Bhain clár Slite Sábháilte chun na Scoile (SRTS) garsprioc thábhachtach amach i 2024.Tá breis agus 400 scoil ag glacadh páirte go gníomhach sna hiarrachtaí chun siúil nó rothaíochta (ag úsaid rothar, scútar, nó cathaoir rothaí) chun na scoile. Tá na hiarrachtaí seo ag déanamh an taisteal níos sábháilte agus níos inrochtana do leanaí ar fud na hÉireann.
Tuarascáil Bhliantúil Slite Sábháilte chun na Scoile 2024
Léiríonn an tuarascáil 2024, gur féidir a fheiceáil anseo
Tá an clár, atá maoinithe ag an Roinn Iompair trí Údarás Náisiúnta Iompair (ÚNI), á chomhordú ag Foireann Oideachais agus Gníomhú Phobail de chuid An Taisce agus á chur i bhfeidhm i gcomhpháirt le gach ceann de na 31 údaráis áitiúla.
Príomhbhuaicphointí Thuarascáil Bhliantúil 2024
I measc príomhbhuaicphointí Thuarascáil Bhliantúil 2024, a foilsíodh an tseachtain seo:
- Tá 412 scoileanna gníomhach sa chlár SRTS faoi láithir, agus tá an údaráis áitiúla ar fud na hÉireann tar éis feabhsuithe bonneagair a chur i gcrích i 50 scoileanna sa bhlian 2024 amháin – féach ar an bhfíseán ‘roimh agus tar éis’ chun roinnt athruithe suntasacha a fheiceáil :
- Thánaig 141 scoileanna chun an chláir gníomhach seo mar chuid den Tríú Babhta, lena n-áirítear 67 scoileanna suite ar bhóithre tuaithe ar luasghéar níos airde, rud a léiríonn leathnú suntasach amach i gceantair tuaithe.
- Tá áiseanna páirceála do rothar agus do scútar curtha ar fáil do 826 scoileanna, agus os cionn 10,700 spás rothaíochta agus 5,328 spás scútair curtha ar fáil go dtí seo.
- Reachtaíodh 64 cruinnithe le páirtithe leasmhara i 2024, rud a léiríonn comhoibriú láidir idir scoileanna, an údaráis áitiúla, agus an fhoireann SRTS.
Tá fíorthionchar ag an gclár seo i saol an duine
Tá fíorthionchar ag an gclár seo i saol an duine, dár le suirbhéanna iar-ghnímh:
- Ardú 36% ar rothaíocht, ardú 6% ar shiúlóid, agus laghdú 17% ar úsáid charranna.
- Fecitear dúinn le Páirceáil agus Siúl, feachtas a úsáideann spásanna páirceála chairr atá gar don scoil a ligeann do dhaoine siúl píosa chun na scoile, méadú 49%. Léiríonn sé seo glacadh láidir leis an dtionscnamh seo nach bhfuil ardchostasach ach a thugann leis ardthionchar.
- Feabhsuithe ar chaighdeán aeir: bhí leibhéal PM5 (a bhfuil mar chomhartha soléir de truailliú de dhéantús an duine) 1.5 uaire níos ísle le linn uaireanta oibre na Sráide Scoile, chuireann sé seo in iúl na leasanna comhshaoil a bhaineann le laghdú tráchta.
Tá sé beartaithe go leathnóidh clár Slite Sábháilte chun na Scoile ar aghaidh i 2025
Léiríonn an tuarascáil 2024, gur féidir a fheiceáil anseo, agus an físeán a bhaineann leis, réimse bonneagair nuálach mar Cheantar Scoile, Sráideanna Scoile agus nascanna trasnaitheacht, chomh maith le hiarrachtaí cruthaitheacha comhfhorbairt áite faoi stiúir daltaí agus pobal scoile.
Le tacaíocht leanúnach ón Roinn Iompair, ón Údarás Náisiúnta Iompair, ó Fhoireann Oideachais agus Gníomhú Phobail de chuid An Taisce agus ón údaráis áitiúla, tá sé beartaithe go leathnóidh clár Slite Sábháilte chun na Scoile ar aghaidh i 2025, ag leanúint go buan le cuspóir na turasanna scoile a dhéanamh níos sábháilte, níos sláintiúla, agus níos taitneamhaí do pháistí agus do dhaoine óga ar fud na hÉireann.