Tuarascáil Chomhairliúchán Phoiblí maidir le Seirbhís Bus Leitir Ceanainn

Seirbhís bus uirbeach áitiúil i Leitir Ceanainn chun feidhmiú laistigh den bhaile suas le 17 n-uair an chloig in aghaidh an lae, 7 lá sa tseachtain

Seirbhís Bus Leitir Ceanainn i bPlean Leitir Ceanainn agus i bPlean Iompair Áitiúil 2023-2029

Tá sé beartaithe ag an Údarás Náisiúnta Iompair (ÚNI) seirbhís bus uirbeach áitiúil a chur ar fáil i Leitir Ceanainn chun feidhmiú laistigh den bhaile suas le 17 n-uair an chloig in aghaidh an lae, 7 lá sa tseachtain, ag teacht le cuspóirí agus polasaithe maidir le feabhas a chur ar an ngréasán iompair phoiblí do Leitir Ceanainn, mar a leagtar amach i bPlean Leitir Ceanainn agus i bPlean Iompair Áitiúil 2023-2029.

Tá sé beartaithe ag ÚNI dhá bhealach nua a thabhairt isteach. Beidh bus ann gach leathuair an chloig sa dá threo, ar an dá bhealach, ag tosú go moch ar maidin agus ag dul ar aghaidh go déanach san oíche.

Taispeántar thíos léarscáil de na bealaí agus de na stadanna atá beartaithe sa doiciméad maidir le Tuarascáil Chomhairliúchán Leitir Ceanainn atá i gceangal leis seo.

Mairfidh turas go lár an bhaile thart ar 15 nóiméad agus beidh os cionn 80% de phobal an bhaile faoi fhad siúil de stad, agus beidh níos mó ná 60% acu laistigh de níos lú ná 400 méadar. Beidh na bealaí ag forluí ar a chéile ar stráice comhroinnte idir an t-ospidéal, ATU, stáisiún bus, lár an bhaile agus Skittle Alley, lena gcuirfear minicíocht dúbailte seirbhíse ar fáil feadh na conaire seo a mbíonn éileamh níos airde uirthi agus an deis ag daoine aistriú idir an dá bhealach.

Busanna glana, urláir ísle, lán-inrochtana, ardtoilleadh, aon urláir

Beidh na seirbhísí á bhfeidhmiú ag busanna glana, urláir ísle, lán-inrochtana, ardtoilleadh, aon urláir. Beidh feidhm ag struchtúr táillí simplí atá ailínithe leis an Straitéis Náisiúnta maidir le Táillí, i gcomhréir le líonraí bus an bhaile PSO eile (faoi láthair, is táille chomhréidh chaighdeánach €2 é do dhaoine fásta a íocann le hairgead tirim nó €1.50 do dhaoine fásta a úsáideann cárta Leap Transport for Ireland (TFI)). Íocfaidh gach paisinéir faoi bhun 26 bliana d’aois agus leanaí leathphraghas agus aithneofar pasanna saorthaistil ar an tseirbhís nua.

Cuirfear stadanna bus nua atá lán-inrochtana ar fáil ina dtaispeántar amchláir, léaráidí na mbealaí agus eolas úsáideach eile faoin tseirbhís.

Tá líonraí bus uirbeach curtha ar fáil ag an Údarás i mbailte atá ar aon mhéid agus éagsúlacht do Leitir Ceanainn in áiteanna eile sa Tír. Is maith an fhreagairt atá faighte ó chónaitheoirí na mbailte seo, agus tá na seirbhísí ag dul i méid ó thaobh úsáideachta agus éilimh de araon.

Tar éis comhairliúchán poiblí

Agus an comhairliúchán poiblí seo curtha i gcrích, rachaidh ÚNI i dteagmháil anois le Comhairle Contae Dhún na nGall chun suíomhanna, dearadh agus suiteáil stadanna a chomhaontú. Tá súil againn go mbeidh an tseirbhís i bhfeidhm faoi dheireadh 2026.

Íoslódáil