“A Chathaoirligh, a chomhaltaí an Choiste,
Gabhaim buíochas libh as an gcuireadh a bheith os comhair an Choiste inniu. Tuigim gur mian leis an gCoiste plé a dhéanamh ar “Bóithre Náisiúnta, Iarnród Éadrom agus Meitreo”. Chun cuidiú liom dul i ngleic le ceisteanna a d’fhéadfadh teacht chun cinn le linn an tseisiúin, tá Eoin Gillard, Stiúrthóir Cúnta – Infheistíocht Iompair i mo theannta inniu.
Mar is eol don Choiste, cé go bhfuil baint éigin ag an ÚNI le bóithre náisiúnta trí na straitéisí iompair réigiúnacha a ullmhaímid, baineann ár bpríomhréimse freagrachta le hiompar poiblí.
Laistigh de Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath, tá feidhm ag an ÚNI “bonneagar iompair phoiblí a sholáthar, nó a chur ar fáil”, faoin reachtaíocht is infheidhme. Luaitear sa reachtaíocht go ndéanfaidh an ÚNI “a mhéid is féidir, socrú go mbeidh na feidhmeanna…. a dhéanamh thar a cheann maidir le …. bonneagar meitreo nó iarnróid éadroim”, le Bonneagar Iompair Éireann (TII) agus an ceart a choinneáil chun an fheidhm a dhéanamh é féin i gcás ina measann an ÚNI go bhfuil sé “níos áisiúla, níos tapa, níos éifeachtaí nó níos tíosaí”.
Laistigh den chúram seo, oibríonn an ÚNI i gcomhar le TII chun roinnt tionscadal iarnróid éadroim agus tionscadal MetroLink a chur chun cinn. Maidir le teacht leis na Treoirlínte Bonneagair, feidhmíonn an ÚNI mar an tÚdarás Formheasa ar scéimeanna iarnróid éadroim agus meitreo, agus soláthraíonn sé maoirseacht agus maoiniú (tríd an Roinn Iompair) do na tionscadail seo.
Soláthraíonn na straitéisí iompair do cheantar cathrach atá i bhfeidhm anois do Bhaile Átha Cliath, Corcaigh, Gaillimh, Luimneach agus Port Láirge an bonn pleanála straitéisí le haghaidh gach tionscadal iarnróid uirbigh, agus i gcás Bhaile Átha Cliath, an bonn reachtúil d’fhorbairt tionscadal aonair a bhaineann le hiarnród. Is í Straitéis Iompair do Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath 2022-2042 an straitéis iompair reachtúil don réigiún, lena ndéantar foráil do chur i bhfeidhm thionscadal MetroLink, lena n-áirítear forbairt deiridh dhá líne dhéag, nua nó sínte do Luas i réigiún Bhaile Átha Cliath.
I gcás Chorcaí, leagann Straitéis Iompair Ceantar Cathrach Chorcaí amach an rún líne iarnróid éadroim a sheachadadh ó Bhaile an Chollaigh siar ón gcathair go Machain san oirthear. I nGaillimh, rinneadh staidéar indéantachta maidir le féidearthacht líne Luas a chur tríd an gcathair, agus tá sé beartaithe an staidéar indéantachta sin a chur san áireamh sa chéad nuashonrú eile ar Straitéis Iompair na Gaillimhe, atá beartaithe ag an ÚNI a dhéanamh go luath.
Maidir le MetroLink, cuirtear fáilte roimh cheadú na scéime ag an gCoimisiún Pleanála ag tús na míosa seo caite agus roimh an tiomantas láidir atá tugtha ag an Rialtas don scéim a sheachadadh, go háirithe faoin Athbhreithniú ar an bPlean Forbartha Náisiúnta a foilsíodh cúpla mí ó shin. Cé go bhfuil méid ollmhór oibre le déanamh fós, tugann an ceadú seo deis don tionscadal dul ar aghaidh go dtí na céimeanna soláthair agus an chéim thógála.
Sin a chuireann deireadh le mo chuid nótaí tosaigh, agus cuirim fáilte roimh aon cheisteanna atá ag comhaltaí an Choiste.“
Dúirt Hugh Creegan, Príomhfheidhmeannach Eatramhach Údarás Náisiúnta Iompair na hÉireann.