Ráiteas tosaigh do Choiste an Chuntais Phoiblí faoin iniúchadh ar Ráitis Airgeadais an Údaráis Náisiúnta Iompair (ÚNI) don bhliain 2024

Ráitis Airgeadais an Údaráis Náisiúnta Iompair (ÚNI) don bhliain 2024 ar an 15 Eanáir 2026.

15 January 2026

Ráiteas tosaigh do Choiste an Chuntais Phoiblí faoin iniúchadh ar Ráitis Airgeadais an Údaráis Náisiúnta Iompair (ÚNI) don bhliain 2024 ar an 15 Eanáir 2026, le Anne Shaw.

A Chathaoirligh, a chomhaltaí an Choiste, gabhaim buíochas libh as an gcuireadh a bheith os comhair an Choiste inniu.
Tuigim gur mian leis an gCoiste Ráitis Airgeadais an Údaráis Náisiúnta Iompair (ÚNI) don bhliain 2024 a phlé. Chun cabhrú le plé le ceisteanna a d’fhéadfadh teacht chun cinn i gcaitheamh an chruinnithe, tá Hugh Creegan, Leas-Phríomhfheidhmeannach, Philip L’Estrange, Stiúrthóir Airgeadais agus Seirbhísí Corparáideacha agus Jeremy Ryan, Stiúrthóir Seirbhísí Iompair Phoiblí, i mo theannta.

Ar mhaithe le gontacht, ní chlúdóidh an ráiteas tosaigh ach buaicphointí tábhachtacha maidir le roinnt de phríomhghnéithe de fhreagrachtaí ÚNI ó Thuarascáil Bhliantúil agus Ráiteas Airgeadais 2024 a théann i ngleic le spriocanna beartais a bhaineann leis an ngeilleagar, gníomhú ar son na haeráide, agus folláine shóisialta.

Is comhlacht reachtúil neamhthráchtála é ÚNI a bhíonn ag feidhmiú faoi stiúir na Roinne Iompair. Baineann sainchúram an Údaráis Iompair Náisiúnta, faoi reachtaíocht chumasúcháin éagsúil, le réimse freagrachtaí lena n-áirítear modhanna iompair inbhuanaithe a phleanáil, a fhorbairt agus a mhaoiniú ar bhonn náisiúnta, seirbhísí bus poiblí tráchtála agus feithiclí beaga seirbhíse poiblí a rialú agus clár caipitil fairsing a bhainistiú lena n-áirítear a bheith ina chomhlacht formheasa do thrí thionscadal ollmhóra (Metrolink, BusConnects agus Dart+).

Tá obair ÚNI á treorú ag beartas náisiúnta soghluaisteachta chun uaillmhian ÚNI a bhaint amach, is é sin go ndéanfar 50% de na turais uile, ag siúl, ar rothar agus ar iompar poiblí faoin bhliain 2030, agus is é an aidhm ná a chinntiú go soláthrófar córas iompair a rachaidh chun tairbhe do dhaoine trí fhorbairt shóisialta, chultúrtha agus eacnamaíoch a éascú agus a chumasú chomh maith le freagairt don dúshlán maidir le neodracht charbóin a bhaint amach faoin mbliain 2050.

Is féidir aird a tharraingt ar an ngá atá leis an infheistíocht atá á déanamh san iompar in dhá fhoinse taighde ón Roinn Iompair (DoT) ar thionchar an bhrú tráchta ar fheidhmíocht eacnamaíoch laistigh den Stát, ag díriú ar dtús ar Cheantar Bhaile Átha Cliath [1] agus ina dhiaidh sin ar Chathracha réigiúnacha 2022-2040 [2]. Sa taighde sin, aithníodh go n-ardóidh costas an bhrú tráchta laistigh de mhórcheantar Bhaile Átha Cliath go €1.5bn faoin mbliain 2040 agus go €2bn go náisiúnta gan idirghabháil, mar aon le go leor tionchar sóisialta, sláinte agus folláine ghaolmhara eile. Chun costas an bhrú tráchta a íosmhéadú, freastal ar an daonra atá ag fás agus oibleagáidí beartais aeráide a chomhlíonadh, tá feabhsúcháin leanúnacha ar iompar inbhuanaithe ag teastáil i ngach cathair chomh maith leis an gclár Éire a Nascadh a chlúdaíonn na ceantair neamhuirbeacha. Leis sin, tarraingítear aird shuntasach ar obair ÚNI agus gach a seachadadh in 2024 chun a uaillmhian a bhaint amach.

Agus a fhreagrachtaí á gcomhlíonadh aici le linn 2024, chuaigh ÚNI i mbun oibre le húdaráis ar fud na tíre maidir le forbairt agus le pleananna ceantair áitiúla a ullmhú le haghaidh bailte agus lonnaíochtaí tábhachtacha chun cabhrú le tosaíocht a thabhairt d’infheistíocht iompair i gceantair áitiúla chun tacú leis an daonra atá ag fás, dul i ngleic le brú tráchta atá ag ardú agus aghaidh a thabhairt ar a dhrochthionchair ar an ngeilleagar agus ar an timpeallacht. Le linn 2024, dreachadh deich bplean iompair áitiúil agus chuathas i gcomhairle orthu agus baineadh leas astu chun eolas a thabhairt do threo an taistil maidir le hinfheistíocht i modhanna taistil inbhuanaithe, ag obair i ndlúthchomhar le húdaráis áitiúla agus le pobail.
Sna Ráitis Airgeadais, leagtar amach réimsí an tsoláthair agus na hinfheistíochta le linn 2024 agus an rath is tábhachtaí a baineadh amach chomh maith le clár a chur chun cinn sa todhchaí trína bpróisis reachtúla le haghaidh soláthair amach anseo, ag obair ar mhaithe le spriocanna éagsúla mar a luadh.

Léirítear roinnt torthaí a d’eascair ón obair a rinneadh le linn 2024 sna suirbhéanna bliantúla [3] déanta i Samhain 2024 i mBaile Átha Cliath, Corcaigh, Port Láirge, Gaillimh agus Luimneach, ina léirítear go bhfuil taisteal inbhuanaithe ag méadú. Laistigh de cheantar Bhaile Átha Cliath, i gcuntas cordúin bliantúil chanáil Bhaile Átha Cliath, aithníodh go ndearnadh 74.1% de na turais isteach ar iompar inbhuanaithe, an céatadán is airde ó tosaíodh an suirbhé in 1980. I nGaillimh rinneadh 43% de na turais ar fud chordún lár na cathrach ar bhus, iarnród, siúl agus rothaíocht, rud a léiríonn méadú 25% ar fhigiúirí 2023 maidir le húsáid an bhus agus méadú 6% maidir le turais iarnróid.

I gCorcaigh, cé gur léiríodh méadú bliain ar bhliain i ngluaiseachtaí bus agus iarnróid, ba é 23% gluaiseacht iomlán trasna an chordúin trí mhodhanna inbhuanaithe, i gcomparáid le 75% d’úsáid gluaisteáin. Ar leithligh, thaifead Port Láirge méadú 38% ar líon na bpaisinéirí bus trasna chordún lár na cathrach i gcomparáid le 2023, agus ba é 16% na turais isteach trí mhodhanna inbhuanaithe trasna chordún lár na cathrach.

I Luimneach, taifeadadh méaduithe dearfacha, cé gur beag iad, i ngach ceann de na modhanna inbhuanaithe i gcomparáid le 2023, is é sin 27% de dhaoine ag taisteal isteach i dtreo na cathrach ag úsáid modhanna taistil inbhuanaithe. Leis sin, tarraingítear aird ar thorthaí atá ag bogadh sa treo ceart ach tá tuilleadh oibre le déanamh i ngach áit chun na spriocanna ábhartha a bhaint amach.

Tá úsáid iompair phoiblí ag fás ar leibhéil eisceachtúla i gcónaí. San iomlán, bhí 32 milliún paisinéir breise ar sheirbhísí bus agus iarnróid conarthacha in 2024 i gcomparáid le 2023, méadú de 10.6%. D’ardaigh líon na bpaisinéirí ar gach cineál seirbhíse le linn 2024, idir iompar tuaithe agus seirbhísí uirbeacha iarnróid, agus ba iad na méaduithe ba mhó a bhí le sonrú ná ar an líonra bus i mBaile Átha Cliath. Murab ionann agus go leor dlínsí idirnáisiúnta eile, tá líon iomlán na bpaisinéirí ar iompar poiblí in Éirinn anois i bhfad níos airde ná na leibhéil réamh-phaindéime in 2019, agus 344 milliún paisinéir iompaithe ar sheirbhísí stáit in 2024, i gcomparáid le 295 milliún in 2019.

Thacaigh roinnt tionscadal caipitil leis an méadú sin, a mhéadaigh acmhainn le haghaidh seirbhísí agus a chuir eispéireas feabhsaithe ar fáil do chustaiméirí chun athrú iompraíochta a éascú de réir mar a chuirtear roghanna níos fearr ar fáil. Sholáthair buiséad 2024 méadú i gcaiteachas caipitil ó €892.547m sa bhliain roimhe go €992.860m

Áirítear leis na samplaí laistigh de chlár an iarnróid na chéad chóistí nua do fhlít DART, a bhí seachadta i mí na Samhna 2024 le haghaidh tástála agus coimisiúnaithe, pointe aistrithe Stáisiún Luimneach Uí Cholbháird a chur i gcrích, feabhsuithe ar an líne ó Chorcaigh go Baile Átha Cliath, le hoscailt Stáisiún na Ciseoige ag feabhsú seirbhísí do phaisinéirí ar an mbealach Comaitéireacht idir Port Laoise agus Heuston agus amchláir fheabhsaithe a chur i bhfeidhm maidir le seirbhísí iarnróid comaitéireachta Chorcaí.

Ar an líonra Bus seoladh roinnt seirbhísí nua mar chuid de BusConnects i mBaile Átha Cliath chomh maith le 45 bealach nua nó feabhsaithe tugtha isteach mar chuid de chlár Éire a Nascadh, seirbhísí nua ar an Satharn agus ar an Domhnach ina measc. Chun cur leis seo ar fad, cuireadh foscadh nua bus, stadanna agus faisnéis do phaisinéirí ar fáil, chomh maith le feabhsuithe ar iostaí bus lena n-áirítear leictriú, agus na chéad bhusanna leictreacha dhá stór ag feidhmiú i Luimneach.
Chuaigh maoiniú 2024 chun tairbhe níos mó ná 1,000 tionscadal taistil ghníomhaigh, rud a chinntigh gur cuireadh bonneagar nua agus feabhsaithe siúil agus rothaíochta ar fáil ar fud na tíre. Cuireann na tionscadail sin le sprioc an Rialtais chun 1,000 km de bhonneagar nua agus feabhsaithe siúil agus rothaíochta a chur ar fáil ar fud na tíre faoi dheireadh 2025, le 938 km bainte amach faoi dheireadh 2024, rud a fhágann go méadófar turais taistil ghníomhaigh agus go bhfeabhsófar sábháilteacht bóithre d’úsáideoirí atá níos leochailí lena n-áirítear lasmuigh de go leor scoileanna.

Cuireadh €701.1m de chistiúchán Státchiste ar fáil do sheirbhísí iarnróid, bus agus tram faoi Oibleagáid Seirbhíse Poiblí (PSO), rud a ghin €510.721m breise d’ioncam ó tháillí agus ó fhoinsí ioncaim eile amhail fógraíocht. Cumasaíodh méaduithe i soláthar seirbhísí agus tacaíodh le hardú pátrúnachta thar gach modh mar gheall ar an gcistiúchán sin.
Tháinig ardú ó €982.086 milliún go €1,163.414 milliún ar chostais oibríochta. Tá an méadú seo inchurtha i leith brúnna boilscithe ar bhreosla agus ar an lucht saothair chomh maith leis an bhfás i soláthar seirbhísí, chomh maith leis an gcinneadh táillí ísle a choinneáil chun tacú le costas maireachtála agus gealltanais eile maidir le táillí lamháltais a cuireadh i bhfeidhm ar feadh 2024. Ba cheart na tosca sin a chur san áireamh agus an toradh airgeadais foriomlán á mheas.

Mar achoimre, tá an maoiniú atá curtha ar fáil agus á bhainistiú ag an ÚNI tar éis an sprioc a éascú chun tuilleadh turas trí iompar poiblí agus taisteal gníomhach a mhéadú agus tar éis an bealach a réiteach d’infheistithe sna blianta amach romhainn, atá ag tosú ag teacht chun críche in 2025 go 2026 chun freastal ar na hoibleagáidí náisiúnta éagsúla a bhaineann leis an ngeilleagar, leis an aeráid agus le folláine shóisialta.”