Céim a Dó de BusConnects – Tagann Dromlach C i mBun Oibre

29 November 2021

Mar thoradh ar thabhairt isteach sheirbhís nua Dhromlach C, méadófar minicíocht, acmhainn agus rochtain ar an taobh thiar agus an taobh thoir de lár na cathrach.

Ag obair dó i gcomhar le Bus Átha Cliath agus le Go-Ahead Ireland, sheol an tÚdarás Náisiúnta Iompair an dara céim de ghréasán nua BusConnects do Bhaile Átha Cliath inniu. Tiocfaidh “Dromlach C” i mbun oibre an 28 Samhain agus freastalóidh sé ar phobail Mhaigh Nuad, Chill Droichid, Léim an Bhradáin, Leamhcáin, Bhaile Adaim, Ghleann na Life agus Bhaile Phámar go Lár na Cathrach agus go dtí an Rinn agus go Dumhach Thrá.

Leis an gcéim seo, soláthrófar seirbhísí feabhsaithe bus, dromlaigh ardmhinicíochta agus bealaí áitiúla agus gathacha nua. Is í seo an dara céim de chur chun feidhme ghréasán nua BusConnects agus tagann sí sna sála ar chur i bhfeidhm rathúil Dhromlach H i mí an Mheithimh. Is leis na gnéithe gréasán bus den chlár, agus ní leis na tograí bonneagair, a bhaineann fógra an lae inniu.

Is é a bheidh i gceist le Dromlach C ná go dtabharfar Bealaí C1, C2, C3 agus C4 isteach. Beidh na bealaí sin ar phríomhspreagthaí an ghréasáin nua toisc go ndéanfaidh siad seirbhísí gasta minice a sholáthar go lár na cathrach. Oibreoidh Bealaí C1 agus C2 24 huaire sa lá, agus athróidh Bealaí C3 agus C4 go Bealaí C5 agus C6 le haghaidh seirbhísí oíche. Oibreoidh na bealaí sin trí phatrún atá cosúil le Bealaí C3 agus C4, cé go rachaidh siad trí Shéipéal Iosóid.

Oibreoidh bealaí nua eile lasmuigh de na dromlaigh lárnacha. Beidh na bealaí sin ina mbealaí gathacha, a leanfaidh bealach níos indírí go lár na cathrach, agus ina gcuarbhealaí, a nascfaidh réigiúin lasmuigh de lár na cathrach. Is é Bus Átha Cliath a oibreoidh na seirbhísí a sholáthrófar i gCéim 2, cé is moite de Bhealaí L51 agus L52, a n-oibreoidh Go-Ahead Ireland iad.

Cuirfear na céimeanna eile den ghréasán i bhfeidhm de réir a chéile sna blianta atá le teacht. Tá an chéim d’Iardheisceart na cathrach trí Dhromlach G (Bóthar Bhaile Formaid) le seoladh i mí an Mheithimh 2022.

Tá liosta iomlán de na hathruithe bealaigh ar fáil anseo.

Dúirt Eamon Ryan TD, an tAire Iompair:

Garsprioc eile do thionscadal BusConnects is ea seoladh an lae inniu. I mí an Mheithimh, cuireadh Dromlach H i bhfeidhm. Tá sé á chruthú go bhfuil ag éirí leis ó thaobh minicíochta, iontaofachta agus úsáide de agus creidim go mbeidh feabhsuithe den chineál céanna ag gabháil le Dromlach C.

Nascfaidh an bealach seo mo dháilcheantar féin chuig an gcathair, an lár agus Baile Átha Cliath Thiar agus chuig áiteanna níos faide anonn, agus slí éasca, inrochtana agus níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol chun dul chun na hoibre, chun na scoile nó ag siopadóireacht á soláthar aige.

Ní hé amháin go soláthraíonn Dromlach C minicíocht mhéadaithe do na pobail feadh a bhealaigh, ach soláthraíonn sé seirbhís oíche a thairgeann naisc bhus 24 huaire an chloig do chomaitéirí freisin. Cuirfidh sé sin ar chumas a lán comaitéirí brath ar iompar poiblí le haghaidh a riachtanas uile agus laghdóidh sé tuilleadh an gá le carranna ar ár mbóithre.

