Tar éis don Ghníomhaireacht Forbartha Talún (GFT) talamh a fháil le déanaí, tá an tÚdarás Náisiúnta Iompair (ÚNI) i gceannas ar thionscadal chun inrochtaineacht agus sábháilteacht Stáisiún Dart Chluain Ghrífín a fheabhsú. Mar chuid de na feabhsaithe, cuirfear ardaitheoir nua ar thaobh thoir an stáisiúin in aice le Baile Dúill in áit an ardaitheora atá ann cheana féin, chomh maith le feabhsaithe ar an áit atá thart timpeall air.
Cur isteach ar Sheirbhís Ardaitheora ar an taobh thoir in aice le Baile Dúill
Beidh an t-ardaitheoir ar an taobh thoir in aice le Baile Dúill as seirbhís ón 2 Deireadh Fómhair 2025 agus meastar go mbeidh sé ar ais i seirbhís ar an 15 Nollaig 2025. Le linn an ama seo, fanfaidh na staighrí ar oscailt le gur féidir feidhm a bhaint astu.
Tuigimid go bhféadfadh sé seo a bheith ina chúis le míchaoithiúlacht agus gabhaimid buíochas leat as a bheith foighneach linn agus muid ag obair chun eispéireas stáisiúin atá níos sábháilte agus níos iontaofa a sholáthar.
An Fáth A Bhfuil Na hOibreacha seo Tábhachtach
Tá na huasghrádaithe seo riachtanach chun:
- Feabhas a chur ar shábháilteacht agus ar iontaofacht seirbhísí ardaitheora
- Rochtain gan uaim a chinntiú trasna na líne iarnróid chuig áiseanna ar an taobh thiar
- Feabhas a chur ar léargas agus ar shlándáil i limistéar an stáisiúin
Príomhbhuntáistí ag Teacht Go Luath
- Seirbhís ardaitheora níos sábháilte agus níos iontaofa
- Rochtain ar an stáisiún 24/7
- Córas monatóireachta Teilifís Ciorcaid Iata (TCI) nua
- Baint fásra atá rófhásta
- Geata cúng agus fál a bhaint
- Soilsiú uasghrádaithe