Seolann an tAire Calleary agus ÚNI an Chéad Scéim phíolótach Iompair Chliste a fhreagraíonn don éileamh in Acaill

Seirbhís atá beartaithe le tosú in Acaill an 15 Iúil 2025

14 July 2025

D’fhógair an tAire Dara Calleary inniu, in éineacht leis an Údarás Náisiúnta Iompair (ÚNI), seoladh na chéad scéime píolóta ioConnecting Ireland Logo (300x154)mpair chliste a fhreagraíonn don éileamh (IFÉ) in Éirinn, seirbhís atá beartaithe le tosú in Acaill an 15 Iúil 2025.

Is é is aidhm don tionscnamh píolótach seo, atá mar chuid de Phlean Soghluaisteachta Tuaithe Éire a Nascadh ÚNI, an chaoi a ndéanann pobail tuaithe iompar poiblí a rochtain a athrú ó bhonn trí sheirbhís sholúbtha, atá bunaithe ar aip a chur ar fáil atá curtha in oiriúint do riachtanais áitiúla.


Conas a úsáid- Aip TFI Anseo

Déanfaidh scéim phíolótach Acla seirbhís sholúbtha iompair phoiblí arna cumasú leis an teicneolaíocht a sholáthar, atá ceaptha chun roghanna iompair phoiblí iontaofa níos minice a chur ar fáil ionas go mbeadh níos mó roghanna taistil ar fáil don phobal áitiúil.

Trí aip ‘TFI Anseo’ a úsáid, beidh paisinéirí in ann aistir feithicle ar éileamh a chur in áirithe go héasca—lena dtugtar le chéile áisiúlacht na comhroinnte síbe nua-aimseartha agus iontaofacht agus inacmhainneacht an iompair phoiblí.

TFI-Anseo-Decal-FA


Tá scéim phíolótach IFÉ Cliste faoi threoir chóras bainistithe iompair atá comhtháite go hiomlán

Murab ionann agus seirbhísí traidisiúnta ar bhealaí seasta, ligeann an tsamhail IFÉ Cliste seo do phaisinéirí iarraidh go mbailítear nó go bhfágtar iad áit ar bith sa cheantar, rud a chuireann solúbthacht agus inrochtaineacht níos fearr ar fáil.

Tá scéim phíolótach IFÉ Cliste faoi threoir chóras bainistithe iompair atá comhtháite go hiomlán . Mar aon leis an aip paisinéara, cuimsítear leis an gcóras réiteach, suíomh gréasán d’áirithintí, aip tiománaí, tacaíocht ionaid teagmhála, deaiseanna oibritheora, teicneolaíocht bealaí chliste, ionsamhlúcháin iompair, agus bogearraí mar sheirbhís ó cheann go ceann agus seirbhísí comhairleacha.

Oibreoidh Nasc Áitiúil Mhaigh Eo an tseirbhís le feithiclí TFI Anseo brandáilte go soiléir. Cuirfear an tseirbhís ar fáil seacht lá sa tseachtain ó cheann ceann na bliana, agus cuirfear nasc iompair ríthábhachtach ar fáil do chónaitheoirí i gceantair ina bhfuil roghanna teoranta iompair, mar aon le seirbhís níos minice ar mhaithe le háisiúlacht níos fearr.

Beidh na táillí bunaithe ar fhaid slí

Chomh maith le tairbhí maidir le spriocanna aeráide agus maidir leis an líon aistear carr a laghdú, is é is aidhm do scéimeanna píolótacha IFÉ nascacht an chéad mhíle agus an mhíle dheireanaigh a fheabhsú trí naisc inacmhainne áisiúla a chur ar fáil do líonraí iompair níos leithne. Tacaíonn sí freisin leis an gcothromas sóisialta trí sheirbhísí iompair faoi stiúir an phobail a sholáthar agus laghdaíonn sí an t-aonrú sóisialta.

Beidh na táillí bunaithe ar fhaid slí, agus cosnóidh an chuid is mó turas €3 nó níos lú, rud a chinnteoidh go mbeidh an tseirbhís fós inacmhainne do gach úsáideoir.

Dúirt an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary:

“Is cúis mhór áthais dom é a bheith in Acaill ar maidin leis an tionscnamh spreagúil seo a sheoladh. Tá sé tábhachtach go dtugaimid aird ar na riachtanais uathúla ar leith atá ag daoine a mhaireann faoin tuath in Éirinn agus is freagra saincheaptha é seo ina leith sin.

“Tá an Rialtas tiomanta dul chun cinn a dhéanamh maidir le hÉirinn faoin tuath a nascadh tríd an bPlean Soghluaisteachta Tuaithe, agus ba mhaith liom moladh a thabhairt do mo chomhghleacaí, an tAire Iompair Darragh O’Brien, as an obair atá ar bun aige air seo, i gcomhar leis an Údarás Náisiúnta Iompair. Is sampla de seo píolótú an ardáin comhroinnte síob, a chuirfidh feabhas ar nascacht tuaithe.

“Tá sé de chumas ag IFÉ Cliste lorg láidir a fhágáil ar phobail tuaithe, go háirithe orthu siúd a chónaíonn i gceantair níos iargúlta, agus táim ag tnúth le gach tacaíocht a thabhairt don tionscadal seo de réir mar a chuirtear i bhfeidhm ar bhonn céimneach é i Maigh Eo agus níos faide i gcéin.”

Dúirt Dominic Hannigan, Ceann um Rialáil Iompair ÚNI:Garsprioc thábhachtach is ea an scéim phíolótach seo maidir le spriocanna Phlean Soghluaisteachta Tuaithe Éire a Nascadh a bhaint amach.

“Trí sheirbhísí cliste bunaithe ar aip a fhreagraíonn don éileamh a thabhairt isteach, tá an t-iompar poiblí á dhéanamh níos ionchuimsithí, níos inrochtana agus níos oiriúnaithe againn do riachtanais na bpobal tuaithe.

“Is é is aidhm don chur chuige nuálach seo, an chéad cheann dá leithéid in Éirinn, an bhearna soghluaisteachta tuaithe a shárú, an spleáchas ar charranna príobháideacha a laghdú agus roghanna taistil níos inbhuanaithe a chur chun cinn in Acaill agus níos faide i gcéin.

Dúir Sarah Togher, Bainisteoir Ginearálta Nasc Áitiúil Mhaigh Eo: “Tá lúcháir orainn a bheith inár bpáirtí leis an Údarás Náisiúnta Iompair ar an tionscnamh píolótach TFI Anseo, lena léirítear ár dtiomantas leanúnach don eisiamh sóisialta tuaithe a chomhrac trí réitigh nuálacha inrochtana iompair. Is ábhar bróid í an gharsprioc do Nasc Áitiúil TFI Mhaigh Eo a bheith roghnaithe mar an gcéad cheantar tuaithe chun an tseirbhís seo faoi thionchar teicneolaíoch a reáchtáil ar bhonn píolótach, agus táimid muiníneach go ndéanfar difear dáiríre marthanach leis don tsoghluaisteacht agus don nascacht do mhuintir Acla.”

Is cúis áthais do Via tacú le ÚNI mar an soláthróir teicneolaíochta chun an chéad scéim phíolótach IFÉ Cliste in Éireann a sholáthar, agus muid ag cabhrú le nascacht laethúil mhuintir Acla a fheabhsú.a dúirt Sam Griffiths, Ceann Comhpháirtíochtaí Eorpacha ag Via, an cuideachta teicneolaíochta iompair a stiúrann TFI Anseo: “Trí iompar poiblí níos inrochtana agus níos solúbtha a chumasú, is céim thábhachtach i dtreo soghluaisteacht tuaithe a neartú in Éirinn í an tseirbhís seo — lena gcinnteofar go nascfar cónaitheoirí ar bhealach níos fearr leis na deiseanna áitiúla is tábhachtaí.”

 

Le haghaidh tuilleadh eolais

Leanfaidh an scéim phíolótach in Acaill ar feadh 12 mhí ar dtús. Molann ÚNI do chónaitheoirí triail a bhaint as an tseirbhís le linn na céime píolótaí agus aiseolas a thabhairt chun cuidiú le todhchaí na soghluaisteacha tuaithe a mhúnlú.

Le haghaidh tuilleadh eolais faoin scéim phíolótach agus faoin gcaoi aip TFI Anseo a úsáid, tabhair cuairt ar: www.transportforireland.ie

Tá an treoirthionscadal seo á mhaoiniú faoi chiste an Rialtais um Ghníomhnú ar son na hAeráide, trína dtacaítear le réitigh nuálacha iompair a chuidíonn le spriocanna aeráide na hÉireann a shroicheadh. Tá sé beartaithe treoir-réimsi eile a sheoladh go luath mar chuid den leathnú atá á dhéanamh ar chlár IFÉ Cliste i gcónaí.