Dúirt Anne Graham, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin an Údaráis Náisiúnta Iompair:

“Baineann fógra an lae inniu leis an dara céim de BusConnects, a thagann sna sála ar chur i bhfeidhm an-rathúil Dhromlach H i mBaile Átha Cliath thiar thuaidh i mí an Mheithimh.

Tá sé mar phríomhfhócas ag BusConnects feabhas a chur ar sheirbhísí bus, ach féachann sé freisin le daoine a nascadh chuig an oiread áiteanna agus is féidir sa chontae agus sa limistéar máguaird. Mar chuid d’athdhearadh an ghréasáin, chuamar i dteagmháil leis na mílte móra daoine den phobal ar fud na cathrach agus an réigiúin. Tá daoine den phobal á insint dúinn cad ba mhaith leo a fheiceáil sa ghréasán nua agus ghníomhaíomar de bhun an ionchuir sin.

Is é atá i seoladh an lae inniu ná céim bhreise ar aghaidh i seirbhís éifeachtach éifeachtúil bus a sholáthar do réigiún cathrach Bhaile Átha Cliath. Tá cuma ag teacht ar an ngréasán agus táimid muiníneach go mbeidh seoladh an lae inniu chomh rathúil is a bhí seoladh Dhromlach H.”

Dúirt Ray Coyne, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Bhus Átha Cliath:

“Is é atá i seoladh Dhromlach C ná dea-scéala do chustaiméirí Bhus Átha Cliath ar fud Bhaile Átha Cliath Thiar agus Chill Dara Thuaidh a mbeidh rochtain acu ar sheirbhísí méadaithe ag an deireadh seachtaine agus sa tráthnóna agus ar acmhainn agus minicíocht mhéadaithe ar sheirbhísí Dhromlach C.

Tá an-áthas orm freisin go mbeidh dhá sheirbhís nua 24 huaire an chloig á dtabhairt isteach ag Bus Átha Cliath agus ag an Údarás Náisiúnta Iompair le linn na céime seo d’athdhearadh an ghréasáin. Ní mór dár seirbhísí bus a bheith ag freastal ar riachtanais athraitheacha na gcustaiméirí, agus soláthraíonn na hathruithe seo an t-ardlíon tairbhí a ghabhann leis an iompar poiblí do níos mó daoine agus gnóthas fós i mBaile Átha Cliath agus i gCill Dara.

Mar thoradh ar ghréasán nua BusConnects, cabhrófar linn an fás in úsáid an iompair phoiblí a mhéadú, dul i ngleic leis an athrú aeráide agus an plódú a mhaolú trí sheirbhísí Bhus Átha Cliath a dhéanamh ina rogha níos fearr, níos tapa agus níos iontaofa agus geilleagar na cathrach a neartú de réir mar a fhéachaimid le téarnamh ón bpaindéim.”

Dúirt Andrew Edwards, Stiúrthóir Bainistíochta Go-Ahead Ireland:

D’éirigh go geal le seoladh Dhromlach H, agus tá ríméad orainn a bheith ag obair i gcomhar lenár gcomhpháirtithe sa Roinn Iompair, san Údarás Náisiúnta Iompair agus i mBus Átha Cliath ar Chéim 2 de Ghréasán Nua BusConnects trí sheoladh Dhromlach C inniu.

Mar thoradh ar thabhairt isteach bhealaí L51 agus L52, beidh feabhas suntasach ann ar sheirbhísí bus do Bhaile Adaim, agus táimid tiomanta do roghanna tapa éifeachtúla iompair a sholáthar do na pobail a bhfreastalaímid orthu.

Má táimid chun dul i ngleic leis an ngéarchéim aeráide agus le fadhbanna plódaithe ar fud na cathrach, tá sé ríthábhachtach go spreagfaimis daoine chun úsáid a bhaint as iompar poiblí. Cabhróidh an gréasán nua leis an obair sin. Táimid ag súil leis na bealaí nua sin a oibriú agus leis an gcéad chéim eile den chur chun feidhme.