le gach iarracht a dhéanamh seirbhísí agus bonneagar iompair inbhuanaithe na hÉireann a chur chun cinn, agus an tionchar gaolmhar ar an gcomhshaol a íoslaghdú ag an am céanna.
Nocht Do Thuairim
Beidh an comhairliúchán ar feadh trí sheachtaine, ag dúnadh ag 5 pm Dé hAoine, 7 Samhain 2025.
Tá aiseolas ón bpobal ríthábhachtach le ráiteas a chruthú a léiríonn na riachtanas agus na hardaidhmeanna phobail ar fud na hÉireann.
Spreagann an ÚNI daoine aonair, eagraíochtaí agus páirtithe leasmhara. aighneachtaí a dhéanamh maidir le Ráiteas Straitéise an ÚNI 2026-2030. Cuideoidh d’ionchur lena chinntiú go bhfuil an straitéis dheiridh ionchuimsitheach, réamhbhreathnaitheach, agus sofhreagrach don tírdhreach iompair atá i mbun forbartha.
Conas Páirt a Ghlacadh
Chun do thuairimí a chur isteach, téigh chuig: https://consult.nationaltransport.ie/ga
Má theastaíonn cáipéisí uait i bhformáidí malartacha nó más mian leat aighneacht a dhéanamh ar bhealaí eile, déan teagmháil le accessibility@nationaltransport.ie