A Chathaoirligh, a chomhaltaí an Choiste, gabhaim buíochas libh as an gcuireadh a bheith os comhair an Choiste inniu. Tuigim gur mian leis an gCoiste plé a dhéanamh ar “Iompar Bus Tuaithe”. Le cabhrú liom déileáil leis na ceisteanna a d’fhéadfadh teacht aníos i rith an tseisiúin, tá Jeremy Ryan, Stiúrthóir na Seirbhísí Iompair Phoiblí agus Conor O’Donovan, Pleanálaí Iompair Sinsearach i mo theannta.
Fás in Úsáid an Iompair Phoiblí
Mar a d’inis mé don Choiste ag cruinniú roimhe, leanann úsáid an iompair phoiblí air ag fás ag leibhéil eisceachtúla. San iomlán, bhí 32 milliún paisinéir breise ar sheirbhísí bus agus iarnróid curtha ar fáil ag in Stát in 2024 i gcomparáid le 2023, méadú de 10.6%. Áiríodh iompar tuaithe sa mhéadú sin, áit ina raibh líon iomlán na dturas paisinéirí ar sheirbhísí Nasc Áitiúil TFI in 2024 5.8 milliún, méadú 33% ar an bhfigiúr comhfhreagrach do 2023.
Plean Soghluaisteachta Tuaithe – Éire á Nascadh
Mar a bheidh ar eolas ag an gCoiste, d’fhorbair an ÚNI an Plean Soghluaisteachta Tuaithe – Éire á Nascadh agus tá sé á chur i bhfeidhm aige, agus is é príomhchuspóir an plean sin nascacht iompair a mhéadú do dhaoine atá ina gcónaí i gceantair thuaithe na hÉireann. I rith 2024, tugadh isteach 45 bealach bus nua nó feabhsaithe faoin gclár Éire á Nascadh, agus tá feidhmiú seirbhísí nua agus feabhsaithe eile ag leanúint ar aghaidh i rith na bliana seo.
Forbairt Sheirbhísí Bus Baile
Maidir le seirbhísí baile, tá dul chun cinn substaintiúil bainte amach le cúpla bliain anuas. Tá seirbhísí bus baile tugtha isteach i gCill Chainnigh, Cluain Meala agus Port Laoise, le seirbhísí sa Mhuileann gCearr agus in Inis le tosnú i míonna tosaigh na bliana seo chugainn, agus i Leitir Ceanainn ina dhiaidh sin. Tá seirbhís bus go hiomlán leictrithe agus feabhsaithe i bhfeidhm i mBaile Átha Luain anois agus tá méaduithe agus feabhsuithe an ghréasáin bus curtha i bhfeidhm i Sligeach, san Uaimh, i nDún Dealgan agus i nDroichead Átha.
Nuálaíocht i gCóras Iompair a Fhreagraíonn don Éileamh
Le déanaí sheol an ÚNI seirbhís “Iompar Cliste a Fhreagraíonn don Éileamh” i dtrí cheantar faoin mbranda “TFI Anseo”. Seoladh an chéad treoirscéim in Acaill i mí Iúil, i gCill Áirne ina dhiaidh sin i mí Lúnasa agus Dé Luain seo caite, cuireadh an seirbhís i bhfeidhm i gceantar na Réabóige/Bóthar an Mhuilinn/na Páirce i gCathair Luimnigh. Murab ionann is seirbhísí bus traidisiúnta, ní leanann TFI Anseo bealach socraithe. Ina ionad sin, taistealaíonn sé pé áit a mbíonn ar na paisinéirí dul laistigh den cheantar seirbhíse, ag forbairt bealaigh shaincheaptha a bhíonn ag brath ar na bealaí iarrtha ar an aip i ngach cás. Táimid ag reáchtáil na dtreoirscéimeanna seo ar feadh bliana le heolas a bhailiú ar thairbhe agus chostas na seirbhíse, agus ar aon fhadhb a thiteann amach ina bhfeidhmiú. Tá an t-aiseolas tosaigh go dtí seo an-dearfach.
Tugtar chun críche leis sin mo phríomhráiteas tosaigh, agus cuirim fáilte roimh aon cheist atá ag comhaltaí an Choiste.