Tá daoine cumasacha díograiseacha á lorg againn chun a bheith mar bhaill dár bhfoireann de dhaoine gairmiúla tiomanta, agus an méid atá i ndán d’iompar poiblí na hÉireann amach anseo á chur chun cinn agus á seachadadh acu.
Is eagraíocht a bhfuil luas léi, í síorathraitheach, atá ag dul i méid í an tÚdarás Náisiúnta Iompair. Táimid páirteach faoi láthair i gcur chun feidhme roinnt tionscadal móra lena n-airítear an Clár BusConnects, MetroLink, DART+, seirbhísí iompar poiblí nua, chomh maith le teicneolaíocht a thacaíonn le Cárta Leap, Eolas Fíor-ama do Phaisinéirí agus an t-athrú chuig íocaíochtaí gan airgead tirim le haghaidh seirbhísí.
Is eagraíocht uileghabhálach í an ÚNI a chuireann réimse leathan sochar fostaíochta ar fáil, mar shampla beartais a thugann tacaíocht don fhoireann maidir le cothromaíocht oibre agus saoil. Táimid ag earcú daoine cumasacha, tiomanta agus díograiseacha do na poist seo a leanas:
- Bainisteoir Airgeadais – Ciste
- Clárbhainisteoir Naisc Áitiúil
- Bainisteoir Tionscadail
- Anailísí Sinsearach um Rialáil Iompair Phoiblí
- Feidhmeannach Sinsearach AD
- Innealtóir Tacaíochta Conarthaí
- Oifigeach Feidhmiúcháin um Cheadúnú Bus
Tá obair dhúshlánach ach tairbheach roimh iarrthóirí rathúla, chomh maith le traenáil den scoth agus deiseanna forbartha.
Chun na leabhráin a íoslódáil, lena n-áirítear foirmeacha iarratais, agus chun tuilleadh a fhoghlaim faoinár sochair fostaíochta, téigh go dtí ár suíomh gréasáin : Gairmeacha – an tÚdarás Náisiúnta Iompair .
Dáta deiridh chun iarratais a fháil: 12pm Dé hAoine an 11 Iúil 2025